Cearta agus teidlíochtaí fostaithe

Réamhrá

Is achoimre é an leathanach seo ar na cearta agus an chosaint atá agat mar fhostaí faoi reachtaíocht fostaíochta éagsúla.

An fostaí mé?

Is fostaí tú má tá tú fostaithe faoi chonradh seirbhíse. Má tá an cineál seo conartha agat, tá tú cosanta ag an réimse iomlán reachtaíocht fostaíochta.

Úsáidtear an téarma, conradh le haghaidh seirbhísí, go ginearálta nuair a bhíonn conraitheoir neamhspleách nó duine féinfhostaithe á fhostú ag fostóir le haghaidh poist. Má tá an cineál seo conartha agat, b’fhéidir nach mbeadh na cearta céanna agat agus atá ag fostaí faoin reachtaíocht fostaíochta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do stádas fostaíochta a thuiscint.

Íosphá

Is é an t-íosphá náisiúnta d’fhostaí fásta ná €12.70 in aghaidh na huaire ón 1 Eanáir 2024. D’fhéadfadh ráta níos ísle san uair baint le roinnt daoine atá níos óige. Mar shampla, d’fhéadfadh go n-íocfaí suim níos lú ná an pá íosta náisiúnta le duine atá faoi bhun aois 20 bliain. Is féidir leat tuilleadh a léamh in Íosrátaí pá.

Socraítear roinnt íosrátaí pá do thionscail nó d’earnálacha ar leith in Orduithe Rialaithe Fostaíochta (EROs), Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe agus Orduithe Fostaíochta Earnála. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Comhaontuithe agus orduithe fostaíochta.

Seachtain oibre uasta

Go ginearálta, ní féidir le do mheánsheachtain oibre uasta 48 uair an chloig a shárú. Ní chiallaíonn sé seo nach féidir leat a bheith ag obair níos mó ná 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, ach nár chóir de do mheánuaireanta seachtainiúla i gcaitheamh 4 mhí níos mó ná 48 uair an chloig a shárú. Tá roinnt eisceachtaí ina leith seo, ar féidir leat léamh fúthu inár leathanach ar an tseachtain oibre.

Ráiteas ar théarmaí aguscoinníollacha

Má oibríonn tú d’fhostóir ar phá rialta nó ar thuarastal rialta, beidh conradh fostaíochta agat go huathoibríoch. Caithfidh tú ráiteas scríofa a fháil ar 5 chroíthéarma laistigh de 5 lá i ndiaidh do phost a thosú agus caithfear na téarmaí fostaíochta eile a thabhairt duit i scríbhinn laistigh de 2 mhí. Is féidir leat níos mó a léamh faoi cén téarmaí ba cheart a chur san áireamh i gconradh fostaíochta.

Ráiteas ar phá

Caithfear duillín pá a thabhairt duit gach uair a íoctar pá leat. Taispeánfar ar dhuillín pá d’ollphá agus sonraí faoi na hasbhaintí go léir. Ní féidir le d’fhostóir asbhaintí a dhéanamh ó do phá gan cead a bheith tugtha agat, murach go n-údaraítear na hasbhaintí seo faoin dlí (mar shampla, ÍMAT, ÁSPC agus MSU).

Sosanna i rith uaireanta oibre

Tá tú i dteideal sosanna a ghlacadh fad a bhíonn tú ag an obair agus tréimhsí scíthe a bheith agat idir laethanta nó oícheanta oibre. Tá tú i dteideal sosanna a ghlacadh fad a bhíonn tú ag an obair agus tréimhsí scíthe a bheith agat idir laethanta nó oícheanta oibre. Tá tá i dteideal tréimhse laethúil scíthe 11 uair an i ndiaidh a chéile a fháil in aghaidh gach tréimhse 24 uair an chloig agus tréimhse scíthe amháin 24 uair an chloig a fháil in aghaidh na seachtaine, i ndiaidh na tréimhse laethúla 11 uair an chloig.

Go ginearálta, tá tú i dteideal sos 15 nóiméad a ghlacadh nuair atá tú tar éis oibriú ar feadh 4 ½ uair an chloig. Má oibríonn tú breis agus 6 huaire an chloig, tá tú i dteideal sos 30 nóiméad a ghlacadh, ar féidir leis an chéad sos 15 nóiméad a áireamh. Ní gá thú a íoc do na sosanna seo agus ní mheastar gurb ionann iad agus am oibre.

Baineann rialacha speisialta le fostaithe siopa. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi tréimhsí agus sosanna scíthe.

