Má tá tú i do chónaí in Éirinn faoi láthair agus ag smaoineamh cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh i dTuaisceart Éireann nó áit éigin eile sa Bhreatain tá rogha mór cúrsaí ar fáil. Roghnaíonn go leor daoine staidéar a dhéanamh sa Bhreatain mar nach bhfuil cúrsa áirithe ar fáil in Éirinn nó mar gheall go bhfuil na riachtanais iontrála níos éasca. Tá daoine eile ag iarraidh an taithí bheith ag staidéar taobh amuigh de Éirinn. Sula ndéanann tú iarratas ba chóir duit fáil amach faoina struchtúir dhifriúla agus na costais a bhaineann le oideachas tríú leibhéal sa Ríocht Aontaithe (pdf), go háirithe táillí agus costais maireachtála. Mar shampla, tá socraithe difriúla do tháillí laistigh den Ríocht Aontaithe. Taobh istigh den Ríocht Aontaithe tá Sasana, An Bhreatain Bheag, An Albain agus Tuaisceart Éireann.
Maireann an chuid is mó de na cúrsaí fochéimithe sa Ríocht Aontaithe trí bliana ach san Albain maireann siad cheithre bliana. Freisin tosaíonn an próiseas ar iarratas a dhéanamh níos luaithe ná in Éirinn. Ciallaíonn sé seo gur chóir duit tosnú ag féachaint ar chúrsaí 12 mí ar a laghad sula bhfuil sé i gceist agat tosnú ag staidéar. Tá an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar gach chúrsaí fochéimithe sa Ríocht Aontaithe mar an gcéanna (féach thíosluaite chun tuilleadh eolais a fháil).
Mura bhfuil fhios agat an cúrsa atá uait nó má tá tú ag iarraidh a fháil amach faoina cúrsaí agus coláistí difriúla tá acmhainní úsáideacha ar an idirlín chun treoir a thabhairt duit. Tugann an suíomh gréasáin EducationUK na Comhairle na Breataine cúnamh duit cúrsaí fochéime agus iarchéime ar ábhair áirithe a chuartú, in ollscoil áirithe nó áit ar leith ar nós Tuaisceart Éireann. Tá achoimre eolais faoi chuile choláiste nó ollscoil le sonraí teagmhálacha ann agus tá tú ábalta iarratas a dhéanamh ar an idirlín chun lámhleabhair eolais a fháil ar na cúrsaí. Tá eolas ghinearálta ann freisin faoi mhaireachtáil sa Ríocht Aontaithe (RA), le heolas faoi lóistín agus ag obair fhad agus atá tú ag staidéar ar chuid de. Is féidir leat eolas faoi institiúidí agus cúrsaí ardoideachas sa RA a fháil ar an suíomh gréasáin Directgov.
Ag braith ar do ioncam d'fhéadfadh tú a bheith i dteideal deontas cothabhála faoi Scéim um Deontais Ard-Oideachais na hÉireann – féach “Conas iarratas a dhéanamh” thíos luaite.
UCAS (University and Colleges Admissions Service) Is é seo an foras lárnach do iarratais ar chúrsaí fochéimithe lán aimseartha do ollscoileanna agus coláistí sa Ríocht Aontaithe. Tá gach eolas a theastaíonn uait chun iarratas a dhéanamh ar áit i gcoláiste ar an suíomh idirlín seo, lena n-áirítear: conas iarratas a dhéanamh, táillí agus eolas faoi choláistí. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an idirlíon tríd suíomh idirlín UCAS. Is féidir iarratas a dhéanamh trí do scoil nó i do aonar.
Úsáid áireamhán an UCAS atá ina chóras pointí atá anseo a úsáidtear mar mhodh iontrála chuig ardoideachas. Tugann sé deis duit comparáid a dhéanamh idir grádanna na hArdteistiméireachta agus an GCSE leibhéal A. Tá ábhar ardteistiméireachta ag leibhéal onóracha mórán mar an chéile le dhá trian de leibhéal A.
Seo a leanas na príomhdhátaí i gcomhair iarratais ar chúrsaí fochéime sa Ríocht Aontaithe:
Tá liosta iomlán de spriocdhátaí na n-iarratas ar shuíomh idirlín UCAS.
Tá dhá chineál staidéar iarchéimithe ann: Cúrsaí múinte agus taighde. Is iondúil nach maireann cúrsaí múinte ach bliain amháin ach d'fhéadfadh taighde maireachtáil trí bliana nó níos mó. Caithfidh tú smaoineamh cén sórt cúrsa iarchéime gur mhaith leat a dhéanamh, céard iad na cúrsaí is feiliúnaí dhuitse agus do shlí beatha, agus cad iad na costais. Ionchas Is é seo an suíomh idirlín oifigiúil ionchais céimnithe sa Ríocht Aontaithe. Tá eolas ann faoi staidéar iarchéime, postanna agus comhairle maidir le do shlí bheatha. Tá eolas ann faoi os cionn 55,000 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha agus is féidir leat iad a chuartú faoin ábhar nó faoi áit. I gcás cúrsaí iarchéime sa Ríocht Aontaithe déanann tú iarratas díreach chuig an ollscoil nó an coláiste. Tá foirmeacha iarratais ag an gcuid is mó acu ar an idirlíon. Is féidir leat iarratas idirlíon a dhéanamh chuig na hollscoileanna agus coláistí seo.
