Tá a lán bealach chun leanacht ar aghaidh le do chuid oideachais agus do chuid traenála praiticiúil a fheabhsú, seachas dul trí chóras na scoile agus córas na gcoláistí.
Má tá tú dífhostaithe nó ag cuartú poist don chéad uair nó má tá tú ag athrú treo do shlí beatha, is féidir leat roghnú ón a lán cúrsaí oideachais agus cúrsaí traenála éagsúla atá maoinithe ag FÁS, na coiste gairmoideachais, na ranna rialtais agus eagraíochtaí eile. Tairiscíonn siad seo réimse leathan de chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha. Mar sin, is féidir leat an ceann is fearr a oireann do do chuid riachtanas a roghnú.
Tá an-difríocht idir cúrsaí ó thaobh coinníollacha, cearta agus liúntais traenála. Mar sin, caithfidh tú sonraí gach cúrsa a sheiceaíl go cúramach.
Seans go dteastaíonn uait do scileanna a fheabhsú má tá post agat cheana féin, go háirithe má tá obair ghearr-ama ar siúl agat.
Taobh amuigh de na cursaí liostáilte thíos, is féidir teacht ar oideachas má tá baint agat le grúpa óige, grúpa pobail, nó le aon sórt imeachtaí deonacha eile. Téigh chun cainte le comhordanóir an ghrúpa atá baint agat leis agus faigh aon eolas faoi dheiseanna oideachais agus traenála atá ar fáil taobh istigh den eagraíocht sin.
Scéim Deiseanna Gairmoiliúna (SDGO): Tugann SGDO deis duit filleadh ar an oideachas lánaimseartha más aosach dífhostaithe tú nó má tá sochair áirithe á bhfáil agat. Ceann de na haidhmeanna atá leis an scéim ná deiseanna oideachais agus oiliúna a thabhairt do dhaoine dífhostaithe a fhorbróidh a n-infhostaitheacht. Aidhm eile atá léi ná daoine a réiteach le dul i mbun fostaíochta íoctha nó i mbun deiseanna eile as a leanann fostaíocht íoctha.
Cúrsaí oiliúna FÁS: Tugann cúrsaí oiliúna FÁS deis duit do scileanna a fhorbairt nó a uasghrádú sna hearnálacha tráchtála agus tionscail má tá tú dífhostaithe nó má briseadh as do phost tú mar gheall ar bheith iomarcach. Is féidir leat cúrsaí oiliúna FÁS a chuardach ar líne.
Oiliúint urraithe FÁS: Tairiscíonn oilúint urraithe meascán de thraenáil laistigh den obair le fostóir agus traenáil lasmuigh den obair i Láthair Traenála FÁS má tá tú ag soláthar poist don chéad uair nó má tá tú dífhostaithe.
Cuireann Socrúcháin oibre FÁS taithí oibre ar fáil agus d’fhéadfá a bheith in ann d’íocaíochta leasa shóisialaigh a choinneáil.
Cuirfidh an Clár Ardoideachais Springboard 6,000 áiteanna ardoideachais do dhaoine dífhostaithe i 2011. Tá sé mar aidhm ag an gclár áiteanna a chur ar fáil do dhaoine a d'oibrigh san earnáil tógála, déantúsaíochta agus earnála eile den gheilleagar gur dócha nach dtiocfaidh ar ais go leibhéil réamh-mheathlú. Tosófar na cúrsaí i bhfómhair 2011. Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar Springboard inár ndoiciméad ar áiteanna tríú leibhéal do dhaoine dífhostaithe.
Cuireann Skillnets Ltd ar chumas ghrúpaí de chuideachtaí san earnáil phríobháideach líonraí oiliúna a bhunú chun réimse clár atá creidiúnaithe agus/nó aitheanta ag an tionscal a sheachadadh.Sa chlár 2010, cuirfidh líonraí Skillnets roinnt oiliúna ar fáil do dhaoine cáilithe dífhostaithe. Má tá tú dífhostaithe ní íocfaidh tú as an oiliúint seo agus ní chuirfear isteach ar do shochair leasa shóisialaigh. Is féidir leat aimsigh cúrsaí oiliúna ar láithreán gréasáin Skillnets.
Youthreach: Má tá tú idir 15 agus 20 agus má d'fhág tú an scoil gan aon chailíochtaí foirmiúla, tá deiseanna ar fáil ó Youthreach bunoideachas, forbairt phearsanta, traenáil gairmiúil agus taithí oibre a fháil.
Eagraíochtaí eile: Cuireann eagraíochtaí mar Fáilte
Ireland, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Teagasc, Coillte, agus Comhairle
Ceardaíochta na h-Éireann réimse leathan de chúrsaí áirithe ar fáil.
MMTF (Modh Mear don Teicneolaíocht
Faisnéise): Soláthraíonn an scéim seo oiliúint dhírithe sa
teicneolaíocht faisnéise do dhaoine a bhfuil sochair áirithe á bhfáil acu
nó atá ag síneáil le haghaidh ranníocaíochtaí chreidiúnaithe árachais
shóisialaigh. Tá riarachán oifige, dearadh gréasáin agus ríomhchlárú,
cumarsáid leathanbhanda agus cothabháil RP (Ríomhaire Pearsanta) i measc na
gcúrsaí. Is féidir
leat tuilleadh a fháil amach faoi chúrsaí oiliúna ar láithreán gréasáin
MMTF.
Ionaid Oiliúna do Thaistealaithe Seanórtha: Más ball de
phobal an Lucht Siúil tú agus os cionn 18 bliana d'aois, is féidir leat
scileanna praiticiúla a fháil agus feabhas a chur ar do litearthacht,
uimhearthacht agus scileanna eile ag ceann den 33 Ionad Oiliúna do Thaistealaithe
Seanórtha mórthimpeall na hÉireann, atá á reáchtáil ag an Roinn
Oideachais agus Scileanna tríd na Coistí Gairmoideachais. Díríonn na
hionaid ar eolas, scileanna agus meonta a sholáthar don Lucht Siúil, atá
riachtanach leis an athrú a dhéanamh go hobair agus an saol aosach, agus le
bheith rannpháirteach go hiomlán ina bpobal. Déanann na hionaid cláir
oideachasúla a thairiscint chomh maith, atá creidiúnaithe ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus
Oiliúna (FETAC).
Ceardlanna na Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais: Má tá
tú ag teacht ar oideachas agus traenáil ón gcóras príosúin, nó in
ionadan chóras priosúin d'fhéadfá cúrsa feiliúnach a fháil faoin gcóras
seo a chuireann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, FÁS, agus na
Coistí Gairmoideachais ar fáil.
Ranganna oíche: Tá fáil ar deiseanna oideachasúla atá
féinmhaoinithe trí ranganna oíche atá eagraithe ag an gCoiste
Gairmoideachais áitiúil, Ionaid
Traenála FÁS agus go leor de na coláistí agus ollscoileanna ar fud na
tíre.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.