Ceart chun dínascadh

Chomh maith leis an gceart atá agat sosanna imleor a ghlacadh, tá sé de cheart agat freisin dícheangal ón obair lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre.

Tá an cód cleachtais maidir leis an gceart chun dínascadh i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2021 agus baineann sé le gach fostaí, lena n-áirítear daoine atá ag obair ó bhaile. Tugann sé treoir ar do cheart chun éirí as obair lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Cé nach cion é mainneachtain an cód a leanúint, is féidir é a úsáid mar fhianaise i gcás a thógtar chuig an gCúirt Oibreachais nó chuig an WRC faoi reachtaíocht fostaíochta.

Saoire ón obair

Saoire Bhliantúil

Tá an chuid is mó d’fhostaithe i dteideal saoire bhliantúil íoctha 4 seachtaine a fháil sa bhliain. B’fhéidir go mbronntar níos mó saoire bhliantúil i do chonradh fostaíochta ná an teidlíocht reachtúil, áfach. Is féidir do shaoire bhliantúil a ríomh ar 3 bhealach éagsúla.

Laetheanta saoire poiblí

Tá gach fostaí lánaimseartha i dteideal 10 saoire phoiblí a ghlacadh.

Chun cáiliú le haghaidh pá nó lá saoire le pá ar lá saoire poiblí, ní mór d’fhostaithe páirtaimseartha 40 uair an chloig ar a laghad a oibriú san iomlán le linn na 5 seachtaine dar críoch an lá roimh an lá saoire poiblí.

Má bhíonn ort oibriú ar shaoire poiblí, tá tú i dteideal ceann amháin díobh seo a leanas (faoi mar a chinneann d’fhostóir):

  • Lá saor íoctha ar an tsaoire
  • Lá saor íoctha laistigh de mhí
  • Lá saoire bhliantúla breise
  • Pá lá breise

Má oibríonn tú go páirtaimseartha agus má thiteann an lá saoire poiblí ar lá nach n-oibríonn tú de ghnáth, tá tú i dteideal an cúigiú cuid de do ghnáthphá seachtainiúil a fháil don lá.

Saoire bhreoiteachta

Tá an ceart agat pá breoiteachta 5 lá sa bhliain a fháil. Íocann d’fhostóir pá breoiteachta ag 70% de do ghnáthphá a mhéid le €110 sa lá.

Chun cáiliú do phá breoiteachta reachtúil, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i d’fhostaí
  • Bheith ag oibriú do d’fhostóir ar feadh ar a laghad 13 seachtaine i ndiaidh a chéile sula mbíonn tú breoite
  • Bheith deimhnithe ag DG nach féidir leat oibriú

Saoire chosantach

Tá tú i dteideal saoire chosantach reachtúil áirithe, mar shampla saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta, saoire thuismitheora, saoire uchtaíoch, agus saoire chúramóra.

Tá rialacha sonracha ann maidir le gach cineál saoire de shaoire chosanta agus ní mór duit cloí leis na tréimhsí fógra riachtanacha, mar atá thíos.

