Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Gairmoideachas agus oiliúint > Cláir thraenála agus tacaíocht FÁS > Tacaíocht chúraim leanaí le linn cúrsaí oiliúna FÁS

Print Page Send to a Friend

Tacaíocht chúraim leanaí le linn cúrsaí oiliúna FÁS

Eolas

Má tá iarratas déanta agat ar chlár gairmoiliúna trí FÁS, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá agat le cúram leanaí. Faoin Scéim Tacaíochta um Oiliúint agus um Fhostaíocht Cúram Leanaí (CETS) d’fhéadfá cáiliú d’áit chúraim leanaí in aisce dod’ leanbh. Tháinig an scéim CETS i gcomharba ar liúntas cúraim leanaí FÁS agus baineann sé leo siúd a thosaigh clár oiliúna an 13 Meán Fómhair 2010 nó dá éis.

Má bhí tú ag freastal ar chlár oiliúna FÁS roimhe sin agus go bhfuil tú ag fáil liúntas cúraim leanaí FÁS, leanfaidh tú á fháil seo go dtí go gcríochnaíonn tú an clár.

Tá an Scéim Tacaíochta um Oiliúint agus um Fhostaíocht Cúram Leanaí á soláthar agus á bainistiú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (OALGÓ).

Eisceachtaí: Ní chuimsítear cláir oiliúna ar leith, i CETS, iad seo a leanas san áireamh: Fostaíocht Pobail, Tionscnamh Jabanna, printíseacht, cúrsaí oíche, fostaíocht tacaithe Club Jabanna agus an clár Socrúcháin Oibre.

SOLAS

Táthar chun údarás nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais leanúnaigh faoi láthair.

Rialacha

D’fhéadfá a bheith i dteideal áit chúraim leanaí saor in aisce a fháil le linn duit a bheith i mbun cúrsa gairmoiliúna FÁS má tá an méid seo a leanas fíor i do chás:

  • Tá tú dífhostaithe faoi láthair agus is mian leat tabhairt faoi chlár gairmoiliúna FÁS
  • Is tú príomhchúramóir linbh nó leanaí
  • Teastaíonn cabhair uait le cúram leanaí chun glacadh le deis oiliúna

Cuirfidh seirbhísí cúraim leanaí áitiúla áiteanna lánaimseartha, páirtaimseartha agus tar éis scoile ar fáil - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos. Tá áiteanna ar fáil ar bhunús ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Tá na háiteanna cúraim leanaí ar fáil ar feadh tréimhse an chláir oiliúna.

Murar féidir leat áit a fháil dod’ leanbh ba chóir duit dul i dteagmháil le d’oifig áitiúil FÁS nó Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla agus a chur in iúl dóibh cé acu ceantar ina bhfuil gá agat le háit chúraim leanaí. Cuirfidh siad ceist ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a dhéanfaidh iarracht áiteanna cúraim leanaí breise a chur ar fáil i do cheantar.

Conas iarratas a dhéanamh

Nuair a fhaigheann tú litir ag tairiscint áit duit ar chúrsa FÁS, tabharfar liosta duit de sholáthróirí cúraim leanaí áitiúla. Ba chóir duit an litir seo a úsáid chun áit a chur in áirithe dod’ leanbh nó leanaí le soláthróir cúraim leanaí.

Nuair a thosaíonn do chlár oiliúna gheobhaidh tú litir ag dearbhú go bhfuil tús curtha agat leis an gclár agus ag tabhairt dátaí tosaigh agus deiridh an chláir. Ba chóir duit an litir seo a úsáid le deimhniú cén t-achar a bheidh an áit chúraim leanaí leis an soláthróir cúraim leanaí ar fáil.

Tá liosta de na soláthróirí cúraim leanaí a ghlacann páirt sa scéim CETS agus tuilleadh eolais ar fáil ó d’oifig áitiúil Seirbhísí Fostaíochta FÁS nó ón oifig Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil leis an oifig FÁS áitiúil.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 August 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cúrsaí oiliúna FÁS
    Cur síos ar an oiliúint ghairmiúil atá ar fáil trí FÁS, suíomhanna na gcúrsaí, intofacht, agus na liúntais atá ar fáil.
  • Liúntais oilúna FÁS
    Má fhaigheann tú áit ar chúrsa oiliúna FÁS d'fhéadfá liúntas ar feadh an chúrsa a bheith íoctha leat.
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais
    Is éard atá sa scéim seo réimse cúrsaí oideachais agus oiliúna atá feiliúnach do dhaoine fásta dífhostaithe agus do dhaoine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar leith.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.