Tá na cúrsaí oiliúna FÁS saor in aisce (seachas cúrsaí oíche) agus íocfar liúntas oiliúna leat i rith do chúrsa, má tá tú cáilithe. Is féidir leat cur isteach ar liúntas lóistín freisin má chaitheann tú maireachtáil as baile i rith an chúrsa agus liúntas taistil má mhaireann tú 3 mhíle nó níos mó ó láthair an chúrsa. D’fhéadfá cáiliú d’áit chúraim leanaí in aisce dod’ leanbh .
Tá ráta an liúntais sheachtainiúla nasctha le d'aois. Má tá d'íocaíocht leasa shoisialaigh faoi láthair níos airde ná an méid seo, áfach beidh an liúntas oiliúna cothrom leis. Níl na liúntais oiliúna FÁS inchánaithe.
Ó Eanáir 2010 amach, mura bhfuil daoine dífhostaithe i dteideal
íocaíocht cáilithe mar shampla, Liúntas
Cuardaitheora Poist nó Sochar
Cuardaitheora Poist, ní fhaigheann siad liúntas oiliúna nuair a
thosaíonn siad scéim FÁS. Áfach, má tá tú faoi bhun aois 18 agus ag
freastal ar Ionad
Oiliúna FÁS, gheobhaidh tú an liúntas oiliúna atá nasctha le d'aois
– féach ‘Rátaí’ thíos.
Táthar chun údarás
nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí
Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua
seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar
dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais
leanúnaigh faoi láthair.
Má tá tú ar chúrsa FÁS braithfidh do chúinse ar an íocaíocht leasa shóisialaigh a fhaigheann tú mar a leanas:
Beidh d'íocaíocht ar fhionraí ach gheobhaidh tú liúntais oiliúna FÁS de méid cothrom le d'íocaíocht leasa shóisialaigh
Gheobhaidh tú bónas oiliúna de €20 sa tseachtain má:
Má tá tú faoi mhíchumas, cuireann FÁS socruithe solúbtha saoire bhreoiteachta i bhfeidhm, más gá.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin FÁS.
Tá liúntais oiliúna seachtainiúla ó 1 Eanáir 2012 mar a leanas:
| Aois | Lán-aimseartha | Páirt-aimseartha |
| 16-17 bliana* | €40 | €23 |
| 16 bliana (fáltaí Liúntas Míchumais) | €76.65 | €44.10 |
| 17 bliana (fáltaí Liúntas Míchumais) | €95.75 | €55.10 |
| 18 bliana agus níos mó | €188 | €108.20 |
* Baineann na rátaí seo le hiontrálaí nua seachas fáltaí Liúntas Míchumais ó 1 Eanáir 2012.
Má tá d'íocaíocht leasa shoisialaigh faoi láthair níos airde ná an méid seo, áfach beidh an liúntas oiliúna cothrom leis.
Chun iarratas a dhéanamh le áit a fháil ar chúrsa oiliúna FÁS,
caithfidh tú clarú ar dtús le d'Oifig
Séirbhíse Fostaíochta Áitiúil FÁS. Cuirfear agallamh ort chun an
cúrsa is fearr do do riachtanaisí a aimsiú. De bharr an bhrú atá ar chuid
de na cúrsaí, b'fhéidir nach bhfaighfeá áit láithreach ar an gcúrsa is
mian leat. Is féídir leat cúrsaí
oiliúna FÁS a aimsiú ar líne.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.