Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Táillí agus Tacaíocht do mhic léinn tríú leibhéil > Scéimeanna um dheontais do mhic léinn bhreisoideachais agus ardoideachais

Print Page Send to a Friend

Scéimeanna um dheontais do mhic léinn bhreisoideachais agus ardoideachais

Eolas

Tá Scéim singil um Dheontais do Mhic Léinn i bhfeidhm do chúrsaí a thosaíonn ón bhfómhair 2011 amach. Tá 4 phríomhscéim tacaíochta comhcheangailte sa scéim seo. Ba iad:

  • Scéim um Dheontais Ardoideachais
  • Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais,
  • Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí,
  • Scéim um Dheontais Chothabhála do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta.

Eolas faoi airgeadas do mhic léinn

Tá eolas mionsonraithe ar raon na ndeontas agus na gcistí do mhic léinn bhreisoideachais agus ardoideachais le fáil ar an láithreán gréasáin studentfinance.ie. Ar an láithreán gréasáin seo tá mionsonraí faoin Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas, faoin Chiste Cúnta do Mhic Léinn agus beagán scoláireachtaí tríú leibhéal.

Buiséad 2012

Sa Bhuiséad i mí na Nollag 2011, fógraíodh :

  • Laghdú fá 3% i ráta an deontais do mhic léinn ó Eanair 2012
  • Luach roinnt sócmhainní caipitil le cur san áireamh sa thástáil maoine ó 2013
  • Laghdú ar theidlíocht do dheontas do mhic léinn iarchéime
  • Laghdú 20% sa Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
  • Scéim nua scoláireachta in áit na cúig scéimeanna atá ann faoi láthair

Scéim um Dheontais do Mhic Léinn

Tá an Scéim um Dheontais do Mhic Léinn (pdf) agus na Rialacha Tacaíocht Mac Léinn (pdf) déanta faoin Faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (pdf)

Tá deontais do mhic léinn roinnte ina ndá chuid – deontais cothabhála agus deontais táillí.

Deontais Cothabhála

Is ranníocaíocht do chostais maireachtála an mhic léinn atá sa deontas cothabhála. Ní cháilíonn mic léinn a thosaigh nó atá ag tosú ar chúrsaí ón mbliain acadúil 2010.2011 ar aghaidh le haghaidh deontais cothabhála má tá siad ag fáil Liúntas um Filleadh ar Oideachas nó Liúntas VTOS.

Tá deontais cothabhála ar fáil do chúrsaí formheasta atá níos ísle ná leibhéal na céime in Éirinn agus stáit eile de chuid an AE agus do chúrsaí iarchéime formheasta in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn.

Deontais Táillí

Is féidir le deontais táillí aon cheann de na heilimintí seo a leanas a chlúdach:

  • Táillí teagaisc ar fad nó cuid dóibh
  • Cuid de ranníocaíocht an mhic léinn nó í ar fad
  • Na costais a bhaineann le turais páirce riachtanacha

Go ginearálta, má tá tú i dteideal deontais cothabhála beidh tú i dteideal gach eilimint den deontas táillí. Ach ní bhfaighidh tú an chuid teagaisc de dheontas táillí má tá tú i dteideal teagaisc shaor in aisce faoi na Scéimeanna um Tháillí Shaor in Aisce.

Is féidir le mic léinn a shásaíonn na coinníollacha ar fad do dheontas cothabhála seachas cónaí sa Stát ar feadh ar a laghad 3 den 5 bliana deiridh (ar a nglaoitear ‘mic léinn teagaisc’ faoi Scéim Deontas na Mac Léinn) cáiliú le haghaidh deontais táillí.

Tá deontais táillí ar fáil do chúrsaí formheasta atá níos ísle ná leibhéal na céime in Éirinn agus do chúrsaí iarchéime formheasta in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn. Ach, ní aon deontas táillí do chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) nó do chúrsaí i mballstáit eile de chuid an AE.

Féach ‘Cúrsaí agus institiúidí formheasta’ thíos le haghaidh tuilleadh sonraí.

