Clúdaíonn an cháipéis seo na roghanna atá ar fáil duit má tá suim agat i staidéar a dhéanamh i mballstát den Aontas Eorpach, i dtír Eorpach eile nó i dtír lasmuigh den Eoraip. Tá eolas ar staidéar san RA, Tuaisceart Éireann san áireamh le fáil in áit eile ar an láithreán gréasáin seo.
Roghnaíonn daoine staidéar a dhéanamh thar lear ar roinnt cúiseanna. D'fhéadfadh na riachtanais iontrála a bheith níos éasca, d'fhéadfadh go mbeadh rochtain agat ar chúrsaí nach bhfuil ar fáil in Éirinn nó d'fhéadfadh go dteastaíonn uait taithí a fháil ar staidéar lasmuigh d'Éirinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh na difríochtaí idir staidéar in Éirinn agus staidéar thar lear ar eolas agat. Ba chóir modhanna iarratais, fad na gcúrsaí, táillí agus costais mhaireachtála a thabhairt faoi deara sula ndéanann tú cinneadh faoi chúrsa staidéir thar lear a bheith oiriúnach duitse.
Más mac léinn tríú leibhéal in Éirinn tú d'fhéadfadh go mbeadh eolas ag d'ollscoil nó choláiste faoi dheiseanna chun staidéar a dhéanamh lasmuigh d'Éirinn. Is féidir leat eolas a fháil chomh maith trí iarraidh go díreach ar institiúid tríú leibhéal réamheolaire a sheoladh chugat. Mura bhfuil cúrsa nó institiúid ar leith ar intinn agat, tá roinnt foinsí eolais ar staidéar thar lear:
Tairgeann mórán institiúidí tríú leibhéal in Éirinn deis dá mic léinn taisteal trína gcúrsaí staidéir. Baintear é seo amach go minic trí leas a bhaint as cláir mhalairte mac léinn. Bunaíonn institiúidí Éireannacha conradh tosaigh le hinstitiúidí thar lear agus coimeádann siad caidreamh leanúnach leo. Bogann mic léinn idir an dá institiúid ar shocrúcháin staidéir agus oibre agus tairgtear seirbhísí dóibh ar nós ionduchtú do mhic léinn, oiliúint teanga, agus seirbhísí lóistín. Téigh i dteagmháil le do choláiste chun eolas a fháil faoi aon chláir mhalairte mac léinn a d'fhéadfadh a bheith acu.
Tacaíonn an Clár um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil le tionscadail agus gníomhaíochtaí a chothaíonn idirmhalartú, comhoibriú agus soghluaisteacht idir chórais oideachais agus oiliúna laistigh den AE. Tá sé le fáil faoi láthair sna 27 ballstát uile den AE, sa Tuirc agus sa 3 bhallstát eile den LEE (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin). Cuimsíonn an Clár:
Tá cláir
chomhoibrithe oideachais ag an AE le Stáit Aontaithe Mheiriceá, le
Ceanada, leis an tSeapáin, leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn. Tá
na cláir seo dírithe ar naisc oideachais a fhorbairt idir an AE agus an 5
thír ina pháirtí. Moltar soghluaisteacht mhic léinn agus theagascóirí
trí chláir mhalairte mac léinn a chur chun cinn idir institiúidí
rannpháirteacha.
Víosaí do mhic léinn: Má tá tú chun dul ag staidéar
lasmuigh den AE agus i dtír lasmuigh den Eoraip, d'fhéadfadh go mbeadh víosa
mac léinn ag teastáil uait. Beidh riachtanais ar leith do víosaí mac léinn
a gach tír. Ba chóir duit dul i gcomhairle le ambasáid nó consalacht na
tíre a bhfuil sé ar intinn agat dul ag staidéar chun tuilleadh sonraí a
fháil.
Soláthraíonn láithreán gréasáin International Education Financial Aid (IEFA) bunachar sonraí d'eolas ar chúnamh airgeadais do mhic léinn gur mian leo staidéar i dtír eachtrach. Cuimsíonn an láithreán gréasáin liosta cuimsitheach de dheontais, scoláireachtaí, chláir iasachta agus eolas eile a d'fhéadfadh a bheith ina chabhair dóibh siúd a bhfuil suim acu i staidéar thar lear.
Tugann an clár Erasmus deontas soghluaisteachta do mhic léinn. De ghnáth
ní chlúdaíonn sé seo ach costais iompair amháin. Má fhaigheann tú
deontas cothabhála fad is atá tú ag staidéar in Éirinn leanfaidh an
deontas seo ar aghaidh le linn do thréimhse staidéir thar lear.