  • Saoire mháithreachais: Tá tú i dteideal 26 seachtain de shaoire mháithreachais a ghlacadh ón obair agus tú ag tógáil clainne. Luafar i do chonradh fostaíochta má íocfaidh d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais (ní riachtanas é seo). D’fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Máithreachais. Tá tú i dteideal, chomh maith, glacadh lena mhéid le 16 seachtaine de shaoire mháithreachais neamhíoctha; níl an tréimhse seo cumhdaithe ag Sochar Máithreachais.
  • Saoire atharthachta: Tá tuismitheoirí nua (athair nó páirtí na máthar, nó i gcás uchtaithe, an tuismitheoir nach bhfuil ag glacadh saoire uchtaíoch) i dteideal saoire atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh breith nó uchtáil linbh. Luafar i do chonradh fostaíochta má íocfaidh d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar saoire atharthachta (ní riachtanas é seo). Féadfaidh tú a bheith i dteideal Sochar Atharthachta a fháil, arb íocaíocht leasa shóisialaigh é.
  • Saoire thuismitheoireachta: Ón 1 Meán Fómhair 2020 tá gach tuismitheoir i dteideal saoire thuismitheoireachta 26 seachtaine neamhíoctha a ghlacadh. Caithfidh tú glacadh le saoire thuismitheoireachta sula mbaineann an leanbh 12 mbliana d’aois amach, nó 16 bliana d’aois amach, má tá an leanbh faoi mhíchumas. Go ginearálta, caithfidh go raibh tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh ar a laghad 12 mhí chun saoire thuismitheoireachta a fháil.
  • Saoire thuismitheora: Tá gach tuismitheoir i dteideal 5 seachtaine saoire le linn an chéad dá bhliain de shaol an linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de dhá bhliain ó shocrúchán an linbh leis an teaghlach. D’fhéadfá cáiliú freisin d’íocaíocht ar a dtugtar Sochar Tuismitheora le linn saoire thuismitheora.
  • Saoire uchtaíoch: Tá tuismitheoir amháin den lánúin uchtála, nó tuismitheoir amháin atá ag uchtú, i dteideal 24 seachtaine de shaoire a ghlacadh, ag tosú ar an lá a fhágtar an leanbh leo. Níl aon oibleagáid ar fhostóirí fostaí a íoc as saoire uchtaíoch. D’fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Uchtaíoch a fháil. Tá tú i dteideal, chomh maith, glacadh lena mhéid le 16 seachtaine de shaoire uchtaíoch bhreise, ach níl an tréimhse seo cumhdaithe ag Sochar Uchtaíoch.
  • Saoire cúramóra: Ceadaítear duit saoire neamhíoctha a ghlacadh chun cúram agus aird lánaimseartha a sholáthar do dhuine óna dteastaíonn cúram. Is é an teidlíocht íosta reachtúil 13 seachtaine ach tá fostaí i dteideal 104 seachtain a ghlacadh, ar a mhéid. Go ginearálta, beidh ort bheith ag oibriú do d’fhostóir ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí chun saoire chúramóra a fháil. Féadfaidh tú a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat. Mura gcáilíonn tú do Shochar Cúramóra, féadfaidh tú cáiliú do Liúntas Cúramóra, arb íocaíocht é ar a ndéantar tástáil mhaoine.

Cóir chomhionann san ionad oibre

Tá an ceart agat go gcaithfear leat go cothrom gan aird ar inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, aois, míchumas, cineál, creideamh reiligiúnach nó ballraíocht den Lucht Siúil. Tá idirdhealú ar aon chinn de na 9 bhforas ar leith seo i rith an phróisis earcaíochta nó san ionad oibre in aghaidh an dlí. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chomhionannas san ionad oibre.

Sábháilteacht san ionad oibre

Tá d’fhostóir freagrach, a mhéid agus is indéanta go réasúnta, as a chinntiú go bhfuil ionad oibre sábháilte agat. Áirítear leis seo cosaint ó fhoréigean ag an obair, ó chiapadh agus ó bhulaíocht.

Príobháideachas agus cosaintsonraí

Tá cearta barrfheabhsaithe príobháideachais agat faoin reachtaíocht um chosaint sonraí (GDPR). Tá oibleagáidí áirithe ar fhostóirí maidir le conas a dhéanann siad do shonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a chosaint. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chosaint sonraí san ionad oibre. Má úsáideann d’fhostóir CCTV san ionad oibre nó má dhéanann sé/sí monatóireacht ar an úsáid a bhaineann tú as ríomhphost, an t-idirlíon nó an guthán, féadfaidh tú teacht ar fhaisnéis faoi seo inár gcáipéis ar fhaireachas san ionad oibre.

Fostaithe páirtaimseartha,conarthaí uaireanta nialasacha agus ceadanna fostaíochta

Má tá tú ag oibriú go páirtaimseartha, má tá conradh uaireanta nialasacha agat, nó má tá tú ag oibriú le cead fostaíochta, tá cearta fostaíochta áirithe agat, féach thíos.

Fostaithe páirtaimseartha

Is ionann fostaí páirtaimseartha agus duine a oibríonn líon níos lú uaireanta ná mar a oibríonn fostaí lánaimseartha inchomparáide a dhéanann an saghas céanna oibre. Ní féidir caitheamh le fostaí páirtaimseartha ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le fostaí lánaimseartha inchomparáide, murach go bhfuil údar leis an gcaitheamh nach bhfuil chomh fabhrach céanna ar fhorais oibiachtúla, ar nós teidlíochtaí pinsin. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chearta oibrithe páirtaimseartha..

Má tá tú i bhfostaíocht lánaimseartha, níl ceart reachtúil agat chun athrú chuig fostaíocht pháirtaimseartha nó chuig oibriú solúbtha eile. Ba cheart do d’fhostóir machnamh a dhéanamh ar d’iarraidh ar oibriú páirtaimseartha, áfach.

