Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Coláistí agus Cáilíochtaí > Oideachas Tríú Leibhéil in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Oideachas Tríú Leibhéil in Éirinn

Institiúidí oideachais tríú leibhéil

Tá raon leathan institiúidí ann in Éirinn a chuireann oideachas tríú leibhéal ar fáil. Maoiníonn an Stát earnáil na n-ollscoileanna, an earnáil teicneolaíochta agus na coláistí oideachais go substaintiúil. Ina theannta sin tá roinnt coláistí príobháideacha neamhspleácha ann.

Is é an tÚdarás um Ard-Oideachas an ghníomhaireacht reachtúil atá freagrach as maoiniú na n-ollscoileanna, na bhforas teicneolaíochta agus roinnt institiúidí ardoideachais eile. Tá ról comhairleach aige maidir le hiomlán na earnála oideachais tríú leibhéal.

Earnáil na nollscoileanna

Is é an Stát a mhaoiníonn na hollscoileanna in Éirinn ach de ghnáth tá siad féinlathach. Tá 7 n-ollscoil ann. Ina measc seo, tá:

Earnáil teicneolaíochta

San earnáil teicneolaíochta tá na forais teicneolaíochta a chuireann cláir oideachais agus oiliúna ar fáil i réimsí mar ghnó, eolaíocht, innealtóireacht, theangeolaíocht agus ceol chomh hard leis na leibhéil teastais, dioplóma agus céime. Tá 14 fhoras teicneolaíochta suite ar fud an tíre. I gceantar Bhaile Átha Cliath tá siad i mBaile Átha Cliath féin, i dTamhlacht, i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire. Sa chuid eile den tír tá siad i gCorcaigh, i bPort Láirge, i dTrá Lí, i nDún Dealgan, i mBaile Átha Luain, i nGaillimh agus Maigh Eo, i Sligeach, i Leitir Ceanainn, i Luimneach agus i gCeatharlach.

Coláistí oideachais

Tá roinnt mhaith coláistí oideachais a chuireann sainoiliúint ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Tairgeann siad céim trí bliana Baitsiléara Oideachais agus dioplóma 18 mí iarchéime. De ghnáth déanann múinteoirí iar-bhunscoile bunchéim agus dioplóma iarchéime ina dhiaidh sin. Tá tuilleadh faisnéise le fáil inár ndoiciméad faoi cháilíochtaí múinteora.

Coláistí eile

Le cois na gcoláistí a mhaoiníonn an Stát, tá roinnt institiúidí oideachais tríú leibhéil ar tháille ann a chuireann cúrsaí ar fáil, go mór mór san oiliúint ghairmiúil phroifisiúnta agus sa ghnó. Tá cuid de na coláistí seo nasctha leis na hollscoileanna nó le comhlachais ghairmiúla agus féadfar a gcuid cáilíochtaí a chreidiúnú dá réir– féach anseo thíos.

Cáilíochtaí tríú leibhéil

An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC): Córas 10 leibhéal é seo ar féidir dá bharr caighdeáin agus leibhéil na gcáilíochtaí a chur i gcomórtas le chéile. Tá léaráid den CNC ar láithreán gréasáin Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (ÚNCÉ). Tá na cáilíochtaí tríú leibhéal ar Leibhéil 6-10 sa Chreat.

Bronnadh cáilíochtaí

In earnáil na n-ollscoileanna is iad Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (UCD, UCC, UCG agus Maigh Nuad), Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Luimnigh na 4 fhoras cáiliúcháin. Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (CDAO) an foras cáiliúcháin d’institiúidí oideachais tríú leibhéil lasmuigh d’earnáil na n-ollscoileanna. Is í Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (CDBO) an foras cáiliúcháin don bhreisoideachas agus don oiliúint in Éirinn. Bronnann sí Ardteastais freisin (Leibhéal 6). Is féidir faisnéis níos mionsonraithe a fháil inár ndoiciméad faoi cháilíochtaí breisoideachais agus ardoideachais.

Na hollscoileanna: Bronnann na hollscoileanna atá ann cheana agus atá arna maoiniú ag an Stát a gcuid céimeanna féin agus cáilíochtaí eile. Cáilíonn mic léinn ollscoile le Gnáthchéim Bhaitsiléara (Leibhéal 7 CNC) nó le Céim Onóracha Bhaitsiléara (Leibhéal 8 CNC). Tairgeann na hollscoileanna Céimeanna Máistir (Leibhéal 9 CNC) agus Dochtúra (Leibhéal 10 CNC) iar-bhunchéime freisin.

Institiúidí teicneolaíochta: Bronnann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) a cuid cáilíochtaí féin. Bronnann na hinstitiúidí teicneolaíochta eile céimeanna, dioplómaí agus teastais a dheimhníonn Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna. De ghnáth cáilíonn na mic léinn le hArdteastas (Leibhéal 6 CNC) nó le Gnáthchéim Bhaitsiléara (Leibhéal 7 CNC). Bíonn Céimeanna Baitsiléara le hOnóracha (Leibhéal 8 CNC), Dioplómaí Iarchéime (Leibhéal 9 CNC) agus Ard-Dochtúireachtaí (Leibhéal 10 CNC) le fáil freisin.

