Má tá d'oideachas meánscoile críochnaithe agat, b'fhéidir go mbeadh suim agat páirt a ghlacadh i bprintíseach reachtúil, a thabhairfaidh seans duit traenáil ar an obair agus sa seomra scoile. Tá printíseachtaí ar fáil i gceirdeanna ar nós, innealltóireacht, foirgníocht, mótarach, leictreach,clódóireacht agus troscán. Tá eolas faoi phrintíseachaí agus na gcéirdeanna sa scéim ar an suíomh gréasáin FÁS nó is féidir leat dul i dteagmháil le d'oifig FÁS áitiúil le eolas suas chun dáta a fháil.
Beidh do phrintíseacht ag athrú gach ré seachtain idir traenáil ag an obair agus traenáil lasmuigh den obair ag ionad oibre an fhostóra. Maireann printíseacht thart ar cheithre bliana. Sna cheithre bliana sin caitheann tú 3 thréimhse difriúla ag traenáil lasmuigh den obair, 40 seachtain uile ina iomlán. Beidh an traenáil seo ar siúl in Ionad Traenála FÁS nó i gcoláiste oideachais.
Déanfar na scileanna a d'fhoghlaim tú a mheas trí teisteanna inniúlachta ag an obair chomh maith le measúnú athraitheach lasmuigh den obair agus scrúduithe, má chríochnaíonn tú na measúcháin go rathúil, bronnfar Ard-Teastas CDBO ort.
Táthar chun údarás
nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí
Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua
seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar
dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais
leanúnaigh faoi láthair.
Má rinneadh iomarcach tú toisc nach bhfuil go leor oibre ar fáil chun d'fhostaíocht mar phrintíseach a choimeád, ba choir duit dul i dteagmháil le do Sheirbhísí FÁS don Lucht Gnó atá liostaithe sa eolas do phrintísigh iomarcacha ar an suíomh gréasáin FÁS. Faoin Scéim Socrúcháin um Phrintísigh Iomarcacha 2011 (pdf) is féidir le FÁS printísigh áirithe a chur le fostóirí agus cabhrú leis na fostóirí costais fostaíochta na bprintíseach a íoc. Feidhmíonn an scéim maidir le printísigh sna ceirdeanna seo leanas:
Tá méadú tagtha
ar an Scéim Socrúcháin um Phrintísigh Iomarcacha i 2011 chun oiliúnt
ar an láthair oibre a chur ar fáil le haghaidh suas le 1,000 printíseach.
Fógraíodh freisin go mbeadh 700 áit ar fáil sna Institiúid
Teicneolaíochta le haghaidh printísigh agus ceardaithe atá iomarcach.
Le a bheith i dteideal bheith id phrintíseach, caithfidh tú a bheith 16 bliain d'aois agus bheifí ag súil go mbeadh ar a laghad 5 grád D agat i gcúig ábhar sa Teastas Shoiséarach nó a mhacsamhail de scrudú.
Muna bhfuil na cailíochtaí sin agat, áfach, is féidir leat fós clarú mar phrintíseach le fostóir má:
Iarrfar ort scrudú amharc-dhathach a fháil atá ceadaithe ag FÁS le cuid de na printíseachtaí a dhéanamh.
An fhad is atá tú ag traenáil ar an láthair oibre, íocfaidh d'fhostóir pá mholta phrintíseach leat.
An fhad is atá tú ag traenáil lasmuigh den láthair oibre, íocfaidh FÁS liúntas seachtainiúil leat atá cothrom leis an bpá in aon cheann de na rannóga seo.
Gheobhaidh tú cúnamh freisin le haghaidh aon taisteal agus lóistín a theastaíonn uait i rith na tréimhse traenála lasmuigh den láthair oibre.
I ngach rannóg tionsclaíochta eile, sé cúram an fhostóra pá lasmuigh den láthair oibre a íoc leat, cé go dtugann FÁS cúnamh in aghaidh costaisí riachtanacha taistil agus lóistín.
Téigh i dteagmháil leis an oifig FÁS áitiúil le níos mó eolais a fháil agus tabhair isteach d'iarratas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.