Má tá sé ar intinn agat leanúint ort chuig oideachas tríú leibhéal tar éis duit an scoil a fhágáil, is féidir leat faisnéis a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh inár ndoiciméid maidir le nósanna imeachta um iarratas ar oideachas tríú leibhéal. Déantar cinneadh faoi thairiscintí d’áiteanna ar chúrsaí go mórmhór agus aird ar thorthaí na hArdteistiméireachta ach cuireann roinnt institiúidí cláir for-rochtana ar fáil. Má tá tú faoi mhíchumas, d’fhéadfá bheith i dteideal páirt a ghlacadh faoi scéim bhealach rochtana DARE chuig an oideachas agus más ó chúlra faoi mhíbhuntáiste thú, d’fhéadfá bheith i dteideal páirt a ghlacadh faoi scéim HEAR.
Rogha eile is ea cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) – atá dírithe ar fhágóirí scoile ar mian leo scileanna gairme agus teicneolaíochta a fhorbairt.
Cuireann cúrsaí oiliúna FÁS cúrsaí oiliúna ar fáil do chuardaitheoirí poist chéaduaire a chuimsíonn réimse fairsing limistéar. Rogha eile iad printíseachtaí FÁS. Cé go bhfuil FÁS á ndíscaoileadh agus go bhfuil údarás nua breisoideachais agus oiliúna ar a nglaofar SOLAS á mbunú, ní dhéanfaidh bunú SOLAS difear do rannpháirtithe ar chúrsaí reatha FÁS agus breisoideachais agus leanfaidh siad lena gcúrsaí faoin údarás nua.
Más spéis leat gairm bheatha a bheith agat i lónadóireacht nó i dturasóireacht, cuireann Fáilte Éireann cúrsaí ar fáil ar leibhéal teastais agus dioplómaí náisiúnta, idir scileanna fáilteachais agus staidéar gnó. Baineann gach cúrsa creidiúnú náisiúnta amach ón gComhairle Ard-Oideachais agus Oiliúna.
Tá cúrsaí oiliúna á reáchtáil ag Coillte, Teagasc agus ag Bord Iascaigh Mhara ina limistéir faoi seach, agus déanann Comhairle Cheardaíochta na hÉireann amhlaidh freisin. Ina theannta sin, tá cúrsaí oiliúna á reáchtáil ag Youthreach d’fhágóirí scoile.
Má tá tú ag glacadh le post, ní mór go gcuirfidh tú aithne ar do chuid cearta fostaíochta. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise faoi íosrátaí pá, conarthaí fostaíochta, laethanta saoire agus saoirí, go háirithe más ag tosú oibre atá tú den chéad uair. Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeidh sé beartaithe agat oibriú thar lear.
D’fhoilsigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh Faisnéis d’fhágóirí scoile, agus tá fáil air seo in Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.