Timpistí nó gortuithe sa láthair oibre

Réamhrá

Má bhaineann timpiste duit agus tú i mbun oibre nó ar do bhealach chun na hoibre, caithfidh tú fáil amach céard ba cheart duit a dhéanamh. Ba chóir duit cabhair leighis a lorg más gá ón lia-chleachtóir ginearálta is áitiúla agat nó ón ospidéal. Ba cheart duit an tionóisc a thuairisciú chuig d’fhostóir. B’fhéidir go gcaithfeá ceadú ansin an bhfuil aon sochair nó teidlíochtaí ann dá bhféadfá bheith cáilithe agus tú as an obair, agus an méid a bheidh de dhíth ort chun filleadh ar an obair.

Is sna hAchtanna um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005(arna leasú) a leagtar amach na cearta agus na hoibleagáidí d’fhostóirí agus fostaithe araon, agus foráiltear iontu d’fhíneálacha agus pionóis as sáruithe den reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta. Is féidir leat a thuilleadh a léamh inár gcáipéis faoin tsláinte agus faoin tsláinte agus sábháilteacht ag an obair.

Tuairisciú tionóiscí

Ba chóir duit tionóisc a thuairisciú chuig d’fhostóir dá mba ar do bhealach chun na hoibre nó ag obair a bhí tú.

Caitheann fostóir tionóisc ar bith a thuairisciú don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta nuair a bhíonn fostaí as láthair ar feadh 3 lá oibre as a chéile (nach n-áirítear lá na tionóisce leis).

Saoire bhreoiteachta agus pá breoiteachta

Ba cheart duit ceadú an bhfuil teidlíocht agat ar shaoire bhreoiteachta le pá sna téarmaí agus coinníollacha le do chonradh fostaíochta. Ní bhíonn aon cheart ag fostaí go hiondúil faoi dhlí na fostaíochta chun pá a fháil agus iad ar shaoire bhreoiteachta.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Tá roinnt sochar ann dá bhféadfá bheith i dteideal agus tú as láthair le breoiteacht.

Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde

Is grúpa sochar atá sa Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde do dhaoine gortaithe nó éagumasaithe le tionóisc ag an obair nó ar thaisteal dóibh go díreach chuig nó ón obair.

Is íocaíocht sheachtainiúil atá sa Sochar Díobhála a dhéantar leatsa mura féidir leat dul ag an obair de bharr tionóisce ag an obair nó tionóisce agus tú ag taisteal (ar aistear neamhbhriste) go díreach chun na hoibre nó uaithi.

Is féidir leat costais leighis áirithe a éileamh faoin Scéim Cúraim Leighis nach n-íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ná nach gclúdaítear faoin Scéim Sochair Chóireála.

Is féidir Sochar Míthreorach a íoc leat má fhulaingíonn tú caillteanas d’acmhainn cholanda nó meabhrach mar thoradh ar thionóisc san obair, tionóisc ag taisteal go díreach chun na hoibre nó uaithi, nó galar forordaithe a tolgadh ag an obair.

Is féidir leat níos mó a fháil amach faoi na híocaíochtaí sin agus eile faoin scéim inár gcáipéis um an Scéim Sochair Dhíobhálacha Ceirde.

Íocaíochtaí eile

Féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí mura féidir leat obair toisc go bhfuil tú tinn nó breoite. Caithfidh tú bheith faoi bhun 66 bliain d'aois, bheith clúdaithe leis an aicme árachais shóisialaigh (ÁSPC) cheart agus coinníollacha ÁSPC a shásamh.

Mura mbíonn dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat, féadfaidh tú cáiliú don Liúntas Míchumais arb íocaíocht de réir tástála acmhainn í. Féadann tú cáiliú má bhaineann díobháil, aicíd nó míchumas colanda nó meabhrach duit atá tar éis leanúint ar aghaidh nó a bhfuiltear ag dúil go leanfaidh siad ar aghaidh ar feadh bliain amháin ar a laghad.

Mura gcáilíonn tú do Shochar Breoiteachta nó Liúntas Míchumais, féadfaidh tú bheith i dteideal an Bhunliúntais Leasa Fhorlíontaigh. Má fhill tú ar an obair is féidir leat an Bunliúntas Leasa Fhorlíontaigh a éileamh ar feadh chomh fada le 30 lá agus tú ag fanacht ar do phá.

