Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Fostaíocht agus míchumas > Deontais chun an láthair-oibre a chuir in oiriúint agus a áisiú do fhoireann faoi mhíchumas

Print Page Send to a Friend

Deontais chun an láthair-oibre a chuir in oiriúint agus a áisiú do fhoireann faoi mhíchumas

Eolas

Tá cabhair dheontais le fáil d'fhostóirí, fostaithe agus daoine féinfhostaithe faoi mhíchumas, a dteastaíonn uathu an láthair-oibre a chuir in oiriúint nó trealamh speisialta a cheannach d'fhoireann faoi mhíchumas. Tugtar Deontas um Oiriúnú Láthair-Oibre ar an deontas seo agus tá sé riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an deontas má tá an duine faoi mhíchumas fostaithe cheana nó ar tí a bheith fostaithe agat. Ar bhealach eile, má tá tú faoi mhíchumas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas tú féin má tá tú fostaithe cheana nó má tá chun fostaíocht a thosú.

Tá oibleagáid ar fhostóirí san earnáil phoiblí (mar shampla, ranna stáit, gníomhaireachtaí stáit, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla) éascaíocht a dhéanamh do riachtanais a bhfoireann faoi mhíchumas. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear ar fáil teicneolaíocht chabhrach, trealamh oiriúnaitheach agus saoráidí, áiseanna agus fearais. Dá bharr sin níl fostóirí san earnáil phoiblí ná a bhfostaithe faoi mhíchumas i dteideal an deontais a éileamh leis an láthair-oibre a áisiú nó a chuir in oiriúint dá bhfoireann faoi mhíchumas. (Caithfidh fostóirí seirbhísí poiblí a gcuid foinsí a úsáid chun na seirbhísí seo a chur ar fáil.)

Tá samplaí de chuid de na hoiriúnuithe lena bhféadfaí deontas a thabhairt áirithe sna nithe seo a leanas:

  • Sinteiseoirí gutha do ríomhairí nó aimplitheoirí do theileafóin
  • Córais aláraim le soilse gealánacha
  • Mionathruithe ar fhoirgnimh (áirítear tógáil nó méadú ar rampa nó mionathruithe ar áiseanna leithris)
  • Tiontaire Braille
  • Ardaitheoirí staighre.

Rialacha

Tá réimse leathan trealamh agus oiriúnuithe atá clúdaithe ag an deontas seo. Ba chóir duit fios a bheith agat, áfach, nach bhfuil tú i dteideal iarratais a dhéanamh ar dheontas cabhrach gach bliain.

Ní féidir leat ach an oiread iarratas a dhéanamh le haghaidh trealaimh a cheannaíodh go siarghabhálach.

Rataí

Is é €6,348.70 an t-uasdeontas atá ar fáil le trealamh a cheannach nó a chur in oiriúint. Is féidir an deontas a úsáid freisin chun uasghrádú a dhéanamh ar threalamh a cuireadh in oiriúint cheana agus ar íocadh deontas lena aghaidh roimhe seo.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leatsa nó le d'fhostóir iarratas a dhéanamh má tá tú fostaithe nó chun tosú ar fhostaíocht. Is féidir leat Foirm Dheontais um Oiriúnú Láthair-Oibre ar líne a fháil nó ó d’oifig FÁS áitiúil.

Ba chóir duit an trealamh agus/nó an t-oiriúnú a theastaíonn a lua chomh maith leis an údar go bhfuil sé riachtanach agus meastacháin ar an gcostas a chur ar fáil. Má chosnaíonn an trealamh nó oiriúnú níos mó ná €635, beidh ort 2 mheastachán ar na costais a fháil ó sholáthraithe difriúla. Má chosnaíonn an trealamh nó oiriúnú níos mó ná €1,270 ansin caithfidh tú 3 mheastachán ar na costais a fháil ó 3 sholáthraí dhifriúil.

Nuair a bhíonn d'fhoirm iarratais líonta agus na meastacháin faighte, déanfaidh FÁS athbhreithniú ar d'iarratas. Is é an trealamh nó oiriúnú is cuí duitse an ceann a roghnófar (agus d'fhéadfadh sé nach é an meastachán is ísle a bheadh ann). Íocfar an deontas go díreach ansin leis an iarrthóir chun na costais a chlúdach.

Más oibrí san earnáil phoiblí tú agus go dteastaíonn nó go dteastódh teicneolaíocht chabhrach nó oiriúnach nó athruithe ar do láthair-oibre uait, ba chóir duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Oifigeach Idirchaidreamh Míchumas i d’Aonad Acmhainní Daonna.

Caithfidh tú foirmeacha iarratais maidir le deontas trealamh nó oiriúnú láthair oibre chomhlánaithe a sheoladh chuig d'oifig seirbhísí fostaíochta FÁS. Ba chóir duit cóip den fháltas rud nó oiriúnaithe a bheith iniata le d'iarratas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.