An chaoi a ndéantar deontais do mhic léinn a riar

Faoin Scéim Deontais nua do Mhic Léinn, leanfaidh údaráis áitiúla ar aghaidh ag déileáil le deontais do mhic léinn i leith na nithe seo a leanas:

  • Ollscoileanna
  • Institiúidí oideachais leagtha síos in Éirinn (cosúil le coláistí oideachais)
  • Cúrsaí fochéime formheasta in institiúidí oideachais formheasta san AE
  • Cúrsaí iarchéime formheasta in institiúidí oideachais formheasta i dTuaisceart Éireann

Déileáladh leis na deontais seo tríd an Scéim Deontais Ard-Oideachais cheana.

Leanfaidh Coistí Gairmoideachais (VECanna) ar aghaidh ag déileáil le deontais do chúrsaí formheasta sna hinstitiúidí seo a leanas:

  • Ionaid Iar-Ardteistiméireachta (PLC) formheasta
  • Institiúidí Teicneolaíochta

Déantar athbhreithniú ar dheontas do mhic léinn gach bliain. Más rud é go raibh deontas agat don bhliain 2010/2011 agus má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir ar an gcúrsa sa bhliain 2011/2012 déanfaidh d’údarás áitiúil nó do VEC teagmháil leat chun athnuachan nó athmheasúnú a dhéanamh ar do dheontas do mhic léinn don bhliain 2011/2012.

Ag cáiliú do dheontas do mhac léinn

Deontas cothabhála

Chun a bheith i dteideal deontas cothabhála, ní mór duit coinníollacha na scéime a shásamh i leith:

  • Náisiúntacht agus stádas inimirce
  • Cónaí
  • Acmhainní

Ní mór duit a bheith ag freastal ar chúrsa formheasta in institiúid fhormheasta – féach ‘Cúrsaí formheasta agus institiúidí formheasta’ thíos.

Is coinníollacha cruinn iad seo maidir le leibhéal a chúrsa ar a bhfuil tú ag freastal; más rud é gur fhreastal tú ar chúrsa den leibhéal céanna cheana’ agus más rud é go seasann an cúrsa mar dhul chun cinn ón staidéar atá déanta agat cheana.

Go ginearálta, ní bhfaighidh tú deontas chun bliain a dhéanamh in athuair nó chun freastal ar chúrsa nach seasann do dhul chun cinn ón méid atá déanta agat cheana. Tá na coinníollacha seo mionsonraithe in ailt 14 go 17 den Scéim Deontais do Mhic Léinn (pdf). Ach, d’fhéadfadh ‘mic léinn dara seans’ a bheith i dteideal deontais. Is éard is ‘mac léinn dara seans’ ann ná duine atá níos sine ná 23 bliain, nár chríochnaigh cúrsa go rathúil cheana agus atá ag filleadh ar chúrsa formheasta tar éis 5 bliana ar a laghad.

Deontas táillí

Má tá tú i dteideal deontais cothabhála beidh tú i dteideal gach eilimint chuí den deontas táillí. Más rud é nach raibh tú i do chónaí de réir an dlí sa Stát seo ar feadh 3 den 5 bliana imithe tharainn, ach má chomhlíonann tú na critéir ar fad eile do dheontas cothabhála, seans go mbeidh tú fós i dteideal deontais táillí mar 'mac léinn teagaisc' faoin Scéim.

Náisiúntacht agus stádas inimirce

Le cáiliú do dheontas cothabhála caithfidh tú:

  • A bheith i do shaoránach de bhallstát de chuid an AE nó an LEE; nó den Eilvéis

  • a bheith ball teaglaigh de duine mar thuas, le cead fanacht sa Stát toisc thú a bheith ball teaglaigh don duine seo faoin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008 agus cearta Conartha AE.

