Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Táillí agus Tacaíocht do mhic léinn tríú leibhéil > Faoiseamh cánach ar tháillí don tríú leibhéal

Print Page Send to a Friend

Faoiseamh cánach ar tháillí don tríú leibhéal

Eolas

Beidh tú in ann faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí teagaisc a íoctar le haghaidh:

  • Cúrsaí fochéimithe
  • Cúrsaí iarchéime
  • Teicneolaíocht an eolais (IT) agus cúrsaí teangacha eachtrannacha

liosta de na coláistí agus cúrsaí formheasta foilsithe ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má íocann tú an táillí iarbhír, is féidir leat faoiseamh cánach a fháil, thar do cheann féin nó thar cheann duine eile.

Ní féidir leat faoiseamh cánach a fháil:

  • Ar tháillí scrúdaithe, nó riaracháin
  • Ar aon chuid de na táillí teagaisc a íoctar go díreach nó go hindíreach le deontas, scoláireacht nó ar aon bhealach eile, m.sh. má dhéanann fostóir na táillí a chúiteamh

Athruithe ó 1 Eanáir 2011

Bliain chánach ó 2011 amach

Ón bliain chánach 2011 amach is féidir an Ranníocaíocht Mic Léinn mar chuid den fhaoiseamh cánach ar tháillí teagaisc a éileamh. Is é €7,000, in aghaidh dhuine amháin sa chúrsa amháin, an t-uasmhéid faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc, an Ranníocaíocht Mic Léinn san áireamh.

Neamhairde: Má éilíonn tú le haghaidh mic léinn lánaimseartha, níl aon neamhaird ar an chéad €2,000 den iomlán táillí teagaisc. Má tá an t-éileamh le haghaidh mic léinn páirtaimseartha, níl aon neamhaird ar an chéad €1,000 den iomlán táillí teagaisc.

Má éilíonn tú le haghaidh beirt nó níos mó mac léinn, ciallaíonn sé go bhfaigheann tú faoiseamh cánach ar an Ranníocaíocht Mic Léinn le haghaidh an dara mic léinn agus iad ina dhiaidh sin.

Tá samplaí éifeachta na hathruithe seo ar fhaoiseamh cánach ar tháillí teagaisc (pdf) ar fáil sa láithreán gréasáin Revenue.

Blianta cánach roimh 2011

Níl cead agat faoiseamh cánach ar an muirear seirbhísí mac léinn (an Ranníocaíocht Mic Léinn anois). Tá faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc cáilithe suas go huasmhéid €5,000.

Rialacha

Cúrsaí fochéime

Tá faoiseamh cánach ar fáil ar tháillí teagaisc a íoctar i leith:

  • Cúrsaí formheasta fochéime idir lánaimsire agus pháirtaimsire i gcoláistí tríú léibhéil sa stát, bídís príobháideach nó státmhaoinithe.
  • Cúrsaí formheasta fochéime idir lánaimsire agus pháirtaimsire i gcoláistí tríú leibhéil, bídís príobháideach nó státmhaoinithe, i mBallstát ar bith den AE. Airítear cúrsaí míochaine, cúrsaí míochaine tréidliachta, fiaclóireachta agus oiliúint múinteoirí i measc na gcúrsaí fochéime anois.
  • Cúrsaí fochéime idir lánaimsire agus pháirtaimsire a reáchtálann coláistí i mBallstát ar bith den AE is a sholáthraíonn cianoideachas sa Stát seo.

Coinníollacha maidir le faoiseamh cánach a dheonú.

  • Caithfidh fad dhá bhliain ar a laghad a bheith sna cúrsaí.
  • Ní mór go mbeadh na coláistí agus na cúrsaí seo formheasta ag an Aire Oideachais agus Scileanna.

Cúrsaí iarchéime

Tá faoiseamh cánach ar fáil do tháillí teagaisc a íoctar i leith:

  • Cúrsaí formheasta iarchéime i gcoláistí tríú leibhéil sa Stát, bídís príobháideach nó státmhaoinithe.
  • Cúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste státmhaoinithe eile i mBallstát de chuid an AE, ina measc, na coláistí sin a chuireann cianoideachas ar fáil sa Stát seo.
  • Cúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste státmhaoinithe eile i dtír lasmuigh den AE.

Coinníollacha maidir le faoiseamh cánach a dheonú do chúrsaí iarchéime.

  • Caithfidh na cúrsaí seo maireachtáil ar feadh bliain acadúil amháin ar a laghad, ach gan dul thar ceithre bliana acadúla, agus ní foláir go mbeadh dámhachtain iarchéime le teacht astu a bheidh bunaithe ar thráchtas nó ar scrúdú.
  • Caithfidh bunchéim a bheith ag an té atá i mbun an chúrsa nó cáilíocht choibhéiseach.

Cúrsaí i dteicneolaíocht an eolais agus i dteangacha eachtrannacha.

Is féidir faoiseamh cánach a fháil i gcás táillí a íoctar i gcúrsaí i dteicneolaíocht an eolais agus i dteangacha eachtrannacha ar choinníollacha áirithe.

  • Caithfidh fad níos lú ná dhá bhliain a bheith sa chúrsa.
  • Ní mór go mbeadh teastas inniúlachta (agus ní teastas freastail) le fáil mar dhámhachtain ag deireadh an chúrsa.
  • Caithfidh an cúrsa a bheith formheasta ag FÁS.

Sonraí scéimeanna

Tá bileoga sonraithe maidir le faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.Cuimsíonn bileog IT31 faoiseamh cánach ar chúrsaí fochéime agus iarchéime. Cuimsíonn bileog IT31A faoiseamh cánach ar chúrsaí i dteicneolaíocht an eolais agus i dteangacha eachtrannacha.


Rátaí faoisimh cánach

Tugtar faoiseamh cánach ar an ngnáthráta. Is féidir faoiseamh cánach a fháil thar ceann líon neamhtheoranta na daoine.

Cúrsaí fochéime agus iarchéime

Bliain cánach ó 2011 amach: Is é €7,000, in aghaidh dhuine amháin sa chúrsa amháin, an t-uasmhéid bliaintúil faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc, an Ranníocaíocht Mic Léinn san áireamh.

Blianta cánach roimh 2011: Tá uasmhéid na dtáillí incháilithe faoin scéim faoisimh cánach €5,000.

Cúrsaí i dteicneolaíocht an eolais agus i dteangacha eachtrannacha

Tá faoiseamh cánach ar fáil nuair a tá na táillí glana teagaisc os cionn €315 agus tá uasteorainn de €1,270 ann i gcás cúrsa ar bith.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun faoiseamh ar chúrsaí fochéime nó iarchéime a fháil, íoslódáíl an fhoirm iarratais ábhartha (pdf) agus seol ar ais í chuig d'oifig chánach áitiúil.

Chun faoiseamh ar chúrsaí i dteicneolaíocht an eolais agus i dteangacha eachtrannacha a fháil, íoslódáíl an fhoirm iarratais ábhartha (pdf) agus seol ar ais í chuig d'oifig chánach áitiúil.

Ba chóir duit an uile fháltas na táillí íoctha a choimeád, mar b'fhéidir gur mian leis na Coimisinéirí Ioncaim iad a fheiceáil, chun d'éileamh a dheimhniú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.