Faireachas sa láthair oibre

Réamhrá

Tá ceart i leith príobháideachais agat san ionad oibre. Baintear cothromaíocht amach, áfach, idir do cheart i leith príobháideachais agus chearta d’fhostóra a ngnólacht a chur ar bun agus a gcuideachta a chosaint.

Tá leas ag d’fhostóir ina ngnólacht, a gclú, a n-acmhainní agus a dtrealamh a chosaint. Chun seo a dhéanamh, b’fhéidir gur mian leo monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as ríomhphost, idirlíon agus guthán. B’fhéidir gur mian leo freisin úsáid a bhaint as CCTV chun monatóireacht a dhéanamh ar d’ionad oibre.

Nuair a bhailíonn, a úsáideann nó a stórálann d’fhostóir eolas fút – monatóireacht ar ríomhphoist, úsáid idirlín nó trí úsáid a bhaint as córas CCTV san áireamh – caithfidh siad cloí leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an Acht um Chosaint Sonraí na hÉireann, 2018.

Mínítear ar an leathanach seo na rialacha nach mór d’fhostóirí cloí leo nuair a dhéanann siad monatóireacht ort san ionad oibre.. Is féidir leat rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraí san ionad oibre a léamh freisin.

Monatóireacht a dhéanamh ar úsáidríomhphoist agus idirlín

Eolas nach mór do d’fhostóir a thabhairt duit

Ba cheart do d’fhostóir a mbeartas maidir le húsáid ríomhphoist agus idirlín san ionad oibre a thabhairt duit, an úsáid san áireamh a bhaintear as na meáin shóisialta. Tugtar Beartas Úsáide Inghlactha (BÚI) air seo. Ba cheart go ndéanfaí cur síos soiléir sa BÚI ar an méid úsáide is féidir leat a bhaint as gléasanna na cuideachta ar mhaithe le do chumarsáid phearsanta nó phríobháideach féin. Is féidir leat teacht ar shampla de BÚI (pdf) ar láithreán gréasáin Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann.

Má tá monatóireacht á déanamh ag d’fhostóir ar an úsáid a bhaineann tú ríomhphost agus idirlíon, caithfidh siad na cúiseanna atá leis seo a dhéanamh a insint duit.

Caithfidh siad an méid seo a leanas a insint duit:

  • Cé a bhfuil monatóireacht á déanamh acu ort
  • Cad ar a bhfuil monatóireacht á déanamh acu
  • Conas atá monatóireacht á déanamh acu ort
  • Cathain atá monatóireacht á déanamh acu ort

Caithfidh siad na nósanna imeachta a insint duit freisin maidir le conas agus cathain a inseofar duit má sháraíonn tú na rialacha maidir leis an idirlíon agus ríomhphost a úsáid, agus conas is féidir leat freagairt do na maímh seo.

An bhfuil an mhonatóireacht riachtanach, dlisteanach agus comhréireach?

Más mian le d’fhostóir monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an idirlíon nó do ríomhphost, caithfidh sé a bheith:

Riachtanach

Caithfidh d’fhostóir a bheith cinnte go bhfuil an mhonatóireacht riachtanach. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar bhealaí nach bhfuil chomh hionrach céanna le maoirseacht a dhéanamh ort sula ndéanann siad an cinneadh monatóireacht a dhéanamh. Mar shampla, ní bheadh láithreáin ghréasáin a bhlocáil chomh hionrach céanna - agus ba ghnách go mbeadh seo ní b’inghlactha - ná monatóireacht a dhéanamh ar do stair chuardaigh ar an idirlíon.

Dlisteanach

Ba cheart go mbeadh bunús dlí ag an monatóireacht. Mar shampla, lena chinntiú nach bhfuil an t-idirlíon á úsáid ag fostaithe le pornagrafaíocht a íoslódáil, nó le heolas rúnda cuideachta a nochtadh do dhaoine lasmuigh den eagraíocht.

Comhréireach

Caithfidh monatóireacht d’fhostóra a bheith comhréireach don bhaol i leith na bagartha a bhraitear. Ciallaíonn comhréireacht nach mór dó a bheith cothrom, tomhaiste agus réasúnta i dtaobh a cuspóirí. Ní bheadh monatóireacht a dhéanamh ar do ríomhphoist go léir lena chinntiú nach bhfuil eolas rúnda á sheoladh ar aghaidh agat faoin gcuideachta comhréireach. Ach ba dhóigh go gceapfaí go mbeadh monatóireacht a dhéanamh ar do ríomhphost trí úsáid a bhaint as córas uathoibrithe le scanadh a dhéanamh do víris comhréireach.

Insint duit nuair a bhíonn buairt ann

Ba cheart do d’fhostóir a insint duit láithreach má chreideann siad go bhfuil mí-úsáid á baint agat as cumarsáid leictreonach, murach go bhfuil cúiseanna tábhachtacha ann le leanúint leis an monatóireacht (féach ‘Monatóireacht a dhéanamh ort i ngan fhios’ thíos). Is féidir le d’fhostóir bogearraí, ar nós fuinneoga rabhaidh aníos, a úsáid le thú a chur ar an eolas go bhfuil mí-úsáid á baint agat as córais na cuideachta.