  • Stádas dídeanaí a bheith agat

  • Cead daonnúil a bheith deonaithe duit fanacht in Éirinn (níl náisiúnaigh choigríche a bhfuil cead fanacht deonaithe dóibh faoin scéim Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn - LRÉ/05 incháilithe)

  • Cead fanacht a bheith agat i ndiaidh cinnidh nach ndéantar ordú díbeartha

  • Cead a bheith agat fanacht in Éirinn toisc thú a bheith pósta nó i bpáirtnéireact shibhialta le saoránach d'Éirinn atá ina c(h)ónaí anseo nó más leanbh le duine dá leithéid thú

Áit chónaithe

Ó bhliain acadúil 2010/2011 ní mór duit bheith i do chónaí go dleathach sa Stát ar feadh 3 bliana as na 5 bliana roimhe seo chun cáiliú le haghaidh deontais chothabhála. Áfach, má dhéanann tú staidéar ar cháilíocht aitheanta in áit eile san AE agus bhí tú i do chónaí sa Stát ar feadh 3 bliana as na 5 bliana roimh thús an chúrsa, tá an coinníoll seo sásta. Tá cur síos faoin riachtanas seo ar studentfinance.ie.

Má shásaíonn tú iomlán critéir maidir le deontas chothabhála seachas an riachtanas cónaithe, d'fhéadfá cáiliú maidir le deontas táillí mar 'mac léinn teagaisc'

Ní mór go raibh gnáthchónaí ar do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí, nó ort féin más iarrthóir neamhspléach aibí thú (féach thíos), i gceantar riaracháin an údaráis áitiúil ón 1 Deireadh Fómhair sula ndéanann tú iarratas ar an deontas.

Tástáil mhaoine

Pléitear leat mar chleithiúnach má bhí tú i do chónaí le do thuismitheoirí ó 1 Deireadh Fómhair na bliana roimh tosach an chúrsa agus meastar aon ioncaim atá agat in éineacht le ioncam do thuismitheoirí. Tá tuillimh ó fhostaíocht lasmuigh den am téarma ceadaithe suas go €3,809 faoi láthair.

Is iarrthóirí lánfhásta neamhspleácha iad na hiarrthóirí os cionn 23 bliana d'aois nach bhfuil ina gcónaí lena dtuismitheoirí ón 1 Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an iarratais. Más mac léinn neamhspleách thú déantar thú a mheasúnú de réir d'ioncaim féin (agus de réir ioncaim do chéile, pháirtnéir sibhialta nó chomhchónaitheoir.

Tá an tástáil acmhainne do dheontas mic léinn i 2011/2012 bunaithe ar ioncam do theaghlaigh ón mbliain cánach iomláin roimhe (2010). Ach, más rud é gur athraigh do chúinsí nó cúinsí do theaghlach (agus más dóchúil go bhfuil sé buan) ó 31 Nollaig 2010, d’fhéadfadh do chúinsí athraithe a bheith tógtha san áireamh.

Tá íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe eisiata ó ‘ioncam inríofa’ ar mhaithe le deontais cothabhála – féach tuilleadh eolais ar ioncam inríofa ar studentfinance.ie.

Teorainneacha ioncaim ar mhaithe le deontas cothabhála agus táille

Tá na teorainneacha ioncaim ar mhaithe le deontas cothabhála i 2011/2012 leagtha amach sa tábla thíos. Is féidir leat bheith cáilithe le haghaidh na teorainneacha seo ar mhaithe le deontas táille freisin (má tá tú i dteideal).

Líon na leanaí cleithiúnacha Deontas iomlán cothabhála Deontas laghdaithe cothabhála (75%) Deontas laghdaithe cothabhála (50%) Deontas laghdaithe cothabhála (25%)
Níos lú ná 4 €41,110 €42,235 €44,720 €47,205
4 go 7 €45,165 €46,415 €49,145 €51,880
8 nó níos mó €49,045 €50,400 €53,360 €56,320

Teorainneacha ioncaim do dheontas páirt-táille

Tá na teorainneacha ioncaim teaghlaigh chun a bheith i dteideal deontais páirt-táille sa bhliain 2011/2012 leagtha amach thíos.

Líon na bpáistí cleithiúnacha 50% táillí teagaisc agus 100% ranníocaíocht an mhic léinn 50% ranníocaíocht an mhic léinn amháin
Níos lú ná 4 €51,380 €55,920
4 go 7 €56,460 €61,440
8 nó níos mó €61,295 €66,700

Baill eile den teaghlach ag freastal ar choláiste

Má tá ball eile den teaglach ag freastal ar chúrsa lánáimseartha mar atá sonraithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn (pdf) agus na Rialacha Tacaíocht Mac Léinn (pdf) ar feadh bliain amháin ar a laghad, d'fhéadfaí na teorainneacha ioncaim a ardú mar a leanas.