Tairgeann clár Leonardo da Vinci socrúchán oibre do mhic léinn i
gcuideachtaí thar lear mar chuid de chúrsa staidéir. Má chomhlíonann tú
na critéir incháilitheachta, gheobhaidh tú maoiniú ón AE i leith chostais
do shocrúcháin oibre
In Éirinn tá deontais chothabhála faoin Scéim Dheontais Ardoideachais agus faoi Scéim Scoláireachtaí na gCoistí Gairmoideachais le fáil do chúrsaí fochéime atá 2 bhliain ar a laghad i bhfad in institiúid tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí i mballstát AE eile. Ag brath ar d'ioncam d'fhéadfá a bheith incháilithe do dheontas cothabhála chomh fada is a chomhlíonann tú na coinníollacha maidir le cónaí, aois, éachtaí acadúla agus náisiúntacht. Tá faisnéis mionsonraithe faoi dheontais agus chistí do mhic léinn san ardoideachas agus breisoideachas ar an suíomh gréasáin www.studentfinance.ie.
Tá foinsí éagsúla de mhaoiniú do mhic léinn iarchéime. Fógraítear
roinnt cúrsaí sna nuachtáin agus bíonn maoiniú san áireamh. Bíonn
tacaíocht airgeadais ar fáil uaireanta ón ollscoil a ritheann an cúrsa
iarchéime; uaireanta bíonn ort iarratas a chur chuig comhlacht seachtrach.
Tá dámhachtainí le fáil do raon ábhar, do chúrsaí múinte agus chláir
thaighde araon. Bíonn siad éagsúil ó thaobh méide, faid agus cibé an
gclúdaíonn siad táillí amháin nó an gcuimsíonn siad cothabháil de chomh
maith. Tá rialacha incháilitheachta diana ann agus spriocdhátaí
d'iarratais. Chomh maith leis sin, tá roinnt mhaith iarchéimithe in
iomaíocht do mhaoiniú teoranta.
Scoláireachtaí staidéir/taighde iarchéime: Deonaíonn
rialachais eachtracha roinnt scoláireachtaí chun staidéar thar lear gach
bliain do mhic léinn Éireannacha atá i mbun chúrsa oideachais tríú
leibhéal, nó a bhfuil sé curtha i gcrích acu. Scaiptear
sonraí na scoláireachtai seo chuig ollscoileanna agus institiúidí
oideachais tríú leibhéal ábhartha eile agus foilsítear ar láithreán
gréasáin na Roinne Oideachais
agus Scileanna iad. Má tá suim agat iarratas a chur isteach ar na
scoláireachtaí seo, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Rannóg
Idirnáisiúnta den Roinn Oideachais agus Scileanna agus iarraidh orthu tú a
chur ar liosta poist do na tairiscintí scoláireachta. Seolfar foirmeacha
iarratais agus sonraí ábhartha chugat ansin nuair a bheidh na tairiscintí
oscailte chun iarratais a fháil.
Mura bhfuil tú incháilithe do dheontas cothabhála d'fhéadfá, nó d'fhéadfadh do thuismitheoir, faoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal a éileamh mar seo a leanas:
Cúrsaí fochéime Tá faoiseamh cánach le fáil do theagasc íoctha ar chúrsaí formheasta fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha i gcoláistí tríú leibhéal arna maoiniú go poiblí agus go príobháideach araon i mballstát ar bith den AE. Tá sé le fáil chomh maith ar chúrsaí fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha arna reáchtáil ag coláistí mballstát ar bith den AE a sholáthraíonn cianoideachas sa Stát.
Cúrsaí iarchéime: Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí tríú leibhéal do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste a fhaigheann maoiniú poiblí nó i mballstát AE eile, lena n-áirítear coláistí a sholáthraíonn cianoideachas sa stát. Tá faoiseamh cánach le fáil do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí i dtíortha lasmuigh den AE chomh maith.
Rannóg Eolas don Ógra
Bloc 2
Urlár 2
Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire
Láithreán Gréasáin: http://www.youthinformation.ie/
Teach Phlásóg an tSrutháin
Ascaill Crampton
Bóthar Shíol Bhroin
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 231 7100
Lóghlao:1890 200 637
Facs:+353 (0)1 231 7172
Láithreán Gréasáin: http://www.hea.ie
189-193 Sráid Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire
Facs:+353 (0)1 8731316
Láithreán Gréasáin: http://www.leargas.ie/
R-phost: info@leargas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.