CCTV a úsáid san ionad oibre

Má tá CCTV i d’ionad oibre, caithfidh siad comharthaí a thaispeáint a chuireann ar an eolas thú cá bhfuil na ceamaraí lonnaithe. Ba cheart go mbeadh na comharthaí éasca lena léamh, dea-shoilsithe agus suite in áiteanna inar féidir iad a fheiceáil gan stró. Ba cheart go dtabharfaí sonraí teagmhála ar na comharthaí freisin do dhuine éigin ar féidir leat próiseáil do shonraí a phlé leo. D’fhéadfadh úinéir an áitribh nó an chuideachta shlándála a oibríonn an córas CCTV a bheith i gceist leis seo, mar shampla.

Caithfidh d’fhostóir a lua go soiléir an fáth go bhfuil CCTV á úsáid acu mura bhfuil seo soiléir. Mar shampla, is soiléir an chúis go ndéanfaí ceamara a shuíomh ag an mbealach isteach i bhfoirgneamh le hionróirí a bhrath. Má tá CCTV á úsáid ag d’fhostóir, áfach, le monatóireacht a dhéanamh ar d’iompar nó d’fheidhmíocht, ní soiléir an chúis atá leis seo agus caithfidh an fostóir a insint duit sula ndéanann siad taifeadadh ar na cúiseanna seo. Ar an gcuma chéanna, má dhéantar CCTV a shuiteáil ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, ba cheart seo a lua go soiléir agus a chur in iúl do gach duine san ionad oibre.

Ba cheart go mbeadh beartas scríofa CCTV ag d’fhostóir, an méid seo a leanas ina measc:

  • Aitheantas na cuideachta a bhfuil an píosa scannáin CCTV á choimeád aici
  • Na cúiseanna go bhfuil an píosa scannáin CCTV á úsáid
  • Aon tríú páirtithe ar féidir an píosa scannáin a thabhairt dóibh
  • Conas is féidir leat a iarraidh an píosa scannáin atá á choimeád fút a fheiceáil
  • Cé chomh fada is féidir an píosa scannáin a choimeád
  • Conas a choimeádfar an píosa scannáin slán

Úsáid réasúnta agus mhíréasúnta as CCTV san ionad oibre

Caithfidh cúis bhailí a bheith ag d’fhostóir le húsáid a bhaint as CCTV chun monatóireacht a dhéanamh ar d’ionad oibre. Caithfidh siad breithniú a dhéanamh freisin má tá CCTV a úsáid réasúnta. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith réasúnta úsáid a bhaint as CCTV le hionróirí, loitiméirí nó gadaithe a bhrath. Bheadh úsáid a bhaint as CCTV le monatóireacht sheasmhach a dhéanamh ar fhostaithe ionrach, áfach, agus ní bheadh údar leis ach faoi chúinsí speisialta.

Tá sé an-deacair ar fhostóir údar a thabhairt le CCTV a úsáid le monatóireacht a dhéanamh ar limistéir ina mbíonn súil le príobháideachas agat, mar shampla, i seomraí folctha. Más mian le d’fhostóir seo a dhéanamh, caithfidh siad a thaispeáint gur thit roinnt sáruithe slándála amach sna limistéir seo. Fiú má thugann d’fhostóir údar le CCTV a úsáid i seomra folctha, níor cheart go mbeadh na ceamaraí in ann íomhánna ó chubhachailí ná ó limistéir fualáin a bhailiú.

Monatóireacht a dhéanamh ort i nganfhios duit

Tá sé in aghaidh an dlí, go ginearálta, sonraí duine a bhailiú nó monatóireacht a dhéanamh orthu i ngan fhios dóibh – tugtar faireachas ceilte air seo. Ní cheadaítear seo ach faoi chúinsí an-speisialta ina n-úsáidfear na sonraí le coir a bhrath, a chosc nó a imscrúdú, nó le breith ar chiontóirí agus iad a ionchúiseamh.

Níor cheart monatóireacht cheilte (i ngan fhios duit) a dhéanamh ort ach má bhaineann tú féin nó d’ionad oibre le himscrúdú coiriúil. Caithfidh faireachas ceilte a bheith dírithe agus ní féidir leis bheith ar bun ach ar feadh tréimhse ghearr ama. Mura n-aimsítear aon fhianaise laistigh de thréimhse réasúnta ama, ba cheart don fhostóir stop a chur leis an bhfaireachas ceilte.

Caithfear beartas sonrach scríofa a chur i bhfeidhm lena cheadú faireachas ceilte a dhéanamh. Caithfear an méid seo a leanas a mhíniú sa bheartas seo:

  • An chúis agus an t-údar atá leis an bhfaireachas ceilte
  • Sonraí faoi na nósanna imeachta, na bearta agus na cosaintí a chuirfear i bhfeidhm fad a bhíonn an saghas seo d’fhaireachas ar bun.

