Print Page Send to a Friend

Táillí do scoláirí tríú leibhéal

Eolas

Ní chaitheann an chuid is mó do mhic léinn fhochéimithe atá ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí táillí teagaisc a íoc. Faoi théarmaí an Tionscnamh Saor ó Tháillí, íocann an Roinn Oideachais agus Scileanna na táillí chuig na coláistí ina n-áit.

Tá muirir bliantúil ar leith iníoctha chuig coláistí do chostais sheirbhísí mac léinn agus scrúduithe – féach ‘Ranníocaíocht na mac léinn’ thíos.

Táillí

Táillí saor in aisce

Chun cáiliú do thaillí saor in aisce caithfidh go raibh tú i do chónaí i mballstát LEE nó san Eilbhéis do ar a laghad 3 bliana as na 5 cinn roimh thús do chúrsa. Is iad na baill den LEE (an Limistéir Eacnamaíochta Eorpach) ná na 27 ball den AE, chomh maith leis an Íoslainn, an Iorua agus an Lichtinstéin.

Caithfidh tú ceann de na 6 chritéir a leanas i ndáil le saorántacht agus cearta cónaithe in Éirinn a chomhlíonadh:

Caithfidh tú:

  1. A bheith i do shaoránach de bhallstát LEE (féach thuas) nó an Eilbhéis nó
  2. Stádas dídeanaithe oifigiúil a bheith agat nó
  3. A bheith i do bhall teaghlaigh do dhídeanach agus cead bronnta ort cónaí sa Stát nó
  4. A bheith i do bhall teaghlaigh do náisiúnach AE agus cead a bheith agat cónaí sa Stát leis an stampa “4EUFAM” ar do chárta cónaithe nó
  5. Cead fanachta daonnúlach a bheith bronnta ort don Stát nó
  6. Cead a bheith bronnta ort fanacht sa Stát ón Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, tar éis cinneadh ón Aire gan ordú díbeartha a bheith déanta faoi Roinn 3 den Acht Inimirce 1999.

Caithfidh tú na 3 riachtanas cúrsa a leanas a chomhlíonadh chomh maith:

  1. Caithfidh tú a bheith ag tabhairt faoi chúrsa fochéime lánaimseartha de ar a laghad 2 bhliain marthanachta (nó cúrsaí ar leith atá níos giorra in institiúidí teicneolaíochta).
  2. Caithfidh tú a bheith i do fhochéimí céaduaire. (D’fhéadfaí go gcuirfí cáilíochtaí fochéimithe réamhtheachtacha san áireamh áit a dtugtar eisceachtaí do mhac léinn atá ag leanúint cúrsa fochéime níos airde suas chuig uasmhéid Leibhéal 8 ar an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí).
  3. Go ginearálta, ní fhéadfaidh tú a bheith ag athdhéanamh na bliana mar gheall ar theip i do chuid scrúduithe nó athrú cúrsa. Is féidir an t-eiseamh seo a tharscaoileadh má athdhéanann tú bliain mar gheall ar thromthinneas deimhnithe. Tá roinnt eisceachtaí ann freisin do mhic léinn in institiúidí teicneolaíochta atá ag athrú cúrsaí.

Tá na cúrsaí a dtéann na socruithe táillí saor in aisce do chúrsaí fochéimithe i bhfeidhm orthu:

  • In ollscoileanna
  • In institiúidí teicneolaíochta
  • I gcoláistí oideachais atá maoinithe go poiblí
  • I gColáiste Náisiúnta na hÉireann
  • I roinnt institiúidí oideachais reiligiúin

Ní bhaineann taillí saor in aisce le cúrsaí i gcoláistí príomhaideacha, is cuma faomhadh ó Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO) acu nó nach bhfuil. Ní dóthain go bhfuil cúrsa atá liostaithe ag an Lár-Oifig Iontrála (LOI) leis féin, chun cúrsa saor ó tháillí a dhéanamh de.

Tá eolas sonrach ar chúnamh le táillí teagaisc ar fáil ag airgeadasmacleinn.ie.

Táillí AE

Mura gcáilíonn tú do tháillí saor in aisce d’fhéadfaí go mbeifeá incháilithe do Rátaí taillí AE:

  • Má chomhlíonann tú ceann de na 6 chritéir cearta saorántachta agus cónaitheacha liostaithe thuas ach nach gcomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais cúrsa thuas (mar shampla is saoránach Éireannach tú ach tá tú ag athdhéanamh bliain ar theip tú) nó
  • Mura gcomhlíonann tú aon cheann de na 6 chritéir cearta saorántachta agus cónaitheacha liostaithe thuas ach a raibh tú i do chónaitheach cánach do roinnt blianta i mballstát LEE nó san Eilbhéis (mar gheall gur comhlachtaí uathrialaitheacha iad institiúidí tríú leibhéal, áfach, is ag lánrogha na hinstitiúide atá i gceist é seo).