Coláistí eile: De ghnáth bronnann na coláistí eile a fhaigheann maoiniú ón Stát cáilíochtaí a dheimhníonn CDAO nó CDBO. Bronnann na coláistí príobháideacha cáilíochtaí a ndeimhníonn ollscoileanna thar lear cuid díobh agus a ndeimhníonn CDAO nó CDBO cuid eile díobh. Ní dheimhníonn aon chomhlacht seachtrach cuid de na cáilíochtaí a bhronnann siad.

Tá an réimniú ar cheann de ghnéithe Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí. Go minic tugann teastas Leibhéil 6 arna bhronnadh ag CDAO nó CDBO an chaoi do mhac léinn leanúint ar aghaidh chun céime ar Leibhéal 7 nó Leibhéal 8. Tugann an Scéim Nasc Ardoideachais an chaoi dóibh siúd a bhfuil cáilíochtaí CDBO Leibhéil 5 agus Leibhéil 6 (CNC) acu dul ar aghaidh chun an ardoideachais. Féadfaidh tú bileog faoin réimniú (pdf) a íoslódáil ó láithreán gréasáin CDBO.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag brath ar dhul ar coláiste féadfaidh tú an láithreán gréasáin Qualifax a chuardach le haghaidh mionsonraí ar na cúrsaí. De ghnáth, déantar na hiarratais ar chúrsaí fochéimí tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO). Féadfaidh tú a thuilleadh faisnéise a fháil inár gcuid doiciméad faoi ghnáthaimh iarratais agus riachtanais iontrála, faoi tháillí tríú leibhéal agus faoi fhaoiseamh cánach do tháillí tríú leibhéal. Gheofar faisnéis faoin staidéar iarchéime in A thuilleadh faoin ábhar seo.

Más dóigh leat go bhféadfadh teideal a bheith agat ar dheontas, gheobhaidh tú faisnéis i scéimeanna deontas cothaithe do mhic léinn ar chúrsaí tríú leibhéal agus deontais agus maoiniú le fáil ag mic léinn lánfhásta.

Tuilleadh eolais

Staidéar iarchéime

Ní mór duit machnamh a dhéanamh ar an gcineál staidéir iarchéime ba mhian leat a dhéanamh, ar na cúrsaí is oiriúnaí duit agus do do shlí bheatha agus na costais ghaolmhara. Is féidir le staidéar iarchéime a bheith ina chúrsa múinte nó bunaithe ar thaighde agus go ginearálta titeann sé isteach i gceann de na catagóirí seo a leanas:

  • Dioplóma iarchéime: Is minic gur cúrsa gairmoideachais é seo, ceangailte le gairmeacha ar nós teagaisc nó leabharlannaíochta. Is féidir go mbeidh difríocht idir a ábhar agus ábhar na bunchéime. I gcásanna áirithe is féidir dioplóma a ‘athrú’ go céim mháistreachta.
  • Céim mháistreachta: Is féidir leis seo a bheith ina chúrsa múinte nó bunaithe ar thaighde. Maireann sé de ghnáth 1-2 bliain agus baineann sé de ghnáth le hobair chúrsa agus tráchtas. Is féidir céim mháistreachta a athrú go PhD in amanna.
  • PhD: Is dochtúireacht é seo a bhronntar ar thráchtas bunaithe ar thaighde. Glacann sé ar a laghad 3 bliana staidéir agus ní mór dó cur leis an eolas mar ábhar nuálach.

Staidéar iarchéime a chistiú

Go ginearálta, beidh ort táillí a íoc le haghaidh cúrsaí iarchéime. Is féidir go mbeidh tú in inmhe faoiseamh cánach a fháil ar na táillí. Má fuair tú deontas tríú leibhéil le haghaidh do chúrsa fochéime, is féidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh staidéir iarchéime in Éirinn, lena n-áiritear Tuaisceart na hÉireann.

Tá foinsí éagsúla cistithe do mhic léinn iarchéime. Bíonn tacaíocht airgeadais ar fáil in amanna ón ollscoil atá ag reáchtáil an chúrsa iarchéime; in amanna bíonn ort iarratas a chur isteach chuig grúpa seachtrach. Cuireann roinnt grúpaí taighde cistiú ar fáil le haghaidh taighde iarchéime in Éirinn, lena n-áirítear an Chomhairle Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta Comhairle Taighde na hÉireann um Eolaíocht, Innealtóireacht agus Theicneolaíocht agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

Deonaíonn rialtais eachtracha roinnt scoláireachtaí agus comhaltachtaí chun staidéar thar lear gach bliain do mhic léinn Éireannacha atá i mbun chúrsa oideachais tríú leibhéil, nó a bhfuil sé curtha i gcrích acu. Is féidir leat eolas faoi dheiseanna le haghaidh staidéar iarchéime thar lear a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna. Más mian leat staidéar sa R.A tá láithreán gréasáin don R.A ar a dtugtar Prospects.

Iarratais agus eolas breise

Le haghaidh cúrsaí iarchéime go ginearálta cuireann tú iarratas isteach go díreach chuig an ollscoil nó chuig an coláiste. Is féidir leat teacht ar eolas faoi chúrsaí iarchéime agus ar iarratais ón oifig gairmeacha i do choláiste nó ollscoil. Má tá tú ag cur isteach ar chúrsaí iarchéime sa RA is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar ollscoileanna agus ar choláistí áirithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.