Is áit choitianta í Éire le haghaidh daoine a mbíonn suim acu Béarla a fhoghlaim. Tá go leor scoileanna agus cúrsaí ar fud na tíre do gach duine, idir fheidhmeannaigh ghnó agus daltaí atá ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid Béarla agus daoine atá ag iarraidh foghlaim conas Béarla a mhúineadh mar theanga iasachta.
Is scoileanna príobháideacha iad formhór na scoileanna Béarla mar theanga iasachta (EFL) in Éirinn agus ofráileann siad pacáiste lán, le teagasc, lóistín agus gníomhíochtaí sa bhreis ar churaclam san áireamh. Bíonn cúrsaí ullmhúcháin ag formhór na scoileanna seo do na mór-scrúduithe Béarla, ar nós TOEFL, IELTS, Cambridge, RSA, Oxford agus Coláiste na Tríonóide (Londain). Tá cúrsaí TEFL (An Béarla a Mhúineadh mar Theanga Iasachta) ar fáil i go leor scoileanna príobháideacha agus roinnt Ollscoileanna (Ollscoil na hÉireann, BÁC, Ollscoil na hÉireann Corcaí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Luimní, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.
Tá sé tábhachtach ardchaighdeán sa roinn EFL a chinntiú agus a dhéanamh deimhin de go bhfuil na cúrsaí sna scoileanna Éireannacha ar chomhchéim leis na cinn idirnáisiúnta. Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna freagracht do Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Teagaisc an Bhéarla (CCSTB) le féachaint i ndiaidh na rannóga EFL. Ó Eanáir 2011 is é CCSTB cuid den Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (ÚNCÉ).
Tá scéim cigireachta/aitheantais ag ÚNCÉ/CCSTB agus as seo faigheann scoileanna aitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Foilsítear liosta na scoileanna agus eagraíochtaí aitheanta EFL in Éirinn ar bhonn bliantúil agus tá sé ar fáil ar shuíomh idirlín an ÚNCÉ/CCSTB Tá baint ag ÚNCÉ/CCSTB freisin le haitheantas na gcúrsaí múinteoireachta Béarla mar theanga iasachta (TEFL) chomh maith le forbairt ábhair agus scrúduithe do scoláirí iasachta.
Caithfidh ÚNCÉ/CCSTB mionscrúdú a dhéanamh ar scoil EFL sula dtugann siad aon mholadh don Roinn mar gheall ar an scoil sin. Tugtar cuairt ar scoileanna nua faoi dhó le briseadh 10 mí idir an dá chuairt. Má bhíonn ÚNCÉ/CCSTB sásta tar éis na gcuairteanna seo, molann siad don Roinn aitheantas oifigiúil a thabhairt don scoil. Bíonn scrúdú ag scoileanna aitheanta ar a laghad uair amháin i ngach 3 bliana chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha. Sin a tharlaíonn go hiondúil, ach is féidir le ÚNCÉ/CCSTB cuairt a thabhairt ar scoil ag aon am réasúnta.
Tá critéir faoi leith ag ÚNCÉ/CCSTB a n-úsáidtear chun scoileanna a mheas maidir le haitheantas oifigiúil.
Má bhíonn an lóistín eagraithe ag an scoil, caithfidh sé caighdeán áirithe do theaghlaigh nó lóistín cónaithe a shroichint. Caithfear aire mhaith a thabhairt don dalta agus é/í a ligint a bheith mar pháirt den teaghlach agus é/í ag fanacht le teaghlach.
Caithfear na háiseanna seo a leanas a chur ar fáil don dalta:
Tá sé mar aidhm ag cúrsaí TEFL iarrathóirí a chur ar an eolas maidir le Béarla a mhúineadh mar theanga iasachta. Faigheann iarrthóirí amach conas ceachtanna a ullmhú agus a mhúineadh ag an léibhéal cuí, ag brath ar riachtanais na ndaltaí. Tá fáil ar chúrsaí TEFL i go leor scoileanna príobháideacha agus roinnt ollscoileanna. Ar fáil, tá cúrsaí do thosaitheoirí chomh maith le cúrsaí a ullmhaíonn iarrthóirí don láthair oibre. Tá dianchúrsaí ar fáil chomh maith i scoileanna príobháideacha agus ollscoileanna do dhaoine le cáilíochtaí gairmiúla TEFL, ar spéis leo forbairt bhreise phroifisiúnta.
