Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Gairmoideachas agus oiliúint > Cláir thraenála agus phrintíseachta > Bunchúrsa do dhaoine le lagú amhairc

Print Page Send to a Friend

Bunchúrsa do dhaoine le lagú amhairc

Eolas

Cuireann Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (CNÉD) cúrsa athshlánúcháin don duine aonair ar fáil ar a dtugtar an Bunchúrsa do Dhaoine le Lagú Amhairc. Tá sé dírithe ar dhaoine idir 16 agus 65 bliain d’aois a bhfuil lagú suntasach ar an amharc acu. Tugtar san áireamh daoine a bhfuil lagú ar a n-amharc ón mbroinn agus daoine ar tharla an lagú ar a n-amharc tráth is faide amach ina saol (mar shampla, de bharr timpiste, tinnis nó galair bhreisithigh).

Tá d’aidhm leis an gclár go mbeadh caighdeán saoil agus neamhspleáchas chomh maith agus is féidir, de réir mar is toil leo féin, ag na hoiliúnaithe. Tá gluaisteacht, traenáil sa teicneolaíocht agus gnáthscileanna maireachtála ina ngnéithe lárnacha den chúrsa. Féachtar leis an gclár seo le scileanna, eolas agus meon is gá chun breis oideachais, oiliúna agus/nó fostaíochta a fháil a thabhairt do na hoiliúnaithe.

Tá cead ar an gcúrsa ag aon duine atá i dteideal cur isteach air. Níl gá le haon cháilíochtaí oideachais ná eile chun an cúrsa a leanacht; ar an gcaoi chéanna, ní choscfar an cúrsa ar iarrthóirí a bhfuil cáilíochtaí oideachais nó eile acu nó atá ag obair. Bheadh leas as an gcúrsa sa chás, mar shampla, gur fhulaing duine lagú tobann ar an amharc agus gur mian leis/léi filleadh ar an bpost a bhí aige/aici nó gur mian leis/léi dul faoi athoiliúint maidir le hobair eile.

Is féidir níos mó a léamh maidir le ag obair faoi mhíchumas anseo.

Rialacha

Cead Iarratais

Tá cead ar an mBunchúrsa ag daoine idir 16 agus 65 bliain d’aois a bhfuil méid suntasach den amharc caillte acu. Chun go mbeadh oiliúnaí i dteideal an cúrsa a leanacht, ba cheart dó/di:

  • Deimhniú sláinte ó Dhochtúir Teaghlaigh a bheith aige/aici arna dheimhniú go bhfuil sé/sí in inmhe freastal ar an gcúrsa
  • É a bheith de theacht aniar ann/inti páirt a ghlacadh i gcúrsa a mhaireann sé huaire a chloig in aghaidh an lae agus an t-am lena chois sin a theastaíonn ag taisteal chuig an ionad agus ar ais a sheasamh
  • É a bheith de chumas ann/inti an intinn a dhíriú ar feadh tréimhse ranga uair a chloig
  • An cumas a léiriú chun páirt a ghlacadh i ngníomhartha a chláir a léiriú
  • An dóigh go mbeifí in inmhe breis oiliúna agus/nó fostaíochta a sheasamh a léiriú
  • A bheith ar a c(h)umas feidhmiú in éineacht le hoiliúnóirí, oiliúnaithe agus baill foirne ar bhealach atá inghlactha go sóisialta
  • Dóthain inniúlachta a bheith aige/aici nó mianach inniúlachta a léiriú maidir le méarchlár a oibriú
  • Leibhéal litearthachta a bheith aige/aici a chuireann ar a c(h)umas focail bhunúsacha a litriú.

Tréimhse an chláir

Leanann an cúrsa ar feadh timpeall is 12 mí agus is féidir é a dhéanamh ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha

Lánaimseartha: Uaireanta oiliúna ón 9:30rn go dtí a 4:30in, Luan go hAoine. Tá 35 uair a chloig in aghaidh na seachtaine i gceist leis sin, am sos san áireamh.

Páirtaimseartha: I gcás dhaoine nach bhfuil ar a gcumas an cúrsa a fhreastal ar bhonn lánaimseartha, is féidir socrú a dhéanamh le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill chun an cúrsa a leanacht go páirtaimseartha trí mhodh modúlach.

Sa chás go bhfágann oiliúnaí an cúrsa sula gcríochnaítear é, is féidir leis/léi filleadh ar an oiliúint tráth is faide anonn.

Limistéar

Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an cúrsa ach tá fáilte roimh iarratasóirí as gach cuid den tír. Is ar áitreabh Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill, Bóthar Whitworth, Drom Conrach, Baile Átha Cliath 9 atá an t-ionad oiliúna.

Ní mór d’oiliúnaithe atá ag freastal an chláir a bheith in ann taisteal go dtí an t-ionad agus abhaile gach lá. Beidh córas iompair ar fáil do gach oiliúnaí ag tús an chláir ach tar éis na chéad trí mhí, ba cheart go mbeadh an chuid is mó de na hoiliúnaithe ag úsáid an chórais iompair phoiblí.

Cur chuige na hoiliúna

Cur chuige dírithe ar an oiliúnaí a bhaineann leis an gcúrsa le béim ar na hoiliúnaithe agus a gcuid riachtanais sainiúla oiliúna. Cuirtear plean cláir pearsanta le chéile do gach duine faoi leith.

