Deontais agus cistí do mhic léinn lánfhásta

Cé atá ina mac léinnlánfhásta?

Más mian leat oideachas tríú leibhéal a iontráil nó filleadh air agus má tá tú níos sine ná 23 bliain d’aois, is féidir a mheas gur mac léinn lánfhásta thú. Chuir coláistí Éireannacha tríú leibhéal roinnt áiteanna ar leataobh do mhic léinn lánfhásta.

Beidh ort breithniú a dhéanamh ar chostais táillí agus ar na costais atá ort féin a chothú fad a bhíonn staidéar á dhéanamh agat. Braithfidh an costas ar cibé acu an bhfuil tú chun cúrsa lánaimseartha nó páirtaimseartha a dhéanamh.

Ag brath ar do chúinsí, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe do tháillí saor in aisce agus deontas mic léinn - féach ‘Cabhair le táillí agus cothabháil’ thíos. Tá eolas mionsonraithe faoin réimse deontas agus cistí do mhic léinn san ardoideachas agus breisoideachas ar an láithreán gréasáin studentfinance.ie.

Cabhair le táillí aguscothabháil

Deontas mic léinn agus tionscnamh na dtáillí saor in aisce

Má shásaíonn tú critéir áirithe agus má fhreastalaíonn tú ar chúrsa atá faofa ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (an RBOAOTNE), b’fhéidir go bhfaighidh tú cabhair le táillí agus cothabháil faoin Tionscnamh Táillí Saor in Aisce agus an Deontas Mic Léinn.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn a dhéanamh le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI).

Níl aon iarratas ar leith ann don Tionscnamh Táillí Saor in Aisce. Déanfar measúnú ar do cháilitheacht bunaithe ar an eolas a thugann tú nuair a dhéanann tú iarratas ar áit i gcoláiste.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa fochéime agus má chríochnaigh tú cúrsa fochéime cheana féin, níl tú incháilithe do dheontas mic léinn nó do tháillí saor in aisce. D’fhéadfá a bheith incháilithe do dheontas, áfach, má tá tú ag cur tús le cúrsa PLC mar chuid den Chlár Oideachais Treasach as a dtiocfaidh cáilíocht ardleibhéil ná mar a bhain do cháilíocht fochéime roimhe seo.

Má tá tú ag cur isteach ar chúrsa fochéime beidh ort táillí a íoc mura bhfaigheann tú deontas cothabhála.

Ní íocann an deontas mic léinn agus táillí saor in aisce as cúrsaí páirtaimseartha nó cúrsaí cianfhoghlama.

Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFAO)

Má fhaigheann tú íocaíocht dífhostaíochta, íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó míchumais, ceadaíonn Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFAO) duit staidéar a dhéanamh ar an dara agus an tríú leibhéal gan do chuid sochar a chailleadh. Caithfidh tú critéir áirithe a shásamh le bheith incháilithe do LFAO. Má tá staidéar á dhéanamh agat go páirtaimseartha, b’fhéidir go mbeidh tú in ann do shochair a choimeád faoin gClár um Fhilleadh ar Oideachas.

Má tá Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas á fháil agat nó má tá cúrsa Iar-Ardteistiméireachta á dhéanamh agat agus má tá liúntas an SDOG á fháil agat, níl tú incháilithe do ghné chothabhála an deontais mhic léinn a fháil. B’fhéidir go bhfaighidh tú díolúine ó tháillí coláiste nó ón ranníocaíocht mhic léinn, áfach, agus ba cheart duit iarratas ar dheontas mic léinn a líonadh dá bharr.

Is féidir níos mó a léamh faoin Scéim Deontais Mic Léinn agus faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus an deontas mic léinn.

Faoiseamh cánach ar tháillí

Má tá ort táillí a íoc, b’fhéidir go mbeidh tú in ann faoiseamh cánach a fháil ar an ráta caighdeánach.

Cistí eile tacaíochta do mhicléinn lánfhásta

Tá roinnt cistí eile ar fáil chun tacú leat in oideachas tríú leibhéal. Áirítear leo seo:

Cistí do mhic léinn atá faoi mhíchumas

Má tá tú faoi mhíchumas, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal roinnt tacaíocht airgeadais a fháil. Riarann an Roinn ciste speisialta a chabhraíonn le mic léinn faoi mhíchumas i rith thréimhse a staidéir.

