Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Uaireanta oibre > Obair oíche

Print Page Send to a Friend

Obair oíche

Eolas

Is faoin Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 a rialaítear uaireanta oibre oibrithe oíche in Éirinn. Tá sé tábhachtach go dtuigfí go soiléir cad is brí le hobair oíche agus le hoibrí oíche. Is éard is brí le hobair oíche ná aon obair a dhéantar idir meán oíche agus 7.00 ar maidin. Is ionann oibrí oíche agus oibrí a oibríonn ar feadh 3 uaire idir meán oíche agus 7.00 ar maidin de ghnáth, agus gur san oíche a oibríonn sé/sí leath dá (h)uaireanta oibre i rith na bliana.

Uaireanta oibre oibrithe oíche

De ghnáth is é 48 uair an chloig an seachtain oibre uasta ar an meán. Ní cóir go n-oibreodh oibrí oíche ar feadh tréimhse níos faide ná 8 n-uaire ar an meán i dtréimhse 24 uair an chloig. Déantar an meán a áireamh thar tréimhse 2 mhí nó thar tréimhse níos faide más cuid de chomhaontú comhchoiteann é.

Ní féidir leis na huaireanta oibre a bheith níos faide ná 8 n-uaire in aon tréimhse 24 uair an chloig má bhaineann guaiseacha faoi leith nó strus fisiceach nó intinne leis an obair. Ní mór don fhostóir measúnú riosca a dhéanamh le fáil amach an mbaineann guaiseacha faoi leith nó strus fisiceach nó intinne leis an obair oíche.

Ní chlúdaíonn an tAcht um Eagrú Ama Oibre na rátaí pá ná saoire d'oibrithe oíche. Braitheann siad sin ar chonradh fostaíochta an oibrí oíche.

De ghnáth ní cheadaíonn an dlí maidir le huaireanta oibre daoine óga go ndéanfadh daoine óga obair oíche.

Sláinte agus sábháilteacht

Tá cur síos i gCuid 6 de na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007 (pdf) ar na céimeanna a chaithfidh fostóir a ghlacadh chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe oíche a chosaint. Ba chóir don fhostóir measúnú a chur ar fáil sula bhfostaítear duine mar oibrí oíche faoi cibé tionchar, más ann dó, a bheadh ag obair oíche ar shláinte an té sin agus a leithéid de mheasúnú a chur ar fáil ag tréimhsí rialta fad is atá an té sin ina oibrí oíche. Ní mór an measúnú seo a chur ar fáil saor in aisce don fhostaí. Nó má tá an fostaí i dteideal go ndéanfadh an Stát an measúnú seo saor in aisce, ba chóir don fhostóir socruithe a dhéanamh chun go mbeidh an fostaí in ann an teidlíocht seo a fháil.

Má tharlaíonn sé go mbíonn oibrí oíche breoite de bharr obair oíche, ba chóir don fhostóir, más féidir é ar chor ar bith, obair a thabhairt don fhostaí sin a oireann dó nó di agus nach gá a dhéanamh san oíche.

Má tá fostaí ag iompar clainne, agus más obair oíche an ceathrú cuid dá huaireanta oibre, féadfaidh sí díolúine a fhail ón obair oíche a dhéanamh má thugann dochtúir teastas di ag rá go bhféadfadh tionchar a bheith ag an obair sin ar shláinte agus ar shábháilteacht na máthar agus an linbh. Murar féidir aon obair eile a thabhairt di féadfar saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt di. Tá feidhm leis seo freisin suas le tréimhse 14 sheachtaine i ndiaidh bhreith a linbh.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir díospóidí faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 nó faoi na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais a chur laistigh de 6 mhí ón am a tharla an díospóid agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit má bhí fáth réasúnta ann gan an gearán a dhéanamh le linn na chéad 6 mhí.

bileog mhíniúcháin faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 (pdf) ann. Is féidir tuilleadh eolais faoi obair oíche agus faoi chearta fostaíochta a fháil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seachtain oibre
    Tá na huaireanta uasta oibre le haghaidh formhór fostaithe leagtha síos san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
  • Tréimhsí sosa agus sosanna
    Tá fostaithe i dteideal sosanna le linn oibre agus sos idir tréimhse oibre.
  • Uaireanta oibre do dhaoine óga
    Tá na huaireanta oibre do dhaoine óg rialaithe ag reachtaíocht a leagann síos téarma íosaoise maidir le uaireanta uasoibre agus tréimhsí sosa.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.