ÁSPC agus cáin

Mura mbíonn tú ag obair b’fhéidir go gcáilíonn tú i gcomhair ranníocaíochta curtha chun sochair. Is ionann ranníocaíocht árachais shóisialaigh curtha chun sochair agus ranníocaíocht a thugtar duit agus a thaifeadtar ar do theist árachais shóisialaigh. Baineann tábhacht le ranníocaíochtaí creidmheasa toisc gur féidir leat leas a bhaint astu chun cuidiú leat chun cáiliú i gcomhair íocaíochta árachais shóisialaigh.

Féadfaidh tú aisíocaíocht cánach a fháil freisin má bhíonn tú as an obair de bharr breoiteachta. Braithfidh sé sin ar an achar ama a bhí tú dífhostaithe, méid na cánach a d’íoc tú, méid na gcreidmheasanna cánach as ar bhain tú leas agus méid d’íocaíochta leasa shóisialaigh sheachtainiúla.

Árachas dliteanas fostóra

B’fhéidir go bhfuair d’fhostóir clúdach árachais dliteanas fostóra. Cuireann an clúdach sin ar chumas na bhfostóirí chun costas an chúitimh a shásamh do dhíobhálacha nó breoiteacht a bhfostaithe, a tharlaíonn agus a gcuid fostaithe ag obair.

Éileamh chun díobháil phearsanta a ghnóthú

Ní féidir leat cúiteamh a lorg ó d’fhostóir faoin reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, ach is féidir leat éileamh chun díobháil phearsanta a ghnóthú trí Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta. Má dhiúltaíonn tú féin nó d'fhostóir do mheasúnú is amhlaidh a eiseoidh an Bord údarúchán duit ag ligean duit chun éileamh a thabhairt sna cúirteanna sibhialta.

Filleadh ar an obair

B’fhéidir go mbeadh beartas saoire bhreoiteachta agus filleadh ar an obair ag d’fhostóir chun tacú le filleadh sábháilte don fhostaí dár bhain breoiteacht nó díobháil. I dtéarmaí na fianaise leighis b'fhéidir go gcaithfeá freastal ar shaineolaí leighis d'fhostóra.

Má éiríonn tú míchumasaithe trí thionóisc nó breoiteacht éigin, d’fhéadfaí go gcaithfeá do láthair oibre a chur in oiriúint nó trealamh speisialta a fháil di chun is go bhfeidhmeoidh tú i do phost. Is féidir leat a thuilleadh a léamh inár gcáipéis faoin obair le míchumas.

Dífhostú: Má dhífhostaítear tú ó d’fhostaíocht agus tú ar shaoire bhreoiteachta dheimhnithe fhadtéarmach, is féidir leat éileamh a thabhairt faoi choinníollacha áirithe, chun éileamh a thabhairt ar dhífhostú éagórach i gcoinne d’fhostóra. Má mheastar do bhreoiteacht bheith ina míchumas faoin reachtaíocht don chomhionannas fostaíochta, is amhlaidh a chaithfí do chearta faoin reachtaíocht úd a thabhairt san áireamh freisin.

Tuilleadh eolais

Bíonn feidhmeanna sonrach ag An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais (CCO) i ndáil le forfheidhmiú na ndlíthe fostaíochta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus Custaiméirí an CCO i gcomhair eolais faoi do chearta fostaíochta.

Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a bhíonn freagrach as a chinntiú go dtugtar cosaint d’oibrithe (fostaithe agus féinfhostaithe) agus do dhaoine dá mbaineann gníomhaíocht oibre ó dhíobháil agus easláinte de bharr na hoibre. Soláthraíonn sé eolas d’fhostóirí, fostaithe agus daoine féinfhostaithe i leith na sláinte agus na sábháilteachta san ionad oibre.

Is eagras neamhspleách saorálach iad FLAC (Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce) a oibríonn líonra clinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Bíonn na clinicí seo rúnda, saor in aisce agus ar oscailt do chách. Má theastaíonn comhairle dlí uait, déan teagmháil leis an Ionad Eolais do Shaoránaigh is gaire duit i gcomhair eolais maidir le seirbhísí FLAC i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Meán Fómhair 2018