Ar nós gach fostaí eile, is féidir le daoine faoi mhíchumas raon scileanna, buanna agus cumas a thabhairt chuig an láthair oibre agus tá raon tacaíochtaí ar fáil dóibh in Éirinn le cabhrú leo fostaíocht a fháil agus a choimeád. Tá roinnt díobh seo do dhaoine faoi mhíchumas atá ag obair – féach ‘Fostaithe faoi mhíchumas’ thíos. Tá tacaíochtaí eile ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas atá dífhostaithe – féach ‘Post a lorg’ thíos.
Má thagann míchumas ort
Má tá post agat agus go dtagann míchumas ort – mar shampla, trí thimpiste nó bhreoiteacht – d’fhéadfadh go dteastódh uait filleadh ar an obair uair éigin. Sa chás seo, tá sé tábhachtach suí síos le d’fhostóir agus do roghanna a plé go muiníneach. Ag brath ar an gcineál míchumais agus ar an gcineál poist atá agat, seans nach mbeadh fadhb ar bith agat filleadh ar an obair. Go deimhin, tá seans nach mbeadh tionchar ar bith ag do mhíchumas ar an gcineál poist atá agat nó ar do chumas é a chomhlíonadh. D’fhéadfadh gá a bheith ann an láthair oibre a chur in oiriúint do do mhíchumas áfach nó d’fhéadfadh trealamh speisialta a bheith ag teastáil uait chun do phost a chomhlíonadh. Mura féidir leat filleadh ar an bpost a bhí agat cheana de bharr do mhíchumais, tá raon roghanna ar fáil – féach ‘Post a lorg’ thíos.
Má éiríonn do mhíchumas níos measa nó má tá tuilleadh tacaíochta de dhíth ort
I gcásanna ina raibh míchumas agat cheana féin a d’athraigh nó atá forásach, ba chóir duit suí síos le d’fhostóir agus labhairt faoi na roghanna atá ar fáil duit agus na riachtanais atá agat. D’fhéadfadh cibé an bhfuil tuilleadh athruithe ag teastáil chun do phost reatha a dhéanamh nó nach bhfuil, cibé ar gá athruithe a dhéanamh don áitreabh agus cibé ar gá d’imthosca oibre agus do chleachtais oibre a athrú a bheith i measc na saincheisteanna a bheadh á bplé agaibh. Ba chóir duit a bheith macánta agus réadúil faoi do chumas féin leanúint leis an obair.
D’fhéadfadh tosú nó dul chun cinn míchumais a bheith ina imeacht millteach. Ní chiallaíonn sé i gcónaí go mbeidh ort éirí as do phost áfach. Tá sé de dhualgas ar fhostóirí freastal go réasúnta do bhaill foirne faoi mhíchumas agus go minic, is féidir leat leanúint ag obair i láthair oibre oiriúnaithe nó le trealamh agus athruithe do do chleachtas oibre agus do do choinníollacha fostaíochta. I measc na roghanna féideartha duitse agus do d’fhostóir tá:
Tá sé tábhachtach do gach fostóir baill foirne inniúla, a bhfuil taithí acu, agus gur féidir leo brath orthu, a fháil agus a choimeád. Tá roinnt scéimeanna tacaíochta FÁS ar fáil duit má thagann míchumas ar duine de do bhaill foirne nó má fhostaíonn tú ball foirne nua a bhfuil míchumas air/uirthi.
Tá na cearta fostaíochta céanna ag fostaithe faoi mhíchumas is atá ag fostaithe eile.
Reachtaíocht comhionannais: Cuireann na hAchtanna
um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2008 cosc iomlán ar idirdhealú ar
fhoras míchumais i bhfostaíocht, oiliúint agus earcú san áireamh. Deir na
hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta áfach nach bhfuil sé de dhualgas ar
fhostóir duine a earcú ná a choinneáil nach bhfuil iomlán inniúil nó
nach bhfuil ábalta na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh.
Freastal réasúnta: De réir na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta
1998-2008 tá ar fhostóirí céimeanna réasúnta a ghlacadh chun freastal ar
riachtanais fostaithe agus fostaithe féideartha a bhfuil míchumais orthu. Is
féidir freastal réasúnta a shainmhíniú mar oiriúnú áirithe a dhéanamh
ar na tascanna nó ar struchtúr an phoist nó na láithreach oibre, a ligeann
don fhostaí cáilithe atá faoi mhíchumas a phost a chomhlíonadh go hiomlán
agus tairbhe a bhaint as comhdheiseanna fostaíochta. Faoi
reachtaíocht an AE áfach, níl dualgas ar fhostóirí caitheamh go speisialta
le fostaithe ná áiseanna speisialta a sholáthar dóibh má tá costas
iomarcach nó díréireach ag baint lena leithéid a dhéanamh.
Sláinte agus sábháilteacht: Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 ní mór d’fhostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas na bhfostaithe go léir ina láthair oibre a chinntiú. Tugtar aird ar leith ar fhostaithe faoi mhíchumais agus treoraítear d’fhostóirí a gcuid riachtanas a thabhairt san áireamh, go háirithe maidir le doirse, pasáistí, staighrí, cithfholcadáin, báisíní níocháin, leithris agus stáisiúin oibre.
Cuóta na seirbhíse poiblí: Cuireann an tAcht um Míchumas 2005 dualgas ar chomhlachtaí poiblí breathnú ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus freastal orthu. Faoi Chuid 5 den Acht, coimeádtar 3% de na poist i gcomhlachtaí seirbhíse poiblí (údaráis áitiúla, an státseirbhís, FSS agus araile) do dhaoine faoi mhíchumas.
