Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Fostaíocht agus míchumas

Print Page Send to a Friend

Fostaíocht agus míchumas

Life Event Document Ag obair faoi mhíchumas Tá raon tacaíochtaí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas le cabhrú leo fostaíocht a fháil agus a choimeád.

Scéim Deontais um Ateangaire ag Agallamh Poist
Soláthraíonn an Scéim Deontais um Ateangaire ag Agallamh Poist deontas a cheadaíonn do dhaoine a bhfuil máchail éisteachta nó chainte acu, ateangaire gairmiúil a fháil a sholáthróidh seirbhísí dó/di ag an agallamh le haghaidh poist.

Deontais do fhostóirí chun fostaithe faoi mhíchumas a choinneáil
Is scéim í an Scéim Deontais um Fhostaíocht a Choinneáil, a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le fostóirí fostaithe fostaithe a dtagann tinneas nó lagú orthu a mbíonn tionchar aige ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh a choinneáil.

Deontais traenála le bheith ar an eolas maidir le míchumas
Is féidir deontais a bheith soláthartha a chabhraíonn le costais traenála a chlúdach d’fhostaithe le hiad a chur ar an eolas maidir le daoine faoi mhíchumas san ionad oibre.

Deontais chun an láthair-oibre a chuir in oiriúint agus a áisiú do fhoireann faoi mhíchumas
Tá cabhair deontais le fáil ag fostaithe faoi mhíchumas, fostóirí agus daoine féin-fhostaithe faoi mhíchumas, a dteastaíonn uathu oiriúnuithe a dhéanamh ar a láthair oibre, nó trealamh speisialta a cheannach.

Deontais léitheoirí pearsanta do fhostaithe atá dall agus le hamharc
Cuirtear an Deontas Léitheora Phearsanta ar fáil d'fhostaithe le amharc lagaithe nó atá dall agus a dteastaíonn roinnt cabhrach breise uathu le ábhar priontáilte a léamh ag an obair.

Scéim Fóirdheontas Tuarastail do fhostóirí le foireann mhíchumasaithe
Cuireann an Scéim Fóirdheontas Tuarastail tacaíocht airgid ar fáil d'fhostóirí a fhostaíonn daoine áirithe faoi mhíchumas.

Fostaíocht le tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas
Scéim é an Clár Fostaíochta le Tacaíocht a bhfuil sé mar aidhm aige cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas fostaíocht le pá a fháil.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.