D'fhéadfadh sé go mbeadh fostóirí a chuireann traenáil ar fáil dá bhfoireann oibre maidir le míchumas in ann iarratas a dhéanamh ar dheontas le costais na traenála sin a chlúdach. Is í an aidhm atá le foireann a chur ar an eolas maidir le míchumas ná seirbhís custaiméara den scoth a sholáthar do chliaint agus custaiméirí agus fostaíocht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn trí thimpeallacht oibre atá oscailte agus fáilteach a chruthú don fhoireann uile.
Tá scéim deontais traenála le bheith ar an eolas maidir le míchumas dírithe ar fhostóirí a sholáthraíonn traenáil agus a chuidíonn le daoine a chur ar an eolas faoi cheisteanna a bhaineann le míchumas san ionad oibre. Má chuirtear daoine ar an eolas maidir le míchumas is féidir dul i ngleic le himní nó míthuiscintí atá ag fostóirí agus ag fostaithe maidir le bheith ag obair le daoine atá faoi mhíchumas. Tá an scéim riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.
Sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 agus sna hAchtanna um Chomhionannas Stádais 2000-2011 mar atá sé spreagtar fostóirí i dtreo traenála don "ghníomhaíocht dhearfach" a thosú a dhíríonn ar chothromaíocht a bhaint amach agus leatrom a sheachaint.
Tá deontais ar fáil le haghaidh traenála maidir le heolas ar mhíchumas dóibh seo a leanas:
Caithfidh aon traenáil maidir le heolas ar mhíchumas a reachtáiltear a bheith mar pháirt de pholasaí Achmhainní Daonna nó Comhionannais Deiseanna na heagraíochta agus caithfidh an clár a bheith ceadaithe ag Bainisteoir Stiúrtha na heagraíochta. Ní chuirfear deontais ar fáil faoin scéim seo do chláracha traenála (inmhéanacha nó seachtracha) atá curtha ar fáil ag máthairchomhlacht nó ag fo-eagraíocht nó do chlár a bhfuil ball foirne den eagraíocht ag cur ar fáil.
Caithfidh traenálaithe a sholáthraíonn traenáil maidir le míchumas a bheith ceadaithe agus cláraithe le FÁS ó thaobh a gcuid saineolais traenála. Déanfaidh coiste náisiúnta athbhreithniú ar iarratais a thagann isteach ó thraenálaithe le cúrsaí eolais maidir le míchumas a chur ar fáil agus déanfar monatóireacht rialta ar a gcuid oibre lena chinntiú go bhfuil ardchaighdeán traenála i bhfeidhm.
Ní chuirfear deontais ar fáil faoin scéim seo do chláracha traenála (inmhéanacha nó seachtracha) atá curtha ar fáil ag máthaireagraíocht nó ag fo-eagraíocht nó do chlár a bhfuil ball foirne den eagraíocht ag cur ar fáil.
Tá deontas de 90% de chostais incháilithe an chláir traenála ar fáil d'eagraíocht (suas go dtí uasmhéid de €20,000 in aon bhliain fhéilire) don chéad bhliain traenála.
Tá 80% de chostais incháilithe traenála an chláir clúdaithe i ndiaidh na céad bliana (suas go dtí uasmhéid de €20,000 in aon bhliain fhéilire).
Is féidir costais an chláir dóibh seo a leanas a fháil:
Ní thugtar cúnamh airgid dóibh seo a leanas:
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an scéim seo, déan teagmháil le do thoil leis an aonad áitiúil um Sheirbhísí do Ghnó de chuid FÁS, a bheidh in ann freisin liosta de Thraenálaithe um Chláracha Eolais maidir le Míchumas atá cláraithe le FÁS i gcomhar leis an scéim seo a chur ar fáil duit.
Caithfear do iarratas (Foirm Iarratais (pdf)) ar dheontas faoin scéim seo a bheith curtha ar aghaidh ar a laghad 3 seachtainí (ach gan a bheith níos luaithe ná 2 mhí) roimh dáta tosnaithe an chláir.
Sula n-íocfar aon deontas, caithfidh d'eagraíocht an Fhoirm Éilimh chuí a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais taobh istigh de 2 mhí ó dheireadh an chláir. Caithfear teastais tinrimh le heolas áirithe curtha ar fáil ag an eagraíocht traenála a bheith iniata leis an bhfoirm.
Ní féidir leat deontais a tharraingt anuas ó aon fhoinse eile do thraenáil a bhaineann le heolas maidir le míchumas má tá tú ag déanamh iarratais faoin scéim seo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.