  • Deontas iomlán cothabhála agus díolúnú ó mhuirear an mhic léinn amháin: €4,980 i gcás beirt leanaí den chineál seo, €9,960 i gcás triúr leanaí den chineál agus mar sin, ag ardú faoi €4,980.
  • Deontas laghdaithe cothabhála 75%, 50%, 25% €4,815 i gcás beirt leanaí den chineál seo, €9,630 i gcás triúr leanaí den chineál agus mar sin, ag ardú faoi €4,815

Más iarratasóir neamhspleách thú, is é an ball teaghlaigh a thógtar san áireamh ná do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomháiritheoir. Má tá tú ag brath ar do thuismitheoirí, is iad na baill teaghlaigh a thógtar san áireamh ná do thuismitheoir(í) agus páistí cleithiúnacha eile.

Deontais bhreise do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste

Is féidir le mac léinn faoi mhíbhuntáiste atá in ann coinníollacha áirid a shásamh deontas breise a fháil.

Ní mór do na hiarrthóirí a bheith i dteideal an ghnáthdheontais chothabhála don bhliain acadúil 2011/2012 agus ní féidir lena n-ioncam measta don bhliain chánach Eanáir – Nollaig 2010 a bheith ós cionn €22,703 glan ar Mhéadú do Leanbh Cáilithe agus na gnáthíocaíochtaí eile a ndéantar neamhaird orthu.

Má tá mic léinn, mic léinn aibí san áireamh, measta ar ioncam a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí ní mór go raibh siad siúd ar an 31 Nollaig 2010 ag déanamh éilimh ar:

  • Íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh, nó
  • Íocaíocht Bhreise Teaghlaigh, nó
  • Ag glacadh páirte i gcláracha ainmnithe (e.g., clár traenála FÁS).

Tá na híocaíochtaí agus cláir liostaithe sa Sceideal 2 na Scéime um Dheontais do Mhic Léinn 2011 (pdf).

Má tá mic léinn measta ar a n-ioncam féin, ní mór go raibh siad ar an 31 Nollaig 2010 ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh a luaitear thuas, nó ag glacadh páirte i gclár ainmnithe.

Rataí

Déantar athruithe ar na rátaí deontas a bhreithniú le linn phróiseas bliantúil an Bhuiséid, agus tagann siad i bhfeidhm ag tús na bliana airgeadais i mí Eanáir.

Sa Bhuiséad 2012 i mí na Nollag 2011, fógraíodh laghdú fá 3% i ráta an deontais do mhic léinn ó Eanair 2012.

Is iad seo rátaí an deontais chothabhála don bhliain 2011:

Rátaí Ráta neamh-chóngarach Ráta cóngarach
Cothabháil iomlán €3,120 €1,250
Cothabháil laghdaithe (75%) €2,340 €940
Cothabháil laghdaithe (50%) €1,560 €625
Cothabháil laghdaithe (25%) €780 €315

Rátaí cóngaracha agus neamh-chóngaracha

Íoctaí an ráta cóngarach don deontas cothabhála má bhí cónaí ar an mac léinn 45 ciliméadar (24 roimhe seo) nó níos lú ón gcoláiste a bhfuil sé ag freastal air. Baineann an ráta seo le mic léinn atá cónaí laistigh den achar seo orthu, mic léinn aibí (cleithiúnach nó neamh-chleithiúnach) san áireamh.

Baineann an ráta neamh-chóngarach le gach duine eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Déanann tú iarratas ar dheontas mic léinn chuig an údarás áitiúil nó an VEC san áit ina bhfuil cónaí ort. Má tá sé i gceist agat freastal ar PLC nó Institiúid Teicneolaíochta, cuir isteach iarratas chuig do VEC. Seachas sin, déan iarratas chuig d’údarás áitiúil. Is é an dáta deiridh an 31 Lúnasa 2011, ach ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Tá iomlán de 35 eagraíocht a bhronnann deontais nasctha le córas iarratais nua ar líne. Mura bhfuil d’údarás áitiúil nó do VEC áitiúil ag baint úsáide as an gcóras ar líne go fóill, is féidir leat an fhoirm iarratais deontais do mhic léinn do 2011/2012 (pdf) a íoslódáil agus nótaí tionlachta (pdf) ó shuíomh gréasáin studentfinance.ie. Tá go leor foirmeacha eile a d’fhéadfadh a bheith uait chun tacú le d’iarratas. Tá foirmeacha ar fáil ó d’údarás áitiúil nó VEC freisin.

