Má tá tú faoi mhíchumas agus más mian leat fostaíocht le pá a thógáil nó má theastaíonn cúnamh uait post a aimsiú, d'fhéadfadh sé go mbeadh cúnamh ar fáil duit ó Chlár Fostaíochta le Tacaíocht FÁS. Tá an scéim riartha ag na cláir fhostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.
Tá maoiniú ar fáil ón gclár seo le daoine atá faoi réimse míchumais agus laigí éagsúla a shocrú i bhfostaíocht agus le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil dóibh. Tá go leor tacaíochtaí "sa phost" le fáil ón gclár seo, Traenálaí Poist mar shampla a chuireann cúnamh ar fáil don fhostóir agus don té atá ag lorg fostaíochta. Más mian leat leas a bhaint as an gClár Fostaíochta le Tacaíocht caithfidh sé i ndáiríre go bhfuil réamhthacaíocht ó Thraenálaí Poist ag teastáil uait le fostaíocht a fháil ar an margadh oscailte.
Tá Cláir Fhostaíochta le Tacaíocht ag feidhmiú tríd ghrúpa d’eagraíochtaí áitiúla i do cheantar ar a dtugtar urraí. Go minic, bíonn eagraíochtaí sna hearnálacha deonacha agus pobail a chuireann seirbhísí ar fáil díreach chuig daoine faoi mhíchumas páirteach sna grúpaí seo. Tugtar urraí ar na heagraíochtaí seo agus riarann siad Cláir Fhostaíochta le Tacaíocht ar son FÁS. Fostaíonn an t-Urra Traenálaithe Poist agus Comhordaitheoir leis an gclár a chur i gcrích. Is féidir go mbeadh iarrthóirí ar Chlár Fostaíochta le Tacaíocht ainmnithe don chlár ag an ngrúpa nó is féidir leo dul i dteagmháil leis a n-oifig áitiúil FÁS.
Tá Comhordaitheoir ag gach Scéim Fostaíochta le Tacaíocht a bhreathnaíonn i ndiaidh oibriú na Scéime i do cheantar. Sular féidir leat páirt a ghlacadh sa Scéim caithfidh Oifigeach Seirbhísí Fostaíochta FÁS nó Idirghabhálaí Seirbhísí Áitiúla Fostaíochta socrú a dhéanamh go gcasfaidh an comhordaitheoir leat (nó le tuismitheoir/caomhnóir/ball den teaghlach) le plé a dhéanamh ar do riachtanais, spéiseanna, scileanna agus le fáil amach an bhfuil an Scéim fheiliúnach duit. Tá 4 chéim ag an gclár:
Is féidir leis an Oifigeach Seirbhísí Fostaíochta FÁS nó Idirghabhálaí Seirbhísí Áitiúla Fostaíochta duine faoi mhíchumas a ainmniú díreach chuig aon cheann den cheithre chéim den chlár, ag brath ar na riachtanais atá ag an té atá ag soláthar fostaíochta.
Daoine a bhfuil oiliúint curtha ag FÁS orthu iad na Traenálaithe Poist a bhfuil ról lárnach acu sa Scéim Fostaíochta le Tacaíocht. Is féidir le Traenálaithe Poist cúnamh a thabhairt sa phost agus tacaíocht leanúnach a sholáthar do rannpháirtithe, roimh dóibh fostaíocht a thógáil, lena linn agus ina diaidh.
Nuair atá tú cláraithe go hoifigiúil leis an gClár Fostaíochta le Tacaíocht buailfidh tú leis an gComhordnóir áitiúil agus ceapfaidh sé/sí Traenálaí Poist duit. Casfaidh an duine seo leat le plé a dhéanamh leat agus le cúnamh a thabhairt duit do scileanna, spéiseanna agus aidhmeanna a aimsiú. I bhfocail eile, cuireann sé/sí próifíl ghairmiúil le chéile a aimsíonn do scileanna, tallann, spéiseanna agus an cineál oibre a bheadh suim agat inti. Déanfaidh an Traenálaí Poist ceisteanna a phlé leat a bhaineann le cé acu ab fhearr leat obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha, cén áit gur mhaith leat a bheith ag obair (i.e., an mbeidh córas iompair ag teastáil uait le dul ann). Ag an bpointe seo, d'fhéadfadh sé go mbeadh an Traenálaí Poist, más gá, i dteagmháil le do theaghlach /caomhnóir. Más gá, d'fhéadfadh sé go mbeadh teagmháil ag an Traenálaí Poist leis an lucht leighis a bhíonn ag plé leat le cinntiú go bhfuil tú réidh don fhostaíocht ó thaobh na sláinte de.
