Print Page Send to a Friend

Aistriú gnó

Eolas

Tá cosaint reachtúil ag fostaithe in Éirinn má dhéanann fostóir eile an gnó a tráthcheangal de thoradh cumaisc dhlíthiúil nó aistrithe. Baineann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Chearta Fostaithe ar Aistriú Gnóthas) 2003 le "gnóthas" a d'fhéadfadh a bheith ina ghnólacht, ach a d'fhéadfadh a bheith ina eagraíocht charthanach freisin nó ina eagraíocht nach ndéanann brabús. Ní gá go n-aistreofaí an gnó go léir a mbíonn tú ag obair ann. Bainfidh na Rialúcháin leis an scéal má dhíoltar an chuid sin de a bhfuil tusa ag obair ann nó má thugtar amach ar chonradh í.

Rialacha

Chun gnóthas a aistriú ní mór:

  • athrú a theacht ar an té (duine aonar nó comhlacht) atá freagrach as an ngnóthas nó as an ngnó
  • fostóir nua a bheith i gceannas ar ghníomhaíocht eacnamaíoch an ghnóthais nó an ghnó, agus
  • an gnóthas nó an gnó a aistriú mar "ghnóthas leantach".

Ní aistriú de réir shainmhíniú na Rialúchán é má dhéantar leachtú éigeantach ar ghnóthas nó ar ghnó.

Chonradh fostaíochta

Tá dualgas reachtúil ar an bhfostóir nua de réir na Rialúchán fostaithe an ghnó a athfhostú. Maidir leis na téarmaí agus coinníollacha agus dualgais do chéad fhostóra faoi mar atá siad i do chonradh fostaíochta, aistrítear iad sin go léir sa ghnáthchúrsa chuig d'fhostóir nua ach amháin cúrsaí pinsean - féach thíos. Ní mór don fhostóir nua cloí le téarmaí agus le coinníollacha aon chomhaontú chomhchoiteann atá déanta agaibh go dtagann deireadh leis nó go gcuirtear ceann eile ina áit.

P45: i gcásanna áirithe má tá baint ag fostaithe le haistriú gnó, d'fhéadfadh an fostóir P45 a thabhairt dóibh. Bá chóir dóibh é a thabhairt don fhostóir nua. Ní bhriseann an t-aistriú gnó an leanúnachas seirbhíse fostaithe maidir le reachtaíocht iomarcaíochta. Ina áit sin, aistrítear é go dtí a fostaíocht nua.

Pinsin

Ní aistrítear cearta pinsean na bhfostaithe chuig an bhfostaíocht nua ach amháin iad sin a bhfuil foráil fúthu sa reachtaíocht leasa shóisialaigh. Má bhí scéim phinsin i bhfeidhm i ngnó an chéad fhostóra, áfach, tá foráil sa reachtaíocht:

  • Go mbeidh feidhm ag an gcosaint a thugann an reachtaíocht sin más scéim phinsin cheirde a bhí ann a bhí clúdaithe ag Achtanna na bPinsean - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
  • Ní mór don fhostóir nua gach ceart a chosaint i gcás scéimeanna pinsean eile

Dífhostú

Ní cúis dífhostaithe ann féin é má aistrítear gnóthas, gnó, nó cuid de ghnó. Más féidir le d'fhostóir seasamh lena b(h)eart ar bhonn eacnamaíoch, teicniúil nó ar fáthanna eagraíochtúla níl aon rud sna Rialúcháin a choiscfeadh an dífhostú. Braithfidh fáthanna eacnamaíocha, teicniúla agus eagraíochtúla an dífhostaithe ar an gcás féin, agus féadfaidh tú dúshlán a thabhairt ar argóint d'fhostóra go bhfuil a leithéid de fáthanna ann trí éileamh a dhéanamh maidir le dífhostú éagórach - féach "Conas iarratas a dhéanamh" thíos.

