Má tá tú dífhostaithe agus tú ag iarraidh seans le oiliúint, taithí agus cáilíocht fhoirmiúil a fháil i gcinéal áirithe oibre, b'fhéidir go mbeadh an clár oiliúna FÁS oiriúnach duit.
Tá na cláir oiliúna lánaimseartha. Braitheann fad an chláir ar an áit a thoghann tú le traenáil. Ní thógann cuid díobh ach 20 seachtain le criochnú, cé go dtógann cuid eile 40 seachtain.
Tosnaíonn tú ag traenáil in ionad oiliúna, áit a ndéanann tú forbairt ar scileanna sa réimse a phioc tú. Nuair a chríochnaíonn an chéad traenáil, bogann tú anonn is anall idir an láthair agus ionad oibre an fhostóra, ag cur le do chuid taithí agus ag gnóthú cleachtadh oibre. Tá do sceideal oiliúna socraithe idir an láthair oiliúna agus an fostóir, agus oibríonn tú i dtreo cáilíocht fhoirmúil a fháil i do réimse tofa. Nuair a chríochnaíonn tú an oiliúint, gheobhaidh tú dámh ón CDBO, leibhéal Teastas nó Ardteastas.
Athraíonn réimse na n-oiliúna, mar sin, caithfidh tú coinnéail i dteagmháil leis an oifig FÁS le eolas suas chun dáta a fháil. Is féidir leat roghnú ó chúrsaí oiliúna atá ar fáil i raon leathan réimsí i láthair na huaire. Tá liosta na gcúrsaí oiliúna atá ar fáil sna hIonaid Oiliúna FÁS ar fad le fáil ar láithreán gréasáin FÁS, chomh maith le huimhreacha teileafóin agus ionaid na gcúrsaí.
Táthar chun údarás nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais leanúnaigh faoi láthair.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chláir oiliúna má tá tú dífhostaithe nó ag cuartú poist don chéad uair. Ní mór duit bheith 16 bliain d'aois nó níos mó, i do chónaí in Éirinn agus cláraithe le FÁS. Caithfidh ábaltachtaí de chaighdean áirithe a bheith agat le bheith san áireamh chun cuid de na cúrsaí traenála a dhéanamh.
Tá FÁS tugtha le cothrom na féinne a thabhairt do chuile dhuine ar an gclár.
De ghnáth faigheann daoine faoi oiliúint liúntas oiliuna seachtainiúil. Tá na rátaí nasctha le haois. Ó Eanáir 2010 amach, mura bhfuil tú i dteideal íocaíocht cáilithe, mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist, ní bhfaighidh tú liúntas oiliúna agus tú páirteach i scéim FÁS.
Tá na liúntais oiliúna seachtainiúil ó 1 Eanáir 2012 mar a leanas:
| Aois | Ráta sa tseachtain (lán-aimsearach) | Ráta sa tseachtain (20 uair) |
| 16- 17 bliana* | €40 | €23 |
| 16 bliain (fáltaí Liúntas Míchumais) | €76.65 | €44.10 |
| 17 bliain (fáltaí Liúntas Míchumais) | €95.75 | €55.10 |
| 18 bliain + | €188 | €108.20 |
* Baineann na rátaí seo le hiontrálaí nua ó 1 Eanáir 2012 seachas fáltaí Liúntas Míchumais.
Má tá d'íocaíocht léasa shoisialaigh níos airde ná seo, áfach, tabharfaidh an liúntas oiliúna a mhacsamhail de phá duit.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le liúntais oiliúna FÁS.
Téigh i dteagmháil leis an oifig FÁS áitiúil chun eolas a fháil faoi na cláir oiliúna atá ar fáil duit. Tá sonraí faoi an oifig FÁS áitiúil is gaire duit ar fáil ón seoladh thíos nó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.
Bosca Poist 456
27-33 Sráid Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 1 607 0500
Facs:+353 1 607 0600
Láithreán Gréasáin: http://www.fas.ie
R-phost: info@fas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.