Bunchúrsa do dhaoine le lagú amhairc
Réamhrá
Cuireann Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (CNÉD) cúrsa athshlánúcháin ar fáil ar a dtugtar Foghlaim don Saol. Tá sé dírithe ar dhaoine a bhfuil lagú suntasach ar an amharc acu. Tugtar san áireamh daoine a bhfuil lagú ar a n-amharc ón mbroinn agus daoine ar tharla an lagú ar a n-amharc tráth is faide amach ina saol (mar shampla, de bharr timpiste, tinnis nó galair bhreisithigh).
Tá d’aidhm ag an gclár go mbeadh caighdeán saoil agus neamhspleáchas ag na hoiliúnaithe chomh maith agus is féidir, de réir mar is toil leo féin. Tá gluaisteacht, traenáil sa teicneolaíocht agus gnáthscileanna maireachtála ina ngnéithe lárnacha den chúrsa. Féachtar leis an gclár seo go bhfaigheadh na hoiliúnaithe scileanna, eolas agus meon is gá chun breis oideachais agus oiliúna a fháil.
Tá cead ar an gcúrsa ag aon duine atá i dteideal cur isteach air. Níl gá le haon cháilíochtaí oideachais ná eile chun an cúrsa a leanacht; ar an gcaoi chéanna, ní choscfar an cúrsa ar iarrthóirí a bhfuil cáilíochtaí oideachais nó eile acu nó atá ag obair.
Faigh tuilleadh faisnéise inár gcáipéis Ag obair faoi mhíchumas.
Rialacha
Cead iarratais
Tá cead ar an mbunchúrsa ag daoine a bhfuil méid suntasach den amharc caillte acu.
Ábhar an chúrsa
Roinntear ábhar an chúrsa i gcodanna éagsúla, ina measc:
- Scileanna cumarsáide
- Scileanna sa saol aonair
- Éifeachtacht pearsanta: féinfhorbairt
- Gluaisteacht
Tá tuilleadh eolais maidir le hoiliúint sa ghluaisteacht do dhaoine le lagú amhairc.
Creidiúnú an chúrsa
Má chríochnaíonn oiliúnaithe réimsí den chúrsa a bhfuiltear i dteideal teastais maidir leo (scileanna ríomhaireachta, mar shampla) bronnfar teastais ar na hoiliúnaithe trí Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE).
Fostaíocht
Tá Oifigeach Fostaíochta san ionad ag CNÉD, a chuideoidh leis na hoiliúnaithe san iarracht post a aimsiú (mar shampla, treoir ghairme, ullmhú CV, cúnamh le socraíochtaí oibre a aimsiú, comhairle, agus araile) ach is faoin duine féin é fostaíocht a fháil.
Rátaí
Níl táille ag baint leis an gcúrsa.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir le daoine ar mian leo cur isteach ar áit ar an gcúrsa sin a dhéanamh trí oibrí acmhainne pobail de chuid CNÉD nó trí iarratas a chur díreach chuig bainisteoir ionad oiliúna CNÉD.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?
Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill
Bóthar Whitworth
Drom Conrach
Baile Átha Cliath 9
Éire
Teil:(01) 830 7033
Lóghlao:1850 33 43 53
Facs:(01) 830 7787
Láithreán Gréasáin: http://www.ncbi.ie/
R-phost: info@ncbi.ie
