An scoil a fhágáil

Roghanna do lucht fágála scoile

Déanann an leathanach seo achoimre ar chuid de na roghanna atá agat tar éis duit an scoil a fhágáil.

D’fhoilsigh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh leabhrán darb ainm Faisnéis do Shaoránaigh Faisnéis d’fhágóirí scoile (pdf) a chuimsíonn go leor de na ceisteanna praiticiúla faoi oideachas agus fostaíocht a d’fhéadfadh a bheith agat nuair a fhágann tú an scoil.

Má tá sé ar intinn agat leanúint ort chuig oideachas tríú leibhéal tar éis duit an scoil a fhágáil, is féidir leat faisnéis a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh inár ndoiciméid maidir le nósanna imeachta um iarratas ar oideachas tríú leibhéal. Déantar cinneadh faoi thairiscintí d’áiteanna ar chúrsaí go mórmhór agus aird ar thorthaí na hArdteistiméireachta ach cuireann roinnt institiúidí cláir for-rochtana ar fáil. Má tá tú faoi mhíchumas, d’fhéadfá bheith i dteideal páirt a ghlacadh faoi scéim bhealach rochtana DARE chuig an oideachas agus más ó chúlra faoi mhíbhuntáiste thú, d’fhéadfá bheith i dteideal páirt a ghlacadh faoi scéim HEAR.

Rogha eile is ea cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) – atá dírithe ar fhágóirí scoile ar mian leo scileanna gairme agus teicneolaíochta a fhorbairt.

Cuireann cúrsaí Oiliúna agus Oideachais Leanúnaigh (FET) agus printíseachtaí ar fáil do chuardaitheoirí poist chéaduaire a chuimsíonn réimse fairsing limistéar.

Ina theannta sin, tá cúrsaí oiliúna á reáchtáil ag Youthreach d’fhágóirí scoile.

Is tairseach ar líne é an Cúrsa Ceart le faisnéis ar áiteanna breisoideachais agus oiliúna, cúrsaí ardoideachais agus faisnéis má tá tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh agus má theastaíonn uait cúrsa a thosú.

Má tá tú ag glacadh le post, ní mór go gcuirfidh tú aithne ar do chuid cearta fostaíochta. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise faoi íosrátaí pá, conarthaí fostaíochta, laethanta saoire agus saoirí, go háirithe más ag tosú oibre atá tú den chéad uair. Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeidh sé beartaithe agat oibriú thar lear.

D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta treoir maidir le hoideachas agus oiliúint iarscoile (pdf) a sholáthraíonn faisnéis ar na roghanna atá ar fáil d’fhágóirí scoile atá faoi mhíchumas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Bealtaine 2021