Ábhar an chúrsa

Roinntear ábhar an chúrsa i gcodanna éagsúla, ina measc:

  • Riachtanais oideachais: litearthacht, uimhearthacht, Braille agus lámhscríbhneoireacht
  • Scileanna sa saol aonair: scileanna cistine, gluaisteacht agus scileanna gnáthmhaireachtála
  • Éifeachtacht pearsanta: féinfhorbairt
  • Gluaiseacht, corpacmhainn agus fóillíocht: gluaiseacht, glacadh suaimhnis, tuiscint an cheoil, yoga agus caitheamh aimsire faoin spéir
  • Oiliúint i scileanna: obair mhéarchláir, próiseáil focal, scileanna teileafóin, gnás oifige, cócaireacht, potadóireacht agus ceardaíocht
  • Scileanna maidir le post a fháil: CV a ullmhú, teacht i láthair ag agallaimh, cuairteanna ar ionaid eile

Taithí oibre: taithí oibre agus socraíochtaí

Tá tuilleadh eolais maidir le hoiliúint sa ghluaisteacht do dhaoine le lagú amhairc.

Aidhmeanna an Chúrsa

Seo a leanas samplaí d’aidhmeanna a d’fhéadfadh oiliúnaí ar an gcúrsa a chur roimhe/roimpi:

  • Feabhas a léiriú sna scileanna litearthachta agus uimhearthachta
  • Feabhas ar an gcumas sa chóras Braille a léiriú – bunriachtanas de chaighdeán Gráid sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht (roghnach)
  • Feabhas ar an gcumas lámhscríbhneoireachta a léiriú
  • Feabhas ar an éifeacht phearsanta a léiriú
  • Béile de chúrsa amháin do bheirt a ullmhú
  • Bheith in ann blús nó léine a ní agus a iarnáil agus cnaipe a fhuáil air agus buiséadú a dhéanamh do thréimhse seachtaine
  • Bheith in ann corraí go héasca ón láthair oibre agus taisteal go neamhspleách lena laghad cúnaimh ó dhuine amhairc agus is féidir agus oiread cumais gluaiseachta a bheith ann/inti agus go mbeifí sábháilte, nach gcuirfí daoine eile i gcontúirt agus go mbeifí chomh neamhspleách agus is féidir
  • Bheith in ann na bunsuíomhanna yoga a léiriú, gluaiseacht de réir buille an cheoil, clár aclaíochta pearsanta a leanacht agus páirt a ghlacadh i gcaitheamh aimsire faoin spéir
  • Gach cnaipe ar an méarchlár a aithint
  • An ríomhaire agus an priontálaí a úsáid chun leagan amach simplí litreach a chóipeáil ar an scáileán le leibhéal inghlactha cruinnis agus an litir chéanna a phriontáil
  • Bheith in ann fiosrúchán a dhéanamh ar an teileafón agus teachtaireacht a thógáil sa mheán chuí
  • Beart ceardaíochta a dhéanamh m.sh. macasamhail as cré nó stól súgáin
  • Bheith in ann taifeadán mionchaisíne a oibriú
  • Buneolas ar an bpotadóireacht a léiriú chomh maith le leibhéal áirithe scileanna ann
  • Iarratas ar phost a ullmhú agus teacht i láthair go sásúil ag agallamh.

Creidiúnú an Chúrsa

Tá creidiúnú ag an mBunchúrsa tríd an gCoiste Creidiúnaithe Náisiúnta, eagraíocht a l eagann síos caighdeáin d’ionaid atá ag cur oiliúna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas in Éirinn. Sa chás go gcríochnaíonn oiliúnaithe réimsí den chúrsa a bhfuiltear i dteideal teastais maidir leo (m.sh. scileanna ríomhaireachta agus oibriú teileafóin), bronnfar teastais ar na hoiliúnaithe trí Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBOO).

Fostaíocht

Bíonn Oifigeach Fostaíochta san ionad ag Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill a chuideoidh leis na hoiliúnaithe san iarracht post a aimsiú (mar shampla, treoir ghairme, ullmhú CV, cúnamh le socraíochtaí oibre a aimsiú, comhairle, agus araile) ach is faoin duine féin é fostaíocht a fháil.

Rataí

Níl táille ag baint leis an mBunchúrsa. Cuirtear córas taistil go dtí an t-ionad oiliúna agus ar ais ar fáil saor in aisce i dtús an chláir ach ba cheart go mbeadh an chuid is mó de na hoiliúnaithe ag úsáid an chórais iompair phoiblí tar éis na trí mhí tosaigh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir le daoine ar mian leo cur isteach ar áit ar an mbunchúrsa sin a dhéanamh trí oibrí acmhainne pobail de chuid na Comhairle nó trí iarratas a chur díreach chuig bainisteoir ionad oiliúna na Comhairle.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Bóthar Whitworth
Drom Conrach
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil:+353 (0)1 830 7033
Lóghlao:1850 33 43 53
Facs:+353 (0)1 830 7787
Láithreán Gréasáin: http://www.ncbi.ie/
R-phost: info@ncbi.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 December 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.