Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Conarthaí fostaíochta > Athruithe ar do chonradh fostaíochta

Print Page Send to a Friend

Athruithe ar do chonradh fostaíochta

Eolas

Is féidir le hathruithe a tharlú ar do chonradh fostaíochta in Éirinn mar gheall ar athrú ar an dlí, ach seachas sin, ní mór athruithe a chomhaontú idir d’fhostóir agus tú féin. Ní féidir le ceachtar páirtí cinneadh aontaobhach a dhéanamh an conradh a athrú. Is cuid den dlí a bhaineann le conarthaí é gur gá toiliú an fhostóra agus an fhostaí araon a fháil le hathruithe a dhéanamh ar théarmaí an chonartha. Ní dhéanann an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 difear don phrionsabal sin ar Acht é ina leagtar amach nósanna imeachta maidir leis an bhfostóir do chur aon athruithe ar ráiteas na dtéarmaí fostaíochta in iúl don fhostaí.

Athruithe don dlí

Sa chás go dtugann an dlí athruithe i do chonradh isteach, trí shíneadh na tréimhse reachtúla um shaoire mháithreachais mar shampla, ní mór duit féin agus do d'fhostóir cloí leis an dlí dá réir.

Athruithe trí chomhaontú

D’fhéadfadh cineál d’oibre a athrú, ionas go mbíonn tú i mbun cúraim éagsúil don fhostóir céanna. Ba dhócha go dtiocfadh athruithe ar do théarmaí agus coinníollacha fostaíochta de bharr mhórathrú den chineál sin. Mura gceadaíonn do chonradh d’athruithe cheana féin, ní féidir leat féin ná d’fhostóir athrú a dhéanamh go haontaobhach. Ní mór comhaontú bheith idir an dá pháirtí. Tar éis comhaontú mar sin a shroicheadh, ní mór mionsonraí na n-athruithe a thabhairt duit i scríbhinn laistigh de mhí tar éis a bhfeidhmithe.

Téarmaí conartha agus cleachtais oibre

Tá idirdhealú idir na téarmaí i do chonradh fostaíochta agus cleachtais oibre.

Áirítear le téarmaí conartha pá, uaireanta oibre, pá breoiteachta agus scéim pinsean. D’fhéadfadh nach n-áireofar an t-iomlán do théarmaí chonartha sa ráiteas scríofa ráiteas scríofa do théarmaí agus coinníollacha fhostaíochta. D’fhéadfadh roinnt do théarmaí conartha bheith i do lámhleabhar foirne, lámhleabhar scéime pinsin nó comhaontú comhchoiteann. Tá tuilleadh eolas maidir le téarmaí conartha inár ndoiciméad faoi chonradh fostaíochta. Ní mór athruithe ar na téarmaí seo a chomhaontú idir d’fhostóir agus tú féin.

Áirítear le cleachtais oibre sosanna agus uainchláir, mar shampla. D’fhéadfadh na sonraí seo bheith i do lámhleabhar foirne agus is féidir le d’fhostóir iad a athrú gan aon ghá do thoilithe. Measfaí mar réasúnta má athraíonn an fostóir cleachtais oibre chun airgead a shábháil nó éifeachtúlacht a mhéadu.

Nuair a iarrtar ort d'uaireanta oibre a laghdú

Nuair atá cor chun donais i gcúrsaí gnó ag fostóir nó má tá laghdú ar am méid oibre atá ar fáil duit, d'fhéadfadh fostóir iarraidh ort laghdú pá a thógáil nó níos lú uaireanta a oibriú. Caithfidh tú iarratas an fhostóra a bhreithniú go cúramach. Má tá gníomhaíocht gnó d’fhostóír laghdaithe, agus mura nglacann tú le huaireanta oibre nó pá laghdaithe, d'fhéadfá do phost a chailliúint trí iomarcaíocht.