Mura gcáilíonn tú do tháillí AE, is féidir taillí neamh-AE a ghearradh ort. Leagann gach institiúid tríú leibhéal amach a ráta táillí féin. Ba cheart duit dul i dteagmháil le hinstiúidí tríú leibhéal a bhfuil suim agat iontu chun níos mó a fháil amach faoina dtáillí – féach ‘An áit a gcuirtear isteach air’ thíos.

Táillí iarchéime

Go ginearálta, beidh ort táillí a íoc do chúrsa iarchéime. Do chúrsaí iarchéime atá fordheonaithe faoin gClár Tiontú Scileanna Céimithe, tá táille laghdaithe, is é sin, €2,750 don bhliain 2012/13.

Ranníocaíocht mhac léinn

Gearrann an chuid is mó de choláistí ranníocaíocht mhac léinn bhliantúil, ar tugadh an muirir seirbhísí mac léinn air roimhe seo. Tugtar táille chlárúcháin air chomh maith agus clúdaíonn sé seirbhísí mac léinn agus scrúduithe. Tá an méid ranníocaíochta éagsúil ó institiúid amháin go hinstitiúid eile. Is é uasmhéid an ráta do ranníocaíocht mhac léinn don bhliain 2011/2012 ná €2,000.

Má tá Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (LFO) a fháil agat, d’fhéadfaí go gcáileodh tú do dhíolúine ón ranníocaíocht mhac léinn.

Buiséad 2012: méadóidh ranníocaíocht na mac léinn de €250 go dtí €2,250 sa bhliain ó 2012/13 amach.

Deontais do mhic léinn

Soláthraíonn deontais do mhic léinn tacaíocht airgeadais do mhic léinn atá ina teideal. Tá dhá chuid mar chuid den deontas do mhic léinn – deontas cothabhála agus deontas táille. Is ranníocaíocht i leith do chostas maireachtála atá sa deontas cothabhála. Is féidir le deontas táille na rudaí seo a leanas a chlúdach:

  • Do tháillí teagaisc ar fad nó cuid dóibh a chlúdach
  • Cuid de ranníocaíocht an mhic léinn nó í ar fad
  • Na costais a bhaineann le turais páirce riachtanacha

Más rud é go bhfuil an deontas cothabhála agat, go ginearálta, beidh tú i dteideal deontais táille.

Mura bhfuil tú i dteideal deontais cothabhála, ach má tá ioncam inríofa do theaghlach faoi theorainneacha áirithe, seans go mbeidh tú i dteideal leathdheontais táille. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort 50% den ranníocaíocht mic léinn a íoc, nó nach mbeidh ort 50% de tháillí teagaisc agus an ranníocaíocht mic léinn a íoc.

Tá cur síos déanta ar an Scéim Deontais do Mhic Léinn inár gcáipéis ar Dheontais do mhic léinn in oideachas breise agus ardoideachas.

Faoiseamh cánach

D’fhéadfaí go mbeifeá in ann faoiseamh cánach a éileamh ar na táillí teagaisc atá íoctha agat. Tá sé i gceist go mbeidh teaghlaigh a íocann ranníocaíochtaí mhac léinn do níos mó ná mac léinn amháin i mbliain in ann faoiseamh cánach a éileamh ar an dara agus na ranníocaíochtaí iarshnígh. Léigh níos mó in ár gcáipéis ar fhaoiseamh cánach do tháillí tríú leibhéal.

Conas iarratas a dhéanamh

Níl aon iarratas ar leith don Tionscnamh Saor ó Tháillí. Measfar d’incháilitheacht ar bhunús an eolais a thugann tú nuair atá tú ag cur isteach ar spás i gcoláiste.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn ag úsáid an córas iarratais ar líne nua. Mura úsáidaíonn d'údarás áitiúil an córas ar líne fós, is féidir anfhoirm iarratais do dheontas mic léinn 2011/2012 (pdf) agus nótaí treoraíochta sonracha (pdf) a íoslódáil ón láithreán gréasáin studentfinance.ie

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

D’eolas faoi tháillí téigh i dteagmháil le do rogha institiúid oideachais tríú leibhéal.

Má tá tú ag cur isteach ar dheontas ar an bhfoirm iarratais, seol an fhoirm chomhlánaithe chuig d’údarás áitiúil nó do Choiste Gairmoideachais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.