Is scéim é an Scéim Fhóirdheontas Tuarastail a sholáthraíonn tacaíocht airgid do fhostóirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas ar bhunús lánaimseartha (21 uaire nó níos mó). Tá an scéim riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012. Ní bheidh fostóirí seirbhísí poiblí ná aon fhostóir nó scéim atá maoinithe ag FÁS cáilithe don scéim seo.
Uaireanta is féidir le míchumas cur isteach ar tháirgiúlacht an fhostaithe i gcomparáid le baill fhoirne eile, gan tagairt dá c(h)umas an obair a dhéanamh. I gcásanna ina mbíonn laghdú ar tháirgiúlacht don fhostóir mar thoradh ar an mbac seo, cuireann an Scéim Fhóirdheontas Tuarastail (SFT) ar chumas an fhostóra an caillteanas seo a fháil ar ais trí chúnamh deontais.
Tá sé neamhdhleathach leatrom a dhéanamh ar aon fhostaí ar bhunús míchumais agus tá an ceart seo leagtha síos i reachtaíocht (na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 agus na hAchtanna um Chomhionannas Stádais 2000-2011).
Tá sé ceadaithe leatrom a fheidhmiú ar fhoras an mhíchumais, áfach, nuair is féidir a thaispeáint "go bhfuil fianaise achtúire nó de chineál eile ann a léiríonn go soiléir go mbeadh méadú suntasach ar chostais mura gceadófaí an t-idirdhealú sin." Ar an ábhar sin, má tá foireann a bhfuil ráta táirgiúlachta idir 50 - 80% cruthaithe acu ag fostóirí, ní chaillfidh siad aon rud má fhostaíonn siad daoine le míchumas toisc go bhfaighidh siad deontas ó FÁS mar chúiteamh ar aon chaillteanas táirgiúlachta.
Tá na coinníollacha céanna fostaíochta i bhfeidhm d'fhostaithe faoin scéim seo agus atá i bhfeidhm don fhoireann eile uile. Tá na fostaithe seo i dteideal ranníocaíochtaí ÁSPC, saoire bhliantúil asbhaintí cánacha, conarthaí fostaíochta agus an t-íosphá.
Tá an SFT roinnte ina trí dhual.
Is é Dual 1 an íocaíocht fhóirdheontas pá. Má tá leibhéal táirgiúlachta 80% nó níos lú ag fostaí faoi mhíchumas (i gcomparáid le baill fhoirne eile) íoctar fóirdheontas leis an bhfostóir chun an t-easnamh a dhéanamh suas. Ní mór don fhostaí 21 uair sa tseachtain suas go 39 uair sa tseachtain a hoibriú. Tá an ráta fhóirdheontas bunaithe ar na huaireanta oibrithe. Is é an fóirdheontas bliantúil uasta ná €10,748, bunaithe ar sheachtain de 39 uaireanta.
Is íocaíocht í Dual 2 do chuideachtaí a fhostaíonn níos mó ná beirt fhostaí faoi mhíchumas. Clúdaíonn an deontas ‘breise’ costais mhaoirseachta, bhainistíochta agus costais eile a bhaineann leis an obair. Tá an deontas breise bunaithe ar líon iomlán na bhfostaithe faoi mhíchumas ó 10% breise den fhóirdheontas pá i gcomhair idir 3 agus 6 fostaithe faoi mhíchumas suas go huasmhéid 50% den fhóirdheontas pá i gcomhair ó 23+ fostaí faoi mhíchumas.
Is éard is Dual 3 ann ná deontas do chuideachtaí a fhostaíonn 30 nó níos mó fostaí faoi mhíchumas chun cur ar a gcumas Oifigeach Cúnta Fostaíochta (OCF) a fhostú. Tá an OCF fostaithe chun tacaíocht agus cúnamh d'fhostaí faoi mhíchumas lena gcuid riachtanais a thabhairt. Is €30,000 in aghaidh na bliana atá sa deontas.
Aontaíonn FÁS, an fostóir agus an fostaí an fóirdheontas tuarastail iníoctha tar éis an chéad mhí fostaíochta. Íoctar an deontas leis an fhostóir le seic nó le haistriú leictreonach airgid ar bhonn rialta atá aontaithe le FÁS (go hiondúil is go míosúil a íoctar an deontas). Íocfaidh an fostóír an ráta oibre atá ar siúl.
Chun iarratas ar mhaoine faoin Scéim d'Fhóirdheontas Tuarastail caithfidh an fostóir agus an fostaí dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil FÁS seirbhísí fostaíochta. Caithfidh siad cruinniú le hoifigeach FÁS a shocrú agus na foirmeacha iarratais den scéim a chomhlánú. Ní mór deimhniú imréitigh cánach reatha a bheith ag gach fostóir atá ag déanamh iarratas ar an scéim.
Ba chóir d'fhostóirí dul i dteagmháil leis an oifig áitiúil FÁS má tá siad ag smaoineamh ar dhuine le míchumas a fhostú, nó má tá breis eolais uathu faoi thacaíocht eile atá le fáil ag fostóirí a bhfuil daoine le míchumas fostaithe acu, chun breis eolais a fháil.
Más duine faoi mhíchumas tú atá suim agat dul nó filleadh ar fhostaíocht, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil FÁS seirbhísí fostaíochta agus faigh amach tacaíochtaí ar fáil i do cheantar.
Tá tuilleadh eolais faoi fhostaíocht agus míchumas anseo agus ó d'oifig FÁS áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.