Ar mhaithe le bheith iomlán cinnte go bhfuil tú feiliúnach don fhostaíocht d'fhéadfadh sé go mbeadh an Traenálaí Poist ag iarraidh am a chaitheamh leat go sóisialta le féachaint cén chaoi a mbíonn tú le daoine eile nó má bhíonn tú ag freastal ar ionad lae, d'fhéadfadh sé go dtabharfadh sé/sí cuairt air le fáil amach cén chaoi a ndéanann tú do chuid oibre ann. Tá an próiséas seo fíor thábhachtach le cinntiú go bhfuil an fhostaíocht a fhaigheann tú feiliúnach duit agus le cinntiú go bhfuil aon tacaíochtaí a theastaíonn uait curtha san áireamh.
Má tá tú faoi mhíchumas, is féidir le traenálaí poist cúnamh a thabhairt duit:
Cuireann an traenálaí poist tacaíocht díreach ar fáil do fhostóirí nuair atá na fostaithe faoi mhíchumas ag obair dóibh tríd:
Bíonn rannpháirtithe na Scéime Fostaíochta le Tacaíocht ag plé le go leor cineálacha oibre. Nuair atá cinneadh déanta agat agus ag an Traenálaí Poist cén cineál oibre a bhfuil spéis agat inti, níl le déanamh ach iarratais ar obair a dhéanamh. Is féidir iarratais a dhéanamh ar phostanna atá feiliúnach do na scileanna agus spéiseanna atá agat atá fógraithe sa ghnáth bhealach nó is féidir leis an Traenálaí Poist cúnamh a thabhairt duit postanna i do cheantar a aimsiú agus iarratais a dhéanamh orthu. In amanta, bíonn ról ag an Traenálaí Poist i dteagmháil a dhéanamh le fostóirí sa cheantar nó le fostóirí sa réimse fostaíochta a bhfuil spéis agat inti.
Cuireann Traenálaithe Poist tacaíocht leanúnach ar fáil do rannpháirtithe ar bhealaí éagsúla. Is féidir leis an Traenálaí Poist (ag brath ar riachtanais) cúnamh a thabhairt do rannpháirtithe le traenáil sa phost agus tacaíocht a sholáthar nuair a thosaíonn an post ar dtús, teagmháil a chruthú leis an bhfostaí agus leis an bhfostóir. I gcás rannpháirtithe eile is féidir leis an Traenálaí Poist tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil nuair a theastaíonn sé uathu. Braitheann sé ar an duine féin a ghlacann páirt sa Scéim seo cé na riachtanais atá aige/aici agus beidh an cineál tacaíochta atá ag teastáil uaidh/uaithi difriúil ó dhuine go duine.
Ó am go ham, bíonn an fostóir agus an fostaí ar aon intinn nach bhfuil ag éirí leis an socrú. Sa chás seo, is féidir leis an Traenálaí Poist an scéal a mheas arís maidir le tacaíochtaí agus cúnamh a d'fhéadfaí a chur ar fáil sa todhchaí (i.e., tuilleadh traenála, b'fhéidir).
Tá réimse leathan traenála gairmiúla agus cláracha fostaíochta dhá chur i bhfeidhm ag FÁS ar fud na hÉireann atá dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas fostaíocht a fháil agus a choinneáil. Ní mór i ndáiríre go mbeadh cúnamh ag teastáil uait le fostaíocht a lorg agus a fháil le páirt a ghlacadh sa Scéim Fostaíochta le Tacaíocht agus ní mór duit a bheith "Réidh le Post a Glacadh". Déantar cur síos ar dhuine atá "Réidh le Post a Glacadh" mar "dhuine a bhfuil an traenáil, oideachas, spreagadh agus cumas cuí aige/aici le dul ag obair/i mbun gairme sa mhargadh saothair oscailte".
Níl aon táille le híoc as a bheith páirteach i Scéim Fostaíochta le Tacaíocht. Ní gá duit íoc as aon cheann de na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit de bharr do rannpháirtíochta sa Scéim seo. Tá na cearta fostaíochta céanna ag aon duine a fhaigheann fostaíocht tríd an Scéim seo agus atá ag gach fostaí eile. Íocfaidh an fostóir tú agus tabharfaidh sé/sí téarmaí agus coinníollacha fostaíochta duit ar an mbealach céanna agus a thugtar d'fhostaithe eile iad.
Is féidir le do ghrúpa áitiúil tú a chur ar aghaidh chuig an Scéim nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig áitiúil FÁS agus do spéis páirt a ghlacadh sa Scéim a chur in iúl.
Mura bhfuil an Scéim Fostaíochta le Tacaíocht feiliúnach duit tá cúrsaí eile a d'fhéadfadh a bheith níos feiliúnaí do do riachtanais.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.