Ciallaíonn tabhairt isteach na Rialachán um Eagrú Ama Oibre (Taifid) (Foirm Cheaptha agus Díolúintí) 2001 go bhfuil ar fhostóirí taifid mhionsonraithe a choinneáil ar an am a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn obair, chomh maith leis na huaireanta a oibrítear gach lá agus gach seachtain agus an saoire a thugtar do fhostaithe. Is cuid den Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 í an reachtaíocht seo. Caithfidh an fostóír na taifid a choimeád ar feadh trí bhliain.
De réir na reachtaíochta ní mór do fhostóirí nach bhfuil modh leictreonach acu le uaireanta oibre fostaithe a thaifeadadh (mar shampla, córas clogála) foirm ar leith a gcuirtear OWT1 uirthi a líonadh isteach go laethúil agus go seachtainiúil. Ní mór do fhostóirí chomh maith cóip a choinneáil den ráiteas curtha ar fáil do gach fostaí faoin Acht um Théarmaí Fostaíochta (Eolas) 1994 go 2001. Faoin reachtaíocht tabharfar díolúine (faoi choinníollacha áirithe) do fhostóirí maidir le sosanna agus tréimhse scíthe fostaithe a thaifeadadh, faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997.
Tá fostóirí a dteipeann orthu taifid a choinneáil faoi na Rialacha seo ciontach i gcion agus beidh dliteanas orthu ag ciontú achomair fíneáil nach sáraíonn €1,900 a íoc.
Ní mór an t-eolas seo a leanas a bheith sna taifid a choinnítear:
Ní mór go ndéanfaí na taifid coinnithe ag fostóir a chur ar fáil i bhfoirm ar féidir le cigire iad a thuiscint go héasca.
Sa chás nach bhfuil modh leictreonach ar fáil chun na huaireanta a oibríonn fostaithe a thaifeadadh (mar shampla, córas clogála) ní mór don fhostóir Foirm OWT1 nó foirm an-chosúil léi a úsáid chun na laethanta agus na huaireanta a oibrítear gach seachtain a thaifeadadh.
I dteannta leis an oibleagáid seo, sa chás go n-aontaíonn an fostóir agus an fostaí é a dhéanamh, is féidir le fostaí Foirm OWT1 nó foirm an-chosúil léi a líonadh isteach gach seachtain agus an fhoirm líonta a chur faoi bhráid an fhostóra chun a chomhshíniú a fháil. Ní mór don fhostóir an fostóir an fhoirm líonta a choinneáil le haghaidh cigireachta. Ní mór go mbeadh an fhoirm ar fáil ag amanna réasúnta le go mbeadh cigire in ann iad a scrúdú.
Tá díolúine ag na fostóirí thíos luaite (faoi Mhír 25 (2) den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 maidir le sosanna a thaifeadadh:
Ní bheidh ar fhostóirí sosanna a thaifeadadh má ghéilleann siad do na coinníollacha seo a leanas:
Caithfidh iad seo a bheith ag do fhostóir:
Mura bhfuil tú in ann sos a thógáil i do phost, ní mór duit scríobh chuig do fhostóir (laistigh de sheachtain amháin) nach raibh tí in ann an sos seo a thógáil. Nuair a chuireann tú in iúl do d'fhostóir nach raibh tú in ann an sos a thógáil, ní mór don fhostóir an fáth nach raibh tú in ann na sos a thógáil a chur san áireamh chomh maith le haon ceisteanna sláinte a tháinig nó a d'fhéadfadh a theacht chun solais nó sábháilteachta maidir leat agus do phost. Caithfidh do fhostóir ligean duit a luaithe agus is féidir an sos a bhfuil i dteideal dó a thógáil. Mura dtógann tú an sos nuair a thairiscítear duit é, is ort atá an locht agus níl sé d'oibleagáid ar do fhostóir sos eile a thairiscint duit.
Tá fostóirí nach gcoinníonn taifid mar a leagtar amach sna Rialacha ciontach i gcion. Is é €1,900 uasmhéid na fíneála i gcás daoine a bheith ciontaithe mar nár choinnigh siad na taifid seo.
Íoschóipeáil cóip de na Rialacha mar aon leis an bhfoirm OWT1. (Líon isteach na taifid ar bhonn laethúil nó seachtainiúil agus coinnigh le haghaidh cigireachta). Tá tuilleadh eolais ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.