Scéim Deontais um Ateangaire ag Agallamh Poist

Réamhrá

Má tá tú bodhar nó má tá moill éistigh ort nó má tá lagú urlabhra ort, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas chun íoc as cabhair ag agallaimh phoist. Tugtar an Scéim Deontais um Ateangaire ag Agallamh Poist (an SDAAP) air seo agus íocann sé as ateangaire chun dul chuig an agallamh leat.

Má thosaíonn tú post nua, féadfaidh tú SDAAP a úsáid, chomh maith, chun íoc as ateangaire chun cabhrú leat i rith na tréimhse ionduchtúcháin.

Cad a dhéanann an t-ateangaire?

Is féidir le hateangaire cabhrú leat déileáil le ceisteanna agus an méid is mian leat a rá in agallamh a rá duit. Trí úsáid a bhaint as teanga chomharthaíochta nó ar bhealaí eile, is féidir leo a chinntiú go dtuigeann tú féin agus an t-agallóir go soiléir an méid atá á rá.

Ní ghlacann ateangairí páirt sa chomhrá. Ní chuirfidh siad aon rud leis an méid a deireann tú féin nó na hagallóirí, agus ní fhágfaidh siad aon rud ar lár. Caitheann siad leis an bhfaisnéis go léir a thugtar i rith an agallaimh as mar rudaí rúnda.

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh ar SDAAP?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an SDAAP sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú bodhar nó má tá moill éistigh ort nó má tá lagú urlabhra ort, agus
  • Tá obair á cuardach agat nó tá tú díreach tar éis post nua a thosú, agus
  • Ceapann tú go mbeadh sé áisiúil ateangaire teanga chomharthaíochta nó ateangaire eile a bheith ann ag d’agallamh poist nó ag ionduchtúchán, agus
  • Tá an t-agallamh nó an post le fostóir earnála príobháidí

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar an SDAAP sna cásanna seo a leanas:

  • Tá d’agallamh nó d’ionduchtúchán le fostóir earnála poiblíSa chás seo, íocann an fostóir as an ateangaire
    • Sa chás seo, íocann an fostóir as an ateangaire
  • Cistítear d’agallamh nó d’ionduchtúchán go poiblí (mar shampla, faoin Scéim Fostaíochta Pobail)
    • Sa chás seo, íocann an comhlacht earnála poiblí as costais ateangaireachta a chistíonn an fhostaíocht

Tabhair faoi deara, le do thoil: ní féidir SDAAP a úsáid ach chun íoc as ateangaire in agallamh poist nó as ionduchtúchán le fostóir earnála príobháidí. Ní féidir leat úsáid a bhaint as ar aon chuspóir eile.

Níl teorainn ar an méid agallamh ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar SDAAP dóibh.

D’ateangaire a aimsiú

Má bheidh tú ag freastal ar agallamh nó ionduchtúchán le fostóir earnála príobháidí, tá tú freagrach as d’ateangaire féin a aimsiú. D’fhéadfadh cara, duine muinteartha, ateangaire teanga chomharthaíochta atá cáilithe go gairmiúil nó ateangaire eile a bheith i gceist leis seo.

Is féidir leis na heagraíochtaí seo a leanas cabhrú leat ateangaire gairmiúil a aimsiú:

  • Seirbhís Ateangaireachta Comharthaíochta
  • Ionad Staidéir Theanga Chomharthaíochta (CSL)
  • Bridge Interpreting

Féadfaidh siad ligean duit ateangaire a roghnú a fhreastalóidh i bpearsan ar d’agallamh nó a chabhróidh leis go cianda. Úsáideann cianseirbhísí ateangaireachta nasc beo físe, ar nós Skype. Féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos chun teacht ar shonraí teagmhála.

Má bheidh tú ag freastal ar agallamh nó ionduchtúchán le fostóir earnála poiblí, ba cheart duit iarraidh ar an bhfostóir a chinntiú go mbeadh ateangaire ann i bpearsan nó go cianda. Tá dualgas ar eagraíochtaí earnála poiblí seirbhísí ateangaireachta a eagrú agus íoc astu ar iarraidh sin.

An ateangaire comharthaíochta tú

Más ateangaire comharthaíochta tú agus tú ag lorg deiseanna fostaíochta is féidir leat teagmháil a dhéanamh le SLIS chun tuilleadh faisnéise a fháil. Tá seirbhís atreoraithe acu d’ateangairí neamhspleácha agus coimeádann siad clár náisiúnta ateangairí dóibh siúd atá cláraithe.

Conas ateangaire a úsáid i rith agallamh poist

Comhairle d’agallaithe

  • Cuir d’ateangaire in áirithe a luaithe agus is féidir. Tabharfaidh seo roinnt ama duit agus don ateangaire plé a dhéanamh ar an méid ba cheart súil a bheith leis agus chun rudaí a ullmhú a theastóidh uait (mar shampla, cur i láthair).
  • Seol cóip de do CV chuig d’ateangaire roimh an agallamh.
  • Cinntigh go bhfuil cur amach agaibh beirt ar aon fhocail agus frásaí speisialta is féidir a úsáid i rith an agallaimh.
  • Déan teagmháil leis an bhfostóir roimh an agallamh le hainm d’ateangaire a insint dóibh agus leis na socruithe go léir a sheiceáil

