Is í an aidhm atá ag an gClár Oiliúna um Phas Sábháilte maidir le eolas Sláinte agus Sábháilteachta a chinntiú go bhfuil eolas bunúsach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag na hoibrithe ar fad ar shuímh fhoirgníochta. Is clár aon-lae é an Clár um Phas Sábháilte chun go mbeidh siad in ann obair a dhéanamh ar shuímh fhoirgníochta agus gan a bheith ina gcúis chontúirte dóibh féin ná do dhaoine eile a mbeadh tionchar ag a ngníomhartha orthu. Tá an Clár riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.
Tá dualgas dlíthiúil ar fhostóirí déanamh cinnte go bhfuil Pas Sábháilte ag gach fostaí ar shuímh fhoirgníochta. Mar sin, ní mór do fhostóirí a chinntiú go bhfuil a gcuid fostaithe go léir traenáilte i gceart. Tá an fhoráil seo maidir le hoiliúint don Phas Sábháilte leagtha síos i sceideal 6, IR 481 de 2001 (Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht) 2001).
Cloíonn an oiliúint feasachta sláinte agus sábháilteachta a chuirtear ar fáil faoin gClár Pas Shábháilte le forálacha an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005, na Rialacháin um Shábháilteacht, Shláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta), agus na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht) 2006 (pdf).
Tá sé mar aidhm ag an gclár um Phas Sábháilte:
Ní foláir d'oibrithe ar fad san earnáil fhoirgníochta in Éirinn, printisigh fhoirgníochta cláraithe faoin Scéim um Phrintíseach Reachtúil agus daoine faoi oiliúint atá ag déanamh traenála sa tionscal foirgníochta san áireamh, oiliúint sábhailteachta a fháil agus a bheith cláraithe faoi chlár um Phas Sábhailte sula dtosaíonn siad ag obair ar shuíomh foirgníochta. Táliosta ceisteanna coitianta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta.
Eiseófar Carta Cláraithe an Phas Shábháilte duit nuair a éiríonn leat i gclár oiliúna aon lae an Phas Shábhailte. Maireann an cárta seo ar feadh 4 bliana ó dáta an chúrsa traenála. Beidh ort cúrsa eile don Phas Sábháilte a dhéanamh nuair a théann do chárta in éag. Tá cárta cláraithe an Phas Shábháilte ar chóimhéid le cárta creidmheasa. Taispeánann sé lógó FÁS, holagram, dátá an chláraithe agus an dáta a thiteann sé in éag agus grianghraf díot ar an éadán. Ar chúl an chárta tá Oiliúint Sláinte agus Sábháilteachta scríofa. Ní foláir duit cúl do chárta a shíniú.
Is iad seo a leanas modúil oiliúna an Chláir um Phas Sábháilte:
Caithfidh teagascóirí-le-bheith cáilíocht oiliúna/oideachais aitheanta ag FÁS a bheith acu agus ní mór dóíbh ceann de na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
nó
nó
Tabharfaidh FÁS tús áite d'iarrthóirí atá in ann a thaispeáint go mbeidh siad in ann Clár um Phas Sábháilte a sholáthar go rialta.
Ní foláir d'oibrithe ar fad sa tionscal tógála oiliúnt do Phas Sábháilte maidir le heolas sábáilteachta a bheith curtha orthu agus Cárta an Phas Shábháilte a bheith acu sular féidir leo dul ag obair ar shuímh fhoirgníochta.
Téann Cártaí Cláraithe um Phas Sábháilte in éag tar éis ceithre bliana. Caithfidh tú cúrsa breise a dhéanamh nuair a théann do Chárta Cláraithe um Phas Sábháilte in éag.
Tá sé in aghaidh an dlí Cárta Cláraithe a fhalsú nó a athrú nó cárta a dhéanamh atá cosúil le Cárta Cláraithe. Caithfidh na sonraí pearsanta uilig ar do Chárta Cláraithe a bheith cruinn agus tá sé in aghaidh an dlí eolas bréige a sholáthar do FÁS.
De réir an dlí ní mór do gach conraitheoir (nó duine eile ag feidhmiú ar a s(h)on) a chinntiú go bhfuair gach duine faoina smacht díreach ar shuíomh foirgníochta traenáil don Phas Sábháilte agus gur eisíodh Cárta Cláraithe reatha dó/di mar a sonraíodh thuas.
De ghnáth, is é an fostaitheoir a íocann táille an chúrsa. Tá táille cláraithe do rannpháirtí de €23 ann, a íocann tú nuair a chuireann tú iarratas isteach ar an gcúrsa. Tabharfar Cárta Cláraithe Pas Shábháilte duit nuair a éireoidh leat an cúrsa a chríochnú.
Má fhágann tú an obair níos deireanaí, is féidir leat do Chárta Cláraithe a choinneáil, má tá sé fós reatha.
Ní féidir le d'fhostóir iarraidh ort costas an chúrsa a aisíoc leis má éiríonn tú as do phost ina dhiaidh sin. Níl ach eisceacht amháin leis sin sa chás gur shínigh tú mír i do chonradh fostaíochta ag rá go n-aisíocfadh tú táillí traenála dá n-imeodh tú roimh tréimshe áirithe seirbhíse a bheith déanta agat.
Má tá tú dífhostaithe faoi láthair agus post faighte agat ar shuíomh tógála agus Cárta an Phas Shábháilte de dhíth ort sula dtosaíonn tú ar an obair, b'fhéidir go mbeadh d'oifig áitiúil FÁS in ann cúnamh a thabhairt duit leis an táille a íoc. Ní tharlódh sé seo ach amháin nuair nach bhfuil tú in ann an táille 19 euro a íoc tú féin. Seans go mbeidh ort fianaise a thaispeáint go bhfuil an post faighte agat i ndáiríre sula bhfaighfidh tú cúnamh leis an táille.
Ba cheart d'fhostóirí seiceáil a dhéanamh le hoifig áitiúil FÁS le cinntiú go bhfuil teagascóir don Phas Sábháilte ceadaithe ag FÁS sula ndéanann siad socrú fostaithe a chur chuig Clár an Phas Shábháilte atá i gceist.
Is féidir le fostaitheoirí, oiliúnaithe nó daoine aonair atá ag iarraidh bheith páirteach sa chlár Pas Shábháilte iarratas a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh le teagascóir Pas Shábháilte faofa ag FÁS ar an clár de Theagascóirí Creidiúnaithe Pas Shábháilte.
Má tá tú ar lorg creidiúnachta mar theagascóir Pas Shábháilte ba
cheart duit iarratas a dhéanamh chuig FÁS cóip de na cáilíochtaí
ábhartha tógála, sábháilteachta agus oiliúna go léir chuig FÁS ar an foirm
iarratais le haghaidh teagascóra Pas Shábháilte (pdf).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.