Nuair atá tú tar éis glacadh le d’áit ar chúrsa, beidh ort an fhoirm ghlacadh le cúrsa a líonadh isteach a bhaineann leat agus é a sheoladh ar ais chuig an údarás áitiúil nó an VEC lena ndearna tú iarratas ar an deontas cothabhála.

Ó 2012/2013 ar aghaidh, tosóidh an Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, atá tar éis a bheith ainmnithe mar an údarás aonair nua a bhronnann deontais, ag déileáil le hiarratas nua. Déileálfaidh na húdaráis a d'eisigh deontais ar an gcéad dul síos le hathnuachan de dheontais eisidh.

Tá tuilleadh eolais maidir le deontais ar fáil ar studentfinance.ie.

Achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh

Má mheasann tú gur eitíodh go héagórach tú faoi dheontas, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun an údaráis áitiúil nó an CGO atá freagrach. Má dhiúltaíonn an t-údarás áitiúil nó an CGO atá freagrach do d'achomharc agus má mheasann tú fós nár ghéill an comhlacht do chiall cheart na gcoinníollacha i do chás, is féidir achomharc a chur chuig an Aonad Cothromais Rochtana d'Ardoideachas sa Roinn Oideachais agus Scileanna.

Níor cheart duit scríobh chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ach amháin má tá tú ag iarraidh achomhairc ar thoradh achomharc bunaidh chuig údarás a bhronnann deontais.

Soláthraíonn an tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 do bhord achomhairc neamhspleách nua maidir le deontais do mhic léinn. Táthar ag siúl leis go mbunófar an bord seo sa bhliain 2012.

Cá háít a dhéanfaidh mé iarratas?

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe (mura bhfuil tú ag déanamh iarratais ar líne) agus an fhianaise cáipéisíochta riachtanaí chuig do VEC áitiúild'údarás áitiúil.

Achomhairc: Má tá tú ag iarraidh achomhairc ar chinneadh, scríobh chuig do VEC nó d'údarás áitiúil. Má tá tú ag iarraidh achomhairc ar thoradh an achomhairc, déan iarratas chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ag an seoladh thíos.

Ard-Oideachas: Cothromas Rochtana

An Roinn Oideachais agus Scileanna
Bóthar Phort Laoise
An Tulach Mhór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil:+353 (0)57 9325317
Facs:+353 (0)57 9325435
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie/


Cúrsaí agus institiúidí ceadaithe

Go ginearálta, clúdaíonn an Scéim Deontais nua do Mhic Léinn gach cúrsa formheasta agus institiúidí clúdaithe ag na 4 scéim a d’athchuir sé. Tá sonraí maidir leis an méid a chlúdaigh gach scéim ar fáil thíos. Tá na cúrsaí formheasta leagtha síos i Rialachán 4 de na Rialacháin Tacaíochta do Mhic Léinn 2011 (pdf) agus tá na hinstitiúidí formheasta liostáilte i Sceidil 1 agus 2 de na Rialacháin.