An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn

Cabhraíonn an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn le mic léinn a bhíonn thíos le cruatan airgeadais tar éis dóibh tús a chur le cúrsa tríú leibhéal agus a mb’fhéidir nach mbeidís in ann leanúint lena staidéar dá bharr. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chistiú tríd an oifigeach rochtana/míchumais i do choláiste. Riartar an Ciste ar bhonn rúnda lánroghnach.

Ciste Sparánachta 1916

Cuireann Ciste Sparánachta 1916 cistiú ar fáil do mhic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste a ndéantar tearcionadaíocht shuntasach dóibh san ardoideachas. Tá mic léinn lánfhásta chéaduaire incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Caithfidh gur féidir leat a bheith in ann a thaispeáint go gcáileofá don ráta speisialta (an leibhéal is airde) de dheontas SUSI agus/nó go bhfuil an íocaíocht leasa shóisialaigh fhadtéarmach ar a ndéantar tástáil mhaoine á fáil agat.

Staidéar a dhéanamh thar lear marmhac léinn lánfhásta

Má bheartaíonn tú staidéar a dhéanamh thar lear, b’fhéidir go bhfuil tú incháilithe do dheontas mic léinn ó Rialtas na hÉireann. Cumhdaítear réimse cúrsaí faofa fochéime sa Ríocht Aontaithe agus i stáit eile an Aontais Eorpaigh. Aimsigh níos mó eolais faoi chláir oideachais Eorpacha.

Níl aon teorainneacha aoise ann faoin Scéim Deontais Mic Léinn do na deontais mic léinn chun staidéar a dhéanamh i stát eile an AE ach caithfidh gurb é do chéad chúrsa fochéime.

D’fhoilsigh an AE sraith treoracha faoi chónaí, oibriú, staidéar a dhéanamh agus bogadh laistigh den AE ina míneofar do chearta. Is féidir leat teacht ar eolas freisin ar staidéar a dhéanamh thar lear ar láithreán gréasáin Euroguidance Ireland.

Más spéis leat staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle na Breataine le heolas a fháil ar na cúrsaí atá ar fáil agus ar an bpróiseas iarratais do gach cúrsa.

Más spéis leat staidéar a dhéanamh lasmuigh den AE, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hambasáid/consalacht na hÉireann sa stát sin chun teacht ar eolas breise.

Conas iarratas a dhéanamh archistiú mar mhac léinn lánfhásta

Bíonn oifigeach mac léinn lánfhásta i ngach coláiste, de ghnáth, ar féidir leo eolas a sholáthar faoi thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta.

Deontais mic léinn

Láimhseálann Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) gach iarratas ar dheontais mic léinn. Caithfear gach deontas a dhéanamh le SUSI ar líne.

An Clár um Fhilleadh ar Oideachas

Maidir le Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas nó snáitheanna eile den Chlár um Fhilleadh ar Oideachas, déan iarratas tríd an bhfoirm iarratais ar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (pdf) a líonadh, atá ar fáil freisin ó d’Ionad Intreo.

An Ciste Speisialta do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá ort teagmháil a dhéanamh leis an gComhairleoir Mac Léinn nó an tOifigeach Tacaíochta Mac Léinn ag do rogha coláiste nuair a bhíonn tú ag clárú. Is féidir níos mó a léamh faoin gCiste do Mhic faoi Mhíchumas ar láithreán gréasáin an Údaráis um Ard-Oideachas.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Déan teagmháil leis an oifigeach mac léinn lánfhásta nó an oifigeach iontrálacha ag do rogha coláiste.

Déan d’iarratas ar líne ar dheontas trí SUSI.

Maidir leis an gClár um Fhilleadh ar Oideachas, seol an fhoirm ar aghaidh chuig an oifig a dhéileálann le hiarratais ó dhaoine a bhfuil d’íocaíocht ar leith á fáil acu. Tá na hoifigí seo liostaithe ar chúl na foirme.

Maidir leis an gCiste Speisialta do Dhaoine faoi Mhíchumas, déan iarratas leis an gComhairleoir Mac Léinn nó an tOifigeach Tacaíochta Mac Léinn ag do rogha coláiste.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Samhain 2023