D'iarr an Roinn Oideachais agus Scileanna ar ÚNCÉ/CCSTB scrúdú EFL nua - an Scrúdú ar Bhéarla Idirghníomhach (TIE) - a chruthú agus a chur i gcrích d'fhoghlaimeoirí an Bhéarla. Tá an scrúdú bunaithe ar thasc a dhéanamh agus roghnaíonn an foghlaimeoir a t(h)asc féin. Mar sin, is féidir le foghlaimeoirí le riachtanais difriúla a mheas leis an scrúdú seo, ar nós daoine atá ag foghlaim Béarla le haghaidh cúrsaí gnó, ar bhonn acadúil nó ar bhonn ginearálta. Déantar scileanna cumarsáide agus idirghníomhacha na bhfoghlaimeoirí a mheas i gcásanna réamhinste chomh maith le cásanna toiliúla agus bíonn ar na foghlaimeoirí scrúdú béil agus scrúdú scríofa a dhéanamh freisin. Tá dhá scrúdú ann:
Bronntar teastas ar gach iarrthóir tar éis an TIE a dhéanamh agus bíonn siombail na Roinne Oideachais agus Scileanna chomh maith le siombail ÚNCÉ/CCSTB clóbhuailte ar an teastas. Bíonn abairt ag rá go bhfuil an TIE aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna scríofa ar an teastas chomh maith. Eisítear teastais taobh istigh de 10 lá tar éis an scrúdaithe a dhéanamh. Déantar an TIE a mheas bunaithe ar Chomhscála Creatlaí Chomhairle na hEorpa ar Líofacht Teanga.
Is cumasc é MEI idir dhá eagraíocht - MEI agus RELSA. Ba é cumann trádála don tionscal EFL é RELSA (Cumann Scoileanna Aitheanta an Bhéarla). Grúpa margaíochta le haghaidh scoileanna EFL a bhí i MEI (Margaíocht an Bhéarla in Éirinn). Mar thoradh ar an gcumasc, tá cumann tionscail a fheidhmíonn ar son formhór na scoileanna aitheanta EFL in Éirinn. Tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas agus treorú do bhaill MEI tríd ÚNCÉ/CCSTB. Is féidir feidhmeanna MEI a shainmhíniú trí mheán na ranna seo a leanas, tá fo-choiste ag gach ceann atá déanta suas de bhaill den chumann:
Má bhíonn gearán le déanamh agat faoi scoil EFL, is féidir teangbháil a dhéanamh le ÚNCÉ/CCSTB (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos), atá freagrach as caighdeáin na scoileanna seo a mheas.
Tá faisnéis faoi tháillí iarratais ar aitheantas ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sna Rialacháin Aitheantais Eagraíochtaí Teagaisc Bhéarla ar an suíomh gréasáin CCSTB.
Caithfidh eagraíochtaí ar mhaith leo aitheantas a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, iarratas a sheoladh ar fhoirm iarratais oifigiúil chuig ÚNCÉ/CCSTB roimh an sprioclá a bhíonn scríofa ar an bhfoirm. Caithfear an táille chuí a chur leis an iarratas chomh maith le trí chóip de na bróisiúir chlóbhuailte atá ag an eagraíocht i mBéarla agus in aon teanga eile a úsáidtear. Ba cheart eolas réasúnta iomlán faoin eagraíocht a bheith sna bróisiúir, mar shampla, réimse na gcúrsaí atá á dtairiscint agus eolas ar lóistín agus táillí.
Tá an Scrúdú ar Bhéarla Idirghníomhach riartha ag TIE agus de ghnáth déantar iarratas trí scoil nó coláiste teagaisc an iarrthóra. Is féidir iarratas a dhéanamh ar fhoirm iarratais TIE (pdf) agus ba cheart a dhéanamh cinnte de go mbíonn d'iarratas istigh ar a laghad 10 lá roimh dháta an scrúdaithe, ionas gur féidir na socruithe cuí a dhéanamh.
Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Teagaisc an Bhéarla
5ú Urlár Teach Jervis
Sráid Jervis
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0)1 8871500
Láithreán Gréasáin: http://www.acels.ie
41 Bóthar Morehampton
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 (0)1 6605233
Facs:+353 (0)1 6682320
Láithreán Gréasáin: http://www.icosirl.ie
R-phost: office@icosirl.ie
Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 1 889 6400
Lóghlao:1890 402 040
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie
R-phost: info@education.gov.ie
1 Sráid Pheambróg Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6180910
Facs:+353 (0)1 6180909
Láithreán Gréasáin: http://www.mei.ie
R-phost: info@mei.ie
3 Kingsdown Chambers
Whitstable
Kent CT5 2FL
United Kingdom
Teil:+44 (0)0 11227276528
Facs:+44 (0)0 11227274415
Láithreán Gréasáin: http://www.iatefl.org
R-phost: generalenquiries@iatefl.org
45 Sráid Líosan Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 662 5991
Láithreán Gréasáin: http://www.tie.ie
R-phost: info@tie.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.