Rialacha

An reachtaíocht a bhaineann le fógairt athruithe i do chonradh, tá sí le fáil in Alt 5 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994 go 2001. Go bunúsach, aon uair a dhéantar nó a tharlaíonn athrú ar aon chuid den chonradh a thug an fostóir duit, fógróidh an fostóir cineál agus dáta an athraithe i scríbhinn don fhostaí chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Ní mór dóibh é a fhógairt don fhostaí tráth nach deanaí ná:

  • mí amháin tar éis don athrú teacht i bhfeidhm, nó
  • sa chás go dtarlaíonn an t-athrú tar éis don fhostaí a bheith faoi iallach obair lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse níos mó ná mí amháin, tráth cothrom imeacht an fhostaí.
Leagtar síos san Acht seo freisin na téarmaí i do chonradh nach mór a chur i scríbhinn (mar shampla, d’ainm, teideal do phoist, seoladh an chomhlachta, an dáta ar ar thosaigh tú, srl.). An riachtanas a bhaineann le go bhfaighfeá conradh scríofa, leagtar síos é in Alt 3 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994

Conas iarratas a dhéanamh

Mura bhfaighidh tú an fógra is gá maidir le hathrú ar do ráiteas téarmaí fostaíochta, ba chóir duit an tsaincheist sin a ardú ar dtús le d’fhostóir nó le rannóg phearsanra do chuideachta. Más ball de cheardchumann tú, féadfaidh tú an tsaincheist a ardú le d’ionadaí áitiúil. Mura n-éireoidh leat fós fógra a fháil maidir le hathrú ar do chonradh, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht faoin an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 féach 'Gearáin' thíos.

Má dhéanann d’fhostóir athrú suntasach ar do chonradh nach dtoilíonn tú leis, mar shampla trí do phá a laghdú, ba chóir duit ceist a chur ar d’fhostóír chun sonraí scríofa den athrú molta ar do chonartha fostaíochta, dáta athbhreithniúcháin san áireamh. Ba chóir duit freagra scríofa a thabhairt agus, má molann tú leis an athrú a glacadh, caithfidh tú cur i bhfios go láidir go mbeadh do ghlacadh sealadach. Nuair a mbeadh an athrú ar do chonartha fostaíochta athbhreithnithe ag an dáta sin, is féidir iarratas a dhéanamh chun fill ar do bunthéarmaí agus coinníollacha.

Mura n-aontaíonn tú leis an laghdú agus más mian leat leanúint ag obair mar roimhe sin, b'fhéidir go gcinnfeadh d’fostóir tú a dhéanamh iomarcach. Má tá tú dífhostaithe ó do chuid fostaíochta, d'fhéadfá bheith incháilithe chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh. Ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir le d’fhostóir cúis iomarcaíochta dhílis agus nósanna imeachta maithe a thabhairt leis.

Má d’áitíonn d'fhostóir uaireanta oibre nó pá a laghdú b'fhéidir nach bhfuil rogha agat ach éirí as agus éileamh a dhéanamh ar toisc go bhfuil téarmaí an chonartha sáraithe ag an bhfostóir. b’fhéidir go gceapfaidh tú nach bhfuil aon rogha agat ach do phost a fhágáil agus dífhostú éagórach a éileamh. Tugtar dífhostú inchiallaithe ar an gcineál sin dífhostaithe ar an ábhar, cé gur fhág tú an post, gur chuir an fostóir ort imeacht mar gheall ar a ghníomhartha/a gníomhartha. Sula bhfeidhmíonn tú an rogha sin áfach, ba chóir duit i gcónaí comhairle dlí shonraithe a lorg mar go minic bíonn sé deacair dífhostú inchiallaithe a chruthú. De rogha air sin, d’fhéadfá an díospóid a tharchur chuig Coimisinéir um Chearta chun iarracht a dhéanamh an ní a réiteach, agus sa tslí sin an cás ina bhfágfá an post a sheachaint. Toisc go mbaineann na hiarrachtaí a dhéanann an fostaí casaoid a réiteach sula n-éiríonn sé/sí as le hábhar i gcónaí in éileamh a bhaineann le dífhostú inchiallaithe, b’fhéidir gurb é sin an beart is ciallmhaire.

Gearáin

Má dhéanann tú gearán chuig an tSeirbhís Choimisinéir um Chearta nó chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta ba chóir duit an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid atá ar fáil ar workplacerelations.ie.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Dífhostú éagórach
    Cuirtear síos conas atá fostaithe cosanta faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach: cé atá clúdaithe, cé atá eisiata agus conas éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.
  • Cáiliú le haghaidh iomarcaíochta
    Ní gach fostaí in Éirinn a chailleann a p(h)ost a bheidh incháilithe le haghaidh iomaraíochta Cad iad na rialacha maidir le hincháiliú iomarcaíochta.
  • Nósanna imeachta iomarcaíochta
    Tá roinnt nósanna imeachta cosúil le fógra go gcaithfidh an fostóir leanúint nuair atá baill fhoirne á ndéanamh iomarcach. Faigh amach faoi na nósanna seo agus conas atá do chearta leagtha amach sa dlí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.