Mar náisiúnach de chuid an AE déileáilfear leat maidir le táillí ar an gcaoi chéanna is a déileáilfear le micléinn de chuid na Ríocht Aontaithe. Ní táillí teagaisc amháin an t-aon costas agus tú ag staidéar sa Ríocht Aontaithe - caithfidh tú costais lóistíne agus maireachtála a chur san áireamh freisin.
Sasana, An Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann: I
2012-2013 is féidir le hollscoileanna agus coláistí £9,000 sterling sa
bhliain a ghearradh ar mhicléinn nua i gcúrsaí fochéimithe. Tá tú in ann
iarratas a dhéanamh ar iasacht táille teagaisc nach gá dhuit aisíoc go dtí
go mbeidh do chéim bainte amach agat agus thú ag saothrú ós cionn £21,000
sterling sa bhliain. Ach, níl tú i dteideal tacaíocht cothabhála sa gcaoi
chéanna le micléinn baile. Más náisiúnach de chuid an AE tú atá ag cur
fút sa Ríocht Aontaithe le os cionn trí bliana, breathnaítear ort mar
mhicléinn baile agus beidh tú in ann cur isteach ar thacaíocht airgid do
chostaisí maireachtála.
An Albain: Ní bhíonn táillí le n-íoc ag micléinn
Albanacha ná micléinn ón AE a thosaigh a gcéad cúrsa céime
lán-aimseartha in Albain.
Tá na táillí teagaisc do chúrsaí iarchéime éagsúil ó institiúid amháin go hinstitiúid eile, agus ó choláiste go coláiste, ach go hiondúil bíonn sé thart ar chúpla míle punt sterling. Tugann réamheolairí na n-iarchéimeanna na táillí is reathúla.
Tá foinsí maoinithe éagsúil do mhicléinn iarchéime. Fógraítear roinnt cúrsaí sna páipéir nuachta agus bíonn maoiniú mar chuid de. Amannta bíonn tacaíocht airgid ar fáil san ollscoil atá ag rith an chúrsa iarchéime; amannta eile bíonn ort iarratas a dhéanamh chuig foras lasmuigh. Tá duaiseanna ar fáil do ábhair éagsúil, i gcúrsaí atá múinte agus i gcláracha taighde. Tá siad seo éagsúil maidir le méid, fad agus má chlúdaíonn siad táillí amháin nó costais cothabhála chomh maith. Tá rialacha déine maidir le cead iarratais agus sprioc am an iarratais. Freisin, tá líon mór iarchéimithe ag dul in iomaíocht le chéile don mhaoiniú teoranta.
Tá roinnt scoláireachtaí agus ánrachtaí chun staidéar thar lear bronnta chuile bhliain ag rialtais eachtrannacha ar mhicléinn Éireannacha atá i mbun cúrsa tríú leibhéal nó atá críochnaithe leis. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Rannóg Idirnáisiúnta den Roinn Oideachas agus Scileanna - féach "Conas iarratas a dhéanamh" thíos.
Seiceáil na suíomhanna idirlín seo leanas ar a bhfuil eolas maidir le maoiniú iarchéime:
Má tá cúnamh nó comhairle uait le do iarratas UCAS déan teagmháil le Aonad Seirbhíse do Chustaiméirí agus cuimhnigh go gcaithfidh tú do uimhir Phearsanta a thabhairt.
Más macléinn ón AE thú, agus ag déanamh iarratas tríd UCAS, cuirfidh siad foirm iarratais do iasacht do na táillí teagaisc chugat nuair a thairiscíonn siad áit duit ar an gcúrsa. Mura ndéanann tú iarratas tríd UCAS, beidh tú ábalta foirm iarratais a fháil agus tuilleadh eolais faoin tacaíocht atá ar fáil ón Fhoireann Eorpach ag an Roinn Oideachas agus Scileanna - féach "Conas iarratas a dhéanamh" thíos.
Ag braith ar do ioncam d'fhéadfadh tú a bheith i dteideal deontas cothabhála faoin Scéim Dheontais do Mhic Léinn Éireannach. Má bhronntar deontas cothabhála ort chun cúrsa fochéime a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe ní gá duit táillí teagaisc a íoc. Is féidir leat ceist a chur ar d'údarás áitiúil chun foirm iarratas a fháil. Mura bhfuil tú i dteideal deontas cothabhála is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal. Tá faisnéis mionsonraithe faoi dheontais agus chistí do mhic léinn san ardoideachas agus breisoideachas ar studentfinance.ie.
Tugann Scéim na nDeontas Ardoideachais maoiniú i gcomhair staidéar iarchéime i dTuaisceart Éireann ach ní do staidéar iarchéime sa Bhreatain. Is féidir leat faoiseamh cánach a iarraidh ar na táillí tríú leibhéal.
Customer Service Unit
PO Box 28
Cheltenham
GL52 3LZ
United Kingdom
Uaireanta Oscailte:Monday to Friday, 8:30 am- 6 pm
Teil:+44 871 468 0 468
Láithreán Gréasáin: http://www.ucas.ac.uk/
R-phost: enquiries@ucas.ac.uk
Student Loans Company
PO Box 89
Darlington
County Durham
England
DL1 9AZ
Teil:+44 141 243 3570
Rannóg Eolas don Ógra
Bloc 2
Urlár 2
Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire
Láithreán Gréasáin: http://www.youthinformation.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.