Tá conradh fostaíochta ag duine nuair atá sé/sí ag obair d'fhostóir ar phá nó tuarastal rialta. Cé nach gcaithfidh an t-iomlán conradh bheith scríofa, is gá ráiteas scríofa téarmaí fhostaíochta don fhostaí a thabhairt laistigh 2 mhí thosú oibre - féach 'Rialacha' thíos.
Oibríonn formhór fhostaithe ar chonarthaí oibre neamhiata. Sé sin, maireann an conradh go dtí go gcuireann an fostóir nó an fostaí deireadh leis. Oibríonn go leor fostaithe eile, áfach, ar chonarthaí atá ar théarma seasta nó sainchuspóra. Ciallaíonn an téarma, conarthaí ar théarma seasta nó sainchuspóra, go gcríochnaíonn conradh an fhostaí ar dháta áirithe, nó go gcríochnaíonn sé nuair atá tasc áirithe déanta.
Beidh na nithe seo a leanas nó cuid de na nithe sa chonradh (is cuma má tá siad luaite nó nach bhfuil siad luaite ag an bhfostóir agus ag an bhfostaí):
San áireamh is féidir le nós agus cleachtadh a bheith mar pháirt den chonradh in áit oibre. Sampla de seo ná ráta pá faoi leith ar ragobair do fhostaithe.
Forálann an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001 go gcaithfidh fostóir ráiteas scríofa faoi théarmaí fostaíochta a thabhairt do fhostaí taobh istigh de dhá mhí ó thús na fostaíochta. Áfach, ní bhaineann an riachtanas seo le fostaí atá fostaithe ar feadh níos lú ná mí amháin.
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith mar chuid den ráiteas faoi théarmaí:
* I gcás na sonraí seo thuas, d’fhéadfadh an fostóir, mar rogha ar na sonraí ar fad sa ráiteas a sholáthar, úsáid a bhaint as an ráiteas chun an fostaí a chur ar aghaidh chuig cáipéisí áirithe eile a bhfuil na sonraí sin iontu. Ní mór na cáipéisí sin a bheith ar fáil go réasúnta éasca ag an bhfostaí ina f(h)ostaíocht.
Ní mór don ráiteas an tréimhse thagartha atá in úsáid ag an bhfostóir chun teidil an fostaithe de réir an Acht um Íosphá Náisiúnta 2000 a ríomh a lua. (Faoin Acht sin is féidir leis an bhfostóir íosphá an fhostaithe a ríomh thar thréimhse thagartha nach bhfuil níos lú ná seachtain amháin agus níos faide ná mí amháin).
Tá sampla ráiteas scríofa faoi théarmaí fostaíochta ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Tá cód cleachtais foilsithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais a shonraíonn gur chóir nósanna imeachta casaoide agus araíonachta a bheith ag fostóirí agus gur chóir dóibh cóipeanna díobh seo a thabhairt d'fhostaithe ag tús a gcuid fostaíochta. Is féidir leat an Cód Cleachtais: Nósanna Imeachta Casaoide agus Araíonachta a íoslódáil anseo. Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007 tá dualgas ar fhostóirí fógra scríofa de na nósanna imeachta a leanfar a thabhairt d'fhostaí sula ndíbrítear fostaí óna p(h)ost. Caithfear é seo a dhéanamh laistigh de 28 lá ó chonradh fostaíochta a dhéanamh.
Tá roinnt fostóirí ag cur forálacha sainiúla le conarthaí fostaíochta
a chuireann srian le cumas fostaithe oibriú in earnálacha nó le
soláthraithe faoi leith, nó le cliaint áirithe ar feadh tréimhse ó
chuirtear deireadh lena bhfostaíocht. (D'fhéadfadh sé a rá mar shampla nach
bhféadfadh an fostaí oibriú in earnáil faoi leith, nó le soláthraithe nó
le cliaint an iarfhostóra, srl.) Níl aon rud i ndlí fostaíochta na
hÉireann a choisceann é seo ach níl aon fhoráil sa dlí a cheadaíonn é
ach oiread.
Is éard atá anseo go bunúsach ná ceist dlí conarthaí - is é sin le rá,
conradh fostaíochta sínithe agus comhaontaithe idir an fostóir agus an
fostaí. Moltar duit go tréan comhairle dlí a fháil ó ghairmí inniúil
sula síníonn tú conradh den sórt seo má tá imní ar bith ort faoin
scéal. Féadfaidh tú comhairle dlí a fháil fiú má tá an conradh sínithe
agat. Is minic a bhíonn an-difríocht ann idir na táillí a éilíonn aturnaetha éagsúla
in Éirinn agus moltar duit roinnt siopadóireachta a dhéanamh agus luachanna
maidir le comhairle dlí a fháil ar dtús.
Is féidir le tréimhse tástála a bheith san áireamh sa chonradh agus is féidir síneadh ama a chur leí. Ní fheidhmíonn na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007 do dhífhostú fostaithe i rith tréimhse ag tús na fostaíochta nuair atá sé/sí faoi thástáil nó faoi oiliúnt má:
Níl feidhm ag an eisiamh thuas ó na hAchtanna má bhaineann an dífhostú le ballraíocht ceardchumainn nó gníomhaíocht ceardchumainn, nithe a bhaineann le bheith torrach nó cearta faoi na hAchtanna a bhaineann le cosaint mháithreachais, saoire do thuismitheoirí, saoire uchtaíoch, nó saoire cúramóra.
Féadann athruithe ar do chonradh fostaíochta a tharlú in Éirinn mar gheall ar athrú dlí, ach lasmuigh de sin, ní féidir aon athrú a dhéanamh gan comhaontú idir tú féin agus d’fhostóir. Ní féidir le ceachtar páirtí an conradh a athrú go haontaobhach.
Má theipeann ar an fhostóir sonraí scríofa a thabhairt duit ar do chonradh fostaíochta, is féidir leat gearán a dhéanamh agus an fhoirm gearáin shingil nua (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid. Caithfidh tú an gearán a dhéanamh nuair atá tú fostaithe nó taobh istigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a d'fhág tú an fhostaíocht. Is féidir tuilleadh faoi do chearta fostaíochta ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre a fháil – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.