Print Page Send to a Friend

FÁS: Ionaid Oiliúna Pobail

Eolas

Má tá tú idir 16 agus 21 bliana d'aois agus gur fhág tú an scoil go luath gan aon chailíocht foirmealta, tugann an clár FÁS Ionaid Oiliúna Pobail (IOP) deis duit feabhas a chur ar do chuid scileanna bunúsacha agus a bheith páirteach i dtraenáil gairmeach. Is í páirt don clár Youthreach an oiliúnt agus tá sí dírithe go mórmhór ag luath fhágálaí scoile idir 16 agus 21. I gcásanna áirithe is feidir le daoine óga suas le 25 páirt a ghlacadh - féach 'Rialacha' thíos.

Bíonn difríochtaí idir an oiliúint atá ar fáil ó ionad go hionad, ag brath go minic ar na háiseanna atá ar fáil. Ma tá suim áirithe agat i slí beatha ar leith ba cheart duit ionad a fháil ina bhfuil cúrsa oiriúnach ar fáíl ann, in áit iarratas a chur láithreach chuig an ionad is gaire duit. Le linn do chuid oiliúna, beidh tú ag díriú ar bhunabhar amháin gur rogha leat féin. Go ginearálta, beidh bunábhair ar nós Béarla, Mata agus ina lán cásanna, ríomhairí á gclúdú ag na scoláirí. Bíonn deiseana i chuile ionad le feabhas a chur ar do scileanna uimhearthachta agus liteartheachta.

Is cúrsa lán-aimseartha atá sa gcúrsa IOP. Is ar feadh bliana a sheasann sé go hiondúil, cé gur féidir i gcásanna áirithe fad a chur leis suas chuig uasmhéid de dhá bhliain. Má éiríonn leat do chúrsa a chríochnú, bronnfar cáilíocht oiriúnach ort, mar shampla cáilíocht CDBO, ag tabhairt níos mó deiseanna duit obair a fháil nó traenáil ar leibhéal níos airde a dhéanamh. Bíonn roinnt traenálaithe a roghnaíonn an scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh nó na hÁrdteistiméireachta a dhéanamh. Fhaid is atá tú ag freastal ar Ionad Oiliúna Pobail, d'fhéadfa liúntas oiliúna a fháil - féach 'Rátaí' thíos.

SOLAS

Táthar chun údarás nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais leanúnaigh faoi láthair.


Rialacha

Tá tú i dteideal áit ar an Ionad Oiliúna Pobail má tá tú idir 16 agus 21 bliain d'aois. Is é seo an grúpa tosaíochta d'Ionaid Oiliúna Pobail ach is féidir leo (le comhaontú FÁS) a sholáthair do dhaoine óga dífhostaithe eile atá faoi 25 bliain d'aois agus atá faoi mhíbhuntáiste.

Rátaí

Sa bhliain 2012, faigheann oiliúnaithe faoi 16 bliana d'aois sa tseachtain. Faigheann siad siúd atá 17 bliana d'aois . Faigheann siad siúd atá 18 bliana d'aois nó níos sine in aghaidh na seachtaine.

Aois Ráta sa seachtain (lán-aimsearach)
16-17 bliana* €40
16 bliana (fáltaí Liúntas Míchumais) €76.65
17 bliana (fáltaí Liúntas Míchumais) €95.75
18 + €188

*Baineann na rátaí seo le hiontrálaí nua ó 1 Eanáir 2012 seachas fáltaí Liúntas Míchumais.

Sa ghnáthchás, mura bhfuil tú i dteideal íocaíocht cáilithe, mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist, ní bhfaighidh tú liúntas oiliúna agus tú ag freastal ar scéim FÁS. Áfach, má tá tú faoi bhun aois 18 agus ag freastal ar Ionad Oiliúna Pobail gheobhaidh tú an liúntas oiliúna atá nasctha le d'aois.

Tá tuilleadh eolais inár ndoiciméad faoi liúntais oiliúna FÁS.

Conas iarratas a dhéanamh

Téigh isteach i d'Ionad Oiliúna Pobail Aitiúil FÁSionad Youthreach agus labhair leis an bhfoireann ansin faoi do chuid riachtanaisí agus spéiseanna traenála. Is féidir leo cúnamh a thabhairt duit leis na foirmeacha iarratais, más gá.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Oiliúna Náisiúnta FÁS
    Cuireann an doiciméad seo cur síos ar Chlár Oiliúna Náisiúnta FÁS, le eolas ar conas a oibríonn sé, cé dó atá sé, conas iarratas a dhéanamh agus céard iad na liúntais atá ar fáil do na traenálaí atá páirteach sa chlár.
  • Cláir Luathfhágála Scoile
    Tá roinnt scéimeanna oideachais ann do dhaoine óga agus do dhaoine eile a d'fhág an scoil gan aon cháilíocht aitheanta.
  • Youthreach
    Cur síos ar an gclár Youthreach - eolas ar na hábhair, ar fhad an chúrsa agus ar na hionaid.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.