Cibé an bhfuil tú ag lorg poist den chéad uair nó go bhfuil tú ag filleadh ar an obair tar éis bheith as láthair, tá sé tábhachtach go dtugann tú do chuid scileanna faoi deara mar aon leis na praiticiúlachtaí a bhaineann le do mhíchumas agus leis an gcineál oibre a bhfuil iarratas á chur isteach agat uirthi araon. Tá beartais chomhdheiseanna ar bun ag a lán fostóirí agus léiríonn siad go soiléir ar fhógraí le haghaidh poist go gcuireann siad fáilte roimh iarratais ó dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu. Ba chóir go mbeifeá ar an eolas áfach faoi na cearta atá agat agus faoi na dualgais atá ar fhostóirí féideartha maidir leat faoi reachtaíocht comhionannais na hÉireann. Tá sé suas chugat féin an cinneadh a dhéanamh cibé an dteastaíonn uait insint d’fhostóirí féideartha faoi do mhíchumas. Baineann sé seo go háirithe mura bhfuil do mhíchumas sofheicthe (mar shampla tinneas ainsealach ar nós airtríteas nó meabhairghalair) ach go bhféadfadh sé bac a chur ort dualgais áirithe a chomhlíonadh. Cé go bhféadfadh do chúiseanna féin a bheith agat le do mhíchumas a choimeád príobháideach, ní féidir le d’fhostóir freastal ar aon riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith agat mura bhfuil a fhios acu faoi do mhíchumas.
Tá roinnt scéimeanna tacaíochta agus deiseanna oiliúna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas má theastaíonn uathu dul isteach san fhórsa oibre.
Cuimsíonn seirbhísí margadh saothair do dhaoine faoi mhíchumas cabhrú leo fostaíocht le pá a fháil nó iad a ullmhú don obair trí chláir oiliúna nó fostaíochta. Tá siad soláthartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.
Soláthraíonn FÁS gairmoiliúint do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine atá ag filleadh ar an bhfórsa oibre trí oiliúint agus chúrsaí oiliúna um scileanna speisialta. Tairgtear oiliúint do dhaoine i bhfostaíocht trí phrintíseachtaí agus oiliúint inmheánach. Tugann FÁS spreagadh do dhaoine faoi mhíchumas leas a bhaint as na roghanna oiliúna seo go léir.
Tá conarthaí ag FÁS le 20 soláthraí sainoiliúna ar fud na tíre chomh maith chun cúrsaí oiliúna a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas, a d’fhéadfadh tacaíocht níos déine a bheith de dhíth orthu ná mar a mbeadh ar fáil i ngnáthchúrsaí oiliúna. San áireamh ar phríomhghnéithe na sainoiliúna tá trealamh oiriúnaithe, cur chuige atá dírithe níos mó ar an duine aonair agus seisiúin oiliúna níos faide.
Scéim Deontais um Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist
Má tá tú i d’iarrthóir poist atá bodhar, nó go bhfuil moill éisteachta nó máchail chainte ort is féidir leat iarratas a chur chuig FÁS ar mhaoiniú le go rachadh ateangaire sa teanga chomharthaíochta nó ateangaire eile chuig d’agallamh poist in éineacht leat. Is féidir maoiniú a sholáthar freisin chun costais an ateangaire a chlúdach le linn tréimhse insealbhaithe nuair a thosaíonn tú ag an obair.
An Clár um Fhostaíocht Tacaithe
Cabhraíonn an Clár um Fhostaíocht Tacaithe le daoine faoi mhíchumas obair a fháil agus cuireann sé tacaíocht leanúnach ar fáil dóibh, lena n-áirítear oiliúnóirí poist ar feadh a bhfostaíochta. Oibríonn an clár trí raon eagraíochtaí ar fud na tíre.
Má tá íocaíocht míchumais á fháil agat, mar shampla, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta, d’fhéadfaí ligean duit roinnt oibre a dhéanamh atá ina hobair athshlánúcháin nó theiripeach gan d’íocaíocht míchumais a chailliúint nó gan cur isteach uirthi – féach ‘Scéimeanna fostaíochta’ thíos. Má theastaíonn uait oibriú agus d’íocaíocht míchumais a choinneáil, ní mór duit cead a fháil i scríbhinn ón Roinn Coimirice Sóisialaí.
Scéimeanna fostaíochta
Tacaíochtaí fostaíochta eile
D’fhéadfadh daoine faoi mhíchumas a theastaíonn uathu a ngnó féin a thosú nó obair a fháil a bheith incháilithe le haghaidh ceann de na tacaíochtaí seo a leanas um fhilleadh ar an obair:
Tá faisnéis do fhostóírí agus cur síos ar an bhfreastal réasúnta gur féidir a dhéanamh do mhíchumais éagsúla ar an láithreán gréasáin Ahead (Cumann Ardoideachais Rochtain agus Míchumas).
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta tar éis treoir maidir le cleachtais chuimsitheacha sláinte agus sábháilteachta d’fhostaithe faoi mhíchumas (pdf) a chur ar fáil.
Is leabhrán é ‘Cuir ceist - Lámhleabhar d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe’ (pdf) a dhéanann cur síos ar thacaíochtaí gur féidir a thabhairt d’fhostaithe a bhfuil deacrachtaí sláinte intinne acu, atá ar fáil ar láithreán gréasáin ‘Eastern Vocational Enterprises (E.V.E.).
Soláthraíonn An tÚdarás Comhionannais faisnéis faoi chothroime i gcúrsaí oibre agus faoi shaincheisteanna idirdhealaithe.
Má cheapann tú go ndearnadh idirdhealú i do choinne de barr do mhíchumais maidir le hobair, gairmoiliúint nó teacht ar fhostaíocht, is féidir leat gearán a dhéanamh don Bhinse Comhionannais.
Déan teagmháil leis an oifig
FÁS áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.