Conarthaí uaireanta nialasacha

Saghas conradh fostaíochta atá i gconradh uaireanta nialasacha ina mbíonn an fostaí ar fáil le haghaidh oibre ach nach mbíonn uaireanta oibre sonraithe aige/aici. Tá cosc ar chonarthaí uaireanta nialasacha i bhformhór na gcásanna, ach tá roinnt eisceachtaí ann don riail seo.

Ceadanna fostaíochta

Tá náisiúnaigh choigríche a oibríonn go dleathach in Éirinn i dteideal an réimse céanna cosaintí fostaíochta reachtúla a fháil a bhíonn ag fostaithe Éireannacha. Caithfidh cead fostaíochta a bheith ag formhór na náisiúnach neamh-LEE chun oibriú in Éirinn.

Tréimhsí fógra íosta

Má chailleann tú do phost tá roinnt teidlíochtaí agat. Baineann siad sin le tréimhsí fógra agus pá as saoire bhliantúil atá tuillte agat ach nár ghlac tú.

Má tá do phost á fhágáil agat, ní mór duit cloí leis na tréimhsí fógra atá i do chonradh fostaíochta. Mura luann do chonradh tréimhse fógra, ní mór duit téarmaí na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973–2005 a leanúint. Braithfidh riachtanas na tréimhse fógra seo ar cé chomh fada a bhí tú ag oibriú do d’fhostóir.

Iomarcaíocht agus dífhostú

Is gnách go ndéantar fostaí iomarcach nuair a chuirtear deireadh le post fostaí. Tá teidlíochtaí áirithe ag fostaithe a ndéantar iomarcach iad óna bpoist. Caithfidh gur sholáthair tú seirbhís leanúnach 2 bhliain agus caithfidh tú critéir eile a shásamh chun cáiliú do íocaíocht iomarcaíochta.

Déantar duine a dhífhostú nuair a chailleann tú do phost ach nuair a bhíonn an post ar oscailt go fóill agus nuair a d’fhéadfadh duine eile é a líonadh. Is féidir leis na cúiseanna a bhíonn le dífhostú a bheith cothrom nó éagórach. De ghnáth, caithfidh gur sholáthair tú seirbhís leanúnach ar a laghad 12 mhí do d’fhostóir chun éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.

Conas gearán a dhéanamh

Má tá gearán agat faoi do chearta fostaíochta, ba chóir duit labhairt le d’fhostóir ar dtús. Mura féidir leat an gearán a réiteach go neamhfhoirmiúil, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) ag úsáid a fhoirm ghearáin ar líne.

Ag brath ar do ghearán, b’fhéidir go mbeidh ort ‘céimeanna réamhghearáin’ a ghlacadh, mar shampla doiciméid tacaíochta a bhailiú agus iad a sheoladh chuig an WRC mar chuid den ghearán. Mar shampla, má tá gearán á dhéanamh agat faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta, ní mór duit ‘ráiteas tuillimh’ a iarraidh ó d’fhostóir sula ndéanann tú do ghearán leis an WRC.

Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh leis an WRC laistigh de 6 mhí den eachtra líomhnaithe (aighneas). Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh 6 mhí eile má bhí cúis réasúnach leis an moill.

Is féidir déileáil le do ghearán trí idirghabháil nó breithniú. Má chomhaontaíonn an dá pháirtí le hidirghabháil, cabhróidh idirghabhálaí leat comhaontú a bhaint amach a mbíonn an dá pháirtí sásta leis. Cuireann an modh seo cosc go minic ar ghearáin ó phróiseas foirmiúil a bhaint amach. I gcás breithniú, bíonn éisteacht phoiblí an agus tabharfaidh oifigeach breithiúnas foirmiúil.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an WRC, is féidir leat é a achomharc leis an gCúirt Oibreachais. Go ginearálta, ba cheart achomhairc a dhéanamh laistigh de 42 lá. Mura ndéanann tú achomharc i gcoinne an chinnidh laistigh de 42 lá, beidh sé ina cheangal dlí agus is féidir é a fhorghníomhú tríd an gCúirt Dúiche.

Léigh faisnéis mhionshonraithe faoi ghearán a dhéanamh leis an WRC (pdf).

Tuilleadh eolais faoi do cheartafostaíochta

D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Document to Employment, Labour and Equality Law (pdf) agus leabhrán Employment Law Explained (pdf).

Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a fháil ar reachtaíocht um chosaint fostaíochta ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ó Eolas agus Seirbhís do Chustaiméirí.

SharedAddress for Labour Relations Commission: ID a4974c58631

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024