Dífhostú éagórach

Glactar leis go bhfuil an fostóir freagrach as tú a dífhostú má chuirtear deireadh le do chonradh fostaíochta trí athrú substaintiúil a dhéanamh ar do choinníollacha oibre de thoradh an aistrithe agus gurb é d'aimhleas é. Má chiorraíonn d'fhostóir do phá toisc go gceapann sé nó sí go bhfuil tú ag fáil an iomarca, mar shampla, agus má éiríonn tú as do phost dá bharr, glacfar leis go bhfuil d'fhostóir nua freagrach as tú a dífhostú trí gan do chonradh fostaíochta a chomhlíonadh.

Comhairliúchán

Soláthraíonn an tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (pdf) ceart ginearál ar fhaisnéis agus chomhairliúchán do fhostaithe ó fhostóir faoi ábhair a bhaineann leo. Éilíonn an reachtaíocht ar fhostóírí chun faisnéis agus comhchomhairle a sholáthar do fhostaithe faoi cinntí i dtaobh athruithe móra na láithreach oibre, go háirithe cumaisc agus eadálacha agus comhiomarcaíochtaí. Éilítear ar fhostóírí dul i gcomhairle le fhostaí roimh déanamh cinntí móra lena náirítear aistriú gnó. Ó 23 Márta 2008 baineann an tAcht le fhostóirí atá 50 fostaithe nó níos mó acu.

Faoi na Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Chearta Fostaithe ar Aistriú Gnóthas) 2003 ní mór don fhostóir sonraí an aistrithe a thabhairt do na fostaithe (lena náirítear fostaithe nach bhfuil clúdaithe san Acht mar tá siad ag obair do fhostóir is lú ná 50 fostaithe atá aige) mar a leanas:

  • Má liostáil na fostaithe i gceardchumann 30 lá ar a laghad roimh an aistriú ní mór don fhostóir sonraí a thabhairt don cheardchumann maidir le: fáthanna an aistrithe, dáta an aistrithe atá á mholadh, na himpleachtaí dlithiúla, eacnamaíochta agus sóisialta a bheidh ann do na fostaithe
  • Ní mór don fhostóir na sonraí thuasluaite a thabhairt do gach duine de na fostaithe 30 lá roimh an aistriú ar a dhéanaí, más rud é nach bhfuil na fostaithe ina mbaill de cheardchumann.

Caithfidh an fostóir dul i gcomhairle le ceardchumann na bhfostaithe freisin, nó mura bhfuil siad i gceardchumann, le hionadaí nó le hionadaithe a roghnaíonn na fostaithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Má dífhostaíodh go héagórach thú de bharr aistrithe nó mura ndeachaigh d'fhostóir i gcomhairle leis na fostaithe nó lena n-ionadaithe faoi mar a éilíonn na Rialúcháin féadfaidh tú gearán a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Ba chóir gearáin maidir le pinsin atá clúdaithe ag Achtanna na bPinsean a sheoladh chuig Bord na bPinsean - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Ba chóir gearáin faoi phinsin eile a chur faoi bhráid Choimisinéir um Chearta.

Tá tuilleadh eolais faoi aistriú gnó ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Tá Cód Cleachtais um Fhaisnéis agus Chomhchomhairle agus leabhráin faoin aistriú gnóthais agus faoin Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (pdf) ar fáil ar workplacerelations.ie.

Cá hait a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

An Bord Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 613 1900
Lóghlao:1890 656 565
Facs:+353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: http://www.pensionsboard.ie/
R-phost: info@pensionsboard.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

  • Eolas suas chun dáta ar na dlithe fostaíochta
    Má bhíonn duine as obair ar feadh tréimhse tá sé tábhachtach eolas a bheith aige/aici ar na hathruithe a tháinig i bhfeidhm le deireanas ar an reachtaíocht fostaíochta agus ar na hathruithe atá beartaithe.
  • Ceisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht
    Ceisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht - faisnéis ó citizensinformation.ie
  • Dífhostú éagórach
    Cuirtear síos conas atá fostaithe cosanta faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach: cé atá clúdaithe, cé atá eisiata agus conas éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.