Scéim Dheontas Ardoideachais

Is iad seo a leanas na cúrsaí a raibh ceadaithe faoin Scéim Dheontas Ardoideachais (pdf) agus atá faoin Scéim um Dheontais do Mhic Léinn anois:

The courses that were approved under the Higher Education Grants Scheme (pdf) and now come under the Student Grant Scheme are:

(a) Cúrsa lánaimseartha fochéime nach lú ná 2 bhliain nó cúrsaí lánaimseartha iarchéime nach mó ná bliain amháin i gceann de na hinstitiúidí ceadaithe.

agus

(b) Cúrsa lánaimseartha fochéime nach lú ná 2 bhliain in ollscoil phoiblí nó in institiúid tríú leibhéil i mballstát eile den AE, taobh amuigh de na cúrsaí seo a leanas

  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí breishoideachais agus ardoideachais (seachas cúrsaí ag leibhéal Ard-Dioplóma Náisiúnta nó níos airde)
  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí príobháideacha tráchtála tríú leibhéil sa Stát agus a fhaigheann aitheantas ón gcoláiste sin
  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí atá cosúil le coláistí tráchtála in Éirinn

(c) Cúrsa fochéimithe lánaimseartha a mhaireann bliain amháin ar a laghad i gceann de na hinstitiúidí faofa arb éard atá ann céim chun cinn ó chúrsa Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsiléara nó Dioplóma Náisiúnta) go cúrsa forlíontach Leibhéal 8 (Céim Bhaitsiléara le hOnóracha)

Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais

Is iad seo a leanas na cúrsaí a raibh ceadaithe faoin Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais agus atá faoin Scéim um Dheontais do Mhic Léinn:

(a) Cúrsaí ag coláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann; Coláiste na Tríonóide, BÁC; Ollscoil Chathair Átha Cliath; Ollscoil Luimní, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste nó Ollscoil Uladh áit a dtéann an mac léinn ar aghaidh chuig an gcúrsa ollscoile tríd cúrsa a chur i gcrích ag leibhéal 6 (Teastas Náisiúnta) nó leibhéal 7 (Dioplóma Náisiúnta).

(b) Cúrsaí lánaimseartha ceadaithe ollscoile agus iarchéime in institiúidí ceadaithe

(c) Cúrsaí BTEC Ard Dioplóma Náisiúnta i gcoláistí faoi leith oideachais leanúnaigh agus coláistí oideachais leanúnaigh agus ardoideachais i dTuaisceart Éireann.

(d) cúrsaí lánaimseartha ceadaithe fochéime in institiúidí tríú leibhéil i mballstáit an AE, ar an mbunús céanna leis an Scéim um Dheontais ArdOideachais, i gcás mac léinn a bhfuil Teastas Náisiúnta nó Dioplóma Náisiúnta bronnta cheana orthu.

An Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí

Tá an Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí comhchuimsithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn freisin. Is iad na cúrsaí ceadaithe den chuid seo don Scéim um Dheontais do Mhic Léinn sraith de chúrsaí bliana amháin, dhá bhliain agus trí bliana ag leibhéal 6 (Teastais Náisiúnta) agus ag leibhéal 7 (Dioplóma Náisiúnta) in Institiúidí Teicneolaíochta. Tá an chuid den scéim ar fáil d'iarrthóirí a dteastaíonn oideachas agus oiliúint ar dtús ag an ard leibhéal uathu le cur lena gcumas fostaíochta mar atá leagtha síos i liosta tosaíochtaí rannóga fostaíochta an Rialtais agus atá ag cur tús le cúrsaí ceadaithe do Theicneoirí ag Meán Leibhéal nó ArdScileanna Teicniúla Gnó don chéad uair sa bhliain acadúil atá i gceist.

Tá an cuid seo don Scéim um Dheontais do Mhic Léinn ar fáil freisin d’iarrthóirí aibí atá ag cur tús in athuair le cúrsa ar mhaithe le críoch a chur leis an gcúrsa.

An Scéim um Dheontais Chothabhála maoinithe do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta

Tá an Scéim um Dheontais Chothabhála maoinithe do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta comhchuimsithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn freisin. Tá an chuid seo den scéim ar fáil d’iarrthóirí atá ag cur tús le cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta don chéad uair sa bhliain acadúil atá i gceist.

Tá deontais ar fáil do chúrsaí lánaimseartha ceadaithe Iar-Ardteistiméireachta a mhaireann ar feadh bliana ar a laghad in ionaid cheadaithe Iar-Ardteistiméireachta. Tá liosta na n-ionad ceadaithe ar fáil ón gCGO áitiúil. Tá sé ar fáil freisin i Sceideal 1, Cuid D den Rialacha Tacaíocht Mac Léinn 2011 (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 December 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.