Print Page Send to a Friend

Cúrsaí oiliúna FÁS

Eolas

Má tá tú dífhostaithe nó curtha as obair, nó má tá tú ag iarraidh do chuid scileanna a thabhairt suas chun dáta, nó do shlí beatha a athrú, tá réimse leathan cúrsaí FÁS ar fáil chun cuidiú leat.

Tá tú i dteideal dul ar chúrsa FÁS má tá tú dífhostaithe nó curtha as obair nó taobh amuigh d'oideachas lánaimseartha. Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh nasctha le míchumas nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, d'fhéadfá a bheith i dteideal dul ar chúrsa FÁS freisin.

SOLAS

Táthar chun údarás nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais leanúnaigh faoi láthair.

Cineálacha cúrsaí

Tá cláir oiliúna difriúla atá in oiriúint do riachtanais dhaoine atá dífhostaithe nó taobh amuigh d'oideachas lánaimseartha. Soláthraíonn an Clár Oiliúnaíochtaí FÁS oiliúint sainscileanna agus taithí oibre ábhartha. Cuireann printísigh FÁS ar fáil oiliúint ag an obair agus oiliúint lasmuigh den obair ag ionad oibre fostóra. Cuirtear Oiliúint FÁS Sainscileanna ar fáil do dhaoine atá a bpost caillte acu nó atá ag athrú post chun scileanna nua bainteach le hobair a fhoghlaim. Áiríonn cineálacha eile cúrsaí FÁS gearrchúrsaí, cúrsaí ar líne, foghlaim chumaisc agus cúrsaí oíche.

Athraíonn na cúrsaí atá ar fáil ó ionad go hionad agus ó bhliain go bliain. Is féidir leo seasamh aon fhad ó 2 sheachtain go 104 seachtain ag brath ar an gclár san áit. Tá cúrsaí ar fáil i rith an lae agus an oíche agus tugtar tosaíocht ar chúrsaí lae do dhaoine dífhostaithe. Tá cúrsaí oíche ar fáil do gach duine ach de ghnáth beidh táille ann.

Taithí oibre agus forbairt scileanna

Soláthróidh an Clár Socrúcháin Oibre taithí oibre do dhaoine dífhostaithe. Tá tuilleadh eolais inár ndoiciméad faoin Chlár Socrúcháin Oibre.

Cuirfidh JobBridge, Scéim Náisiúnta Intéirneachta nua deiseanna thaithí oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe ar an Beochlár ar feadh 3 mhí. Má ghlacann siad le hintéirneacht coinneoidh siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 sa bhreis in aghaidh na seachtaine. Tá tuilleadh eolais inár ndoiciméad faoi JobBridge.

Má tá tú ar obair ghearr-ama is féidir leat téigh i dteagmháil le do chomhordaitheoir Skillnets áitiúil agus eolas a fháil faoi dheiseanna oiliúna.

Liúntais oiliúna

Tá na cúrsaí FÁS saor in aisce (ach amháin cursaí oíche) agus íocfar liúntas oiliúna leat i rith do chúrsa, má tá tú incháilithe. Is féidir leat cur isteach ar liúntas lóistín freisin má chaitheann tú maireachtáil as baile i rith an chúrsa agus liúntas taistil má mhaireann tú 3 mhíle nó níos mó ó láthair an chúrsa. D’fhéadfá cáiliú d’áit chúraim leanaí in aisce dod’ leanbh.

Ó Eanáir 2010 amach, mura bhfuil daoine dífhostaithe i dteideal íocaíocht cáilithe mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist, ní fhaigheann siad liúntas oiliúna agus iad ag freastal ar scéim FÁS. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le liúntais oiliúna FÁS.

Iarratas a dhéanamh ar chúrsa oiliúna FÁS

Chun iarratas a dhéanamh le áit a fháil ar chúrsa oiliúna FÁS, caithfidh tú clarú ar dtús le d'Oifig Séirbhíse Fostaíochta Áitiúil FÁS. Cuirfear agallamh ort chun an cúrsa is fearr do do riachtanaisí a aimsiú. De bharr an bhrú atá ar chuid de na cúrsaí, b'fhéidir nach bhfaighfeá áit láithreach ar an gcúrsa is mian leat. Is féídir leat cursaí oiliúna FÁS a chuardach ar líne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.