Print Page Send to a Friend

Youthreach

Eolas

Má tá tú idir 15 agus 20 agus má d'fhág tú an scoil gan aon chailíochtaí foirmiúla, tá deiseanna ar fáil ó Youthreach bunoideachas, forbairt phearsanta, traenáil gairmiúil agus taithí oibre a fháil.

Clár lán-aimseartha atá i Youthreach ach d'fhéadfadh go mbíonn cúrsaí páirtaimseartha socraithe. Is féidir béim a leagan ar do rogha ábhar traenála ach beidh bunábhair, Béarla, matamaitic agus scileanna saoil, clúdaithe go ginearálta ag na traenálaithe ar fad.

Tá deis feabhas a chur ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta ar fáil ag na hionaid Youthreach ar fad.

Budget 2012

Tá laghdú ar na rátaí a íoctar le rannpháirtithe i Youthreach atá faoi bhun 18 mbliana d'aois. Tagann an laghdú i bhfeidhm ón 1 Eanair 2012 i leith rannpháirtithe nua amháin. Leanfaidh rannpháirtithe eile atá faoi bhun 18 mbliana d'aois leis na rátaí níos airde - féach 'Rátaí' thíos. Tá breis mionsonraí le fáil i gCiorclán 0074/2011 (pdf) arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Conas a oibríonn Youthreach

Bíonn an cúrsa dhá reachtáil ar feadh 1-2 bliana ach is féidir leis a bheith solúbtha, ag brath ar riachtanais an duine. Má chríochnaíonn tú an buntraenáil mar is cuí bronnfar Buntheastas ort (ón gComhairle nDámhactainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO) nó an Teastas Sóisearach). Má tá Bonnchlár déanta agat, is féidir leat dul ar aghaidh chuig Clár Fochéimnithe. Tabharfaidh sé seo an deis duit dul ar aghaidh chuig an Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó chuig ardchúrsa CDBO nó is féidir leat roghnú dul ar aghaidh agus traenáil i scileanna eile a dhéanamh. Mar shampla, is féidir leat cúrsa printíseachta a dhéanamh.

Bíonn na cúrsaí dhá reachtáil in Ionaid Oiliúna Pobail atá maoinithe ag FÁS agus ionaid Youthreach atá maoinithe ag an gCoiste Gairmoideachais. Go ginearálta, bíonn ionaid Youthreach oscailte le 35 uair a chloig sa tseachtain (9rn-4.30in Luan go hAoine)

Tá an clár Youthreach ar fáil go forleathan. Is féidir d'ionad is gaire duit a fháil sa rannán 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Tá áiteanna breise ar fáil tríd Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas.

Rialacha

Le bheith i dteideal do chúrsa YOUTHREACH, ní mór duit a bheith idir 15 agus 18. Caithfidh tú scoil a fhagáil le níos lú ná 5 grád 5 sa Teastas Shóisearach nó gan aon iarracht ar an Ardteistiméireacht. Tá eisceachtaí éigin ann, mar shampla, más aontuismitheoir thú.

Rátaí

Tá an cúrsa saor in aisce agus íoctar liúntas traenála seachtainiúil le traenálaithe os cionn 16 bliana d'aois. Más gá duit dul níos mó ná 4.9 chiliméadar (3 mhíle) go dtí an t-ionad, gheobhaidh tú liúntas taistil freisin. D’fhéadfá cáiliú d’áit chúraim leanaí in aisce dod’ leanbh - ba cheart duit é seo a chinntiú leis an ionad nó ceardlann.

Rátaí ó Eanáir 2012

Aois Traenálaithe Liúntas traenála seachtainiúil
16 bliana €40 (iontrálaithe nua)

€76.65 (rannpháirtithe leanúnacha)

17 mbliana €40 (iontrálaithe nua)

€95.75 (rannpháirtithe leanúnacha)

18 agus os a chionn €188

Íocfar bónas traenála de €20 sa tseachtain leat, má:

Conas iarratas a dhéanamh

Tá cursaí Youthreach ar fáil i rith na bliana agus is féidir leat iarratas a dhéanamh am ar bith sa bhliain.

Buail isteach chuig Ionad Oiliúna Pobail FÁS nó chuig ionad Youthreach agus labhair leis an bhfoireann ann faoi na riachtanais traenála agus an spéis atá agat. Tá foireann ar fáil ag na hionaid seo le cúnamh a thabhairt duit foirmeacha iarratais a líonadh más gá.

Tá tuilleadh eolais faoin chlár Youthreach ar fáil ó chomhordaitheoir náisiúnta Youthreach nó an suíomh gréasáin Youthreach, Webwheel, acmhainn do bhainisteoirí agus d'fhoireann ag obair in ionaid Youthreach agus Ionad Oiliúna Pobail FÁS san áireamh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • FÁS: Ionaid Oiliúna Pobail
    Tá cur síos anseo ar an traenáil a chuirtear ar fáil tríd an scéim FÁS Ceardlainn Traenála an Phobail
  • Cláir Luathfhágála Scoile
    Tá roinnt scéimeanna oideachais ann do dhaoine óga agus do dhaoine eile a d'fhág an scoil gan aon cháilíocht aitheanta.
  • Traenáil agus oideachas leanúnach
    Cur síos ar na bealaigh chun leanacht ar aghaidh le do chuid oideachais agus do chuid traenála praiticiúil a fheabhsú, seachas dul trí chóras na scoile agus córas na gcoláistí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.