Comhairle d’fhostóirí

  • Ag an agallamh, ba cheart duit féachaint ar agus labhairt go díreach leis an duine atá bodhar nó ar a bhfuil moill éistigh (an t-agallaí), seachas an t-ateangaire.
  • Ná iarr ar an ateangaire riamh ‘inis dóibh...’ mar gheall go measfaí go mbeadh seo drochmheasúil agus drochbhéasach.
  • A shocrú go seasfaidh nó go suífidh an t-ateangaire i ngar dóibh siúd atá ag labhairt. Ba cheart go mbeadh radharc soiléir ag an duine atá bodhar nó ar a bhfuil moill éistigh ort féin agus an t-ateangaire. Má bheidh tú ag bogadh timpeall i rith an tseisiúin, nó ma bheidh breis agus ateangaire amháin ann, ba cheart duit na socruithe suíochánra a eagrú roimh ré leis an agallaí agus an t-ateangaire.
  • Cuimhnigh go mbeidh an t-ateangaire cúpla focal taobh thiar den chainteoir. Tabhair dóthain ama dóibh chun críochnú sula leanann tú chun gur féidir leis an agallaí ceisteanna a chur nó páirt a ghlacadh sa phlé.
  • Is féidir leis an ateangaire nó an t-agallaí iarraidh ort chun labhairt níos moille nó focal nó abairt a rá arís ar mhaithe le soiléiriú. Ar an gcuma chéanna, cinntigh iarraidh orthu aon rud a rá arís nach bhfuil soiléir duit.
  • Labhair mar is gnách le duine atá bodhar nó ar a bhfuil moill éistigh nó a bhfuil lagú urlabhra. Níl sé cabhrach labhairt os ard, agus níl údar ar bith leis, ach go háirithe, má tá an t-ateangaire ann. Ceadaigh don agallaí a n-abairtí a chríochnú.
  • Is minic go mbíonn patrúin éagsúla urlabhra ag daoine ar a bhfuil lagú urlabhra, mar sin, beidh ort éisteacht go cúramach. Má cheapann tú go bhfuil rud éigin míshoiléir, cuir ceisteanna agus abair arís an méid a dúirt siad lena chinntiú go dtuigeann tú .

Rataí

Íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) táille leis an ateangaire as seisiún leathlae (a mhéid le trí huaire an chloig). Athraíonn an ráta ó €95 go €205, ag brath ar bhfad agus ar cháilíochtaí an ateangaire.

Íocfaidh an RCS, chomh maith, as costais taistil an ateangaire – an costas a bhíonn ar a dtáille ar iompar poiblí nó ráta €0.25 in aghaidh an chiliméadair nuair nach bhfuil iompar poiblí ar fáil.

Conas iarratas a dhéanamh

  1. Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh chun Foirm Iarratais ar an SDAAP Mír 1 agus Foirm Iarratais ar an SDAAP Mír 2 a fháil. Is féidir leat na foirmeacha seo a íoslódáil, chomh maith, ar gov.ie.
  2. Comhlánaigh a mhéid de na foirmeacha seo agus is féidir roimh an agallamh poist nó an ionduchtúchán. Iarr an bhfoireann i d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun cabhair a fháil leis na foirmeacha, más gá.
  3. Más féidir, faigh d’Fhoirm Iarratais ar an SDAAP Mír 2 sínithe ag cásoifigeach an RCS roimh an agallamh nó ionduchtúchán. Mura féidir seo a dhéanamh, cuir glao ar an gcásoifigeach chun a gcomhaontú ó bhéal leis an deontas a fháil.
  4. Tóg d’fhoirm iarratais leat chuig an agallamh. Iarr an bhfostóir agus an t-ateangaire chun é a shíniú agus a stampáil.
  5. Seol an fhoirm iarratais shínithe agus stampáilte ar ais chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. Déanfar an íocaíocht go díreach leis an ateangaire nó leis an tseirbhís ateangaireachta lena n-oibríonn siad.

Chun teacht ar bhreis sonraí, féach na treoirlínte ar an Deontas d’Ateangaire d’Agallamh Poist (pdf) ar welfare.ie.

Cá ndéanfaidh mé iarratas

  1. Chun Foirm Iarratais ar an SDAAP Mír 1 agus Foirm Iarratais ar an SDAAP Mír 2 a fháil, déan teagmháil le do Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil, nó íoslódáil na foirmeacha ó láithreán gréasáin an RCS ag gov.ie.
  2. Chun ateangaire gairmiúil a chur in áirithe, déan teagmháil le:

Sign Language Interpreting Service (referral service only)

Deaf Village Ireland

Ratoath Road

Cabra

Dublin 7

Phone: (0761) 078 440

Mobile: 087 980 6996

Fax: (01) 838 0243

Email: bookings@slis.ie

Website: www.slis.ie

CSL Centre for Sign Language Studies

Administration & Accounts Branch Office

Somerview House

Old Dublin Road

Carrick-on-Shannon

Co Leitrim

Phone (Bookings Desk): (071) 9622577

Mobile: 087 328 4623

Fax: (071) 962 2579

Email: bookings@cslstudies.com

Website: www.cslstudies.com

Bridge Interpreting

Phone/text: 087 904 6594

Fax: (01) 617 4885

Email: office@bridgeinterpreting.ie

Website: www.signlanguageinterpreting.ie/bridge-interpreting/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Meitheamh 2020