Ba cheart go mbeadh sé ina chuspóir deiridh ag an bhfaireachas ceilte go mbeadh baint ag an nGarda Síochána nó le húdaráis ionchúisimh eile ar féidir leo imscrúdú a dhéanamh ar aon chion coiriúil/chionta coiriúla líomhnaithe. Ba cheart seo a chur leis an mbeartas freisin.

Gléasanna pearsanta ag an obair

Is féidir le do ghléas féin a úsáid (cosúil le do ríomhaire glúine, guthán cliste nó táibléad) saincheisteanna a chruthú maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

Cuirtear eolas ar fáil ar do ghléas pearsanta faoi do shaol pearsanta nach mbeadh cead ag d’fhostóir teacht air, de ghnáth. B’fhéidir go bhfuil cúis ag d’fhostóir a bheith buartha faoi do ghléas, áfach. Mar shampla, tá d’fhostóir freagrach as aon sonraí pearsanta a phróiseálann tú trí úsáid a bhaint as do shuíomhanna ríomhphoist oibre. B’fhéidir go bhfuil eolas tábhachtach ar an ngléas freisin faoin ngnólacht is mian le d’fhostóir a chosaint.

Má cheadaíonn d’fhostóir duit do ghléas féin a úsáid do d’obair, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Beartas ‘Do Ghléas Féin a Thabhairt Leat’ (BOYD) a bheith acu ina mínítear conas is féidir leat do ghléas féin a úsáid ag an obair agus ar cén freagrachtaí atá ort.
  • Fios a bheith acu cá stóráiltear sonraí próiseáilte an ghléis, agus cén bearta ar gá tabhairt fúthu leis na sonraí a choimeád slán
  • Cinntiú go gcoimeádtar sonraí slán nuair a bhíonn siad á n-aistriú ó do ghléas pearsanta
  • Breithniú a dhéanamh ar conas sonraí a bhainistiú atá ar do ghléas nuair a fhágann tú an chuideachta, nó má ghoidtear nó má chailltear an gléas

Monatóireacht a dhéanamh ar doghníomhaíochtaí nuair a bhíonn tú ag oibriú as baile

Nuair a bhíonn tú ag oibriú as baile (ar a dtugtar cianoibriú freisin), ba cheart do d’fhostóir cloí leis na rialacha céanna maidir le monatóireacht a dhéanamh ar d’obair. Ba cheart go n-inseoidís na rudaí seo a leanas duit freisin:

  • Cé a bhfuil monatóireacht á déanamh acu ort
  • Cad ar a bhfuil monatóireacht á déanamh acu
  • Conas atá monatóireacht á déanamh acu ort
  • Cathain atá monatóireacht á déanamh acu ort

Ba cheart do d’fhostóir a insint duit má tá bogearraí faireachais fostaithe á n-úsáid acu, mar shampla, le do ghníomhaíocht luchóige agus mhéarchláir, an úsáid a bhaineann tú as ríomhphost, na meáin shóisialta, comhaid agus feidhmchláir agus mar sin de, a rianú. Is féidir seo a chuimsiú i mbeartas a chuireann an fostóir ar fáil. Léigh ‘Monatóireacht a dhéanamh ar úsáid ríomhphoist agus idirlín’ thuas.

Chomh maith leis sin, is féidir leat léamh faoi do <chearta agus freagrachtaí nuair a bhíonn tú ag oibriú as baile anseo>.

Teacht ar na sonraí a choimeádannd’fhostóir fút

Is féidir leat iarraidh ar d’fhostóir na sonraí a thabhairt duit a bhailigh siad fút nuair a bhíonn monatóireacht á déanamh acu ar an úsáid a bhaineann tú as ríomhphost nó as an idirlíon. Is féidir leat iarraidh freisin na híomhánna a bhailigh siad díot ar CCTV a fheiceáil. Tugtar Iarratas Duine ar a Sonraí air seo.

Caithfidh d’fhostóir freagairt do d’iarraidh laistigh de 1 mhí. Is féidir síneadh breise 2 mhí a chur leis seo má tá d’iarraidh casta nó má rinne tú roinnt mhaith iarrataí.

An áit ba cheart gearán adhéanamh

Má bhíonn gearán agat faoin bhfaireachas atá á dhéanamh ort ag an obair, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir faoi seo.

Mura féidir leat do ghearán a réiteach le d’fhostóir, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis <an gCoimisiún Cosanta Sonraí>.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

21 Cearnóg Mhic Liam Theas,

Baile Átha Cliath 2,

D02 RD28

Éire

Uaireanta Oscailte: 09:15-17:30 ó Luan go Déardaoin, 09:15-17:15 ar an Aoine

Guthán: +353 57 868 4800 / +353 0761 104800

Leathanach Baile: http://www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Meán Fómhair 2023