Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Iarratas a dhéanamh ar Choláiste > Áiteanna tríú-leibhéil agus athoiliúna do chuardaitheoirí poist

Print Page Send to a Friend

Áiteanna tríú-leibhéil agus athoiliúna do chuardaitheoirí poist

Eolas

Má tá tú dífhostaithe, d’fhéadfadh go bhfuil tú ag iarraidh leanúint ar aghaidh le d’oideachas nó páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna chun do scileanna a fhorbairt agus cur le do dheiseanna filleadh ar an obair. Tá go leor bealaí inar féidir leat filleadh ar an oideachas agus coinníonn tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó athraíonn tú do Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas.

Forbraíodh roinnt scéimeanna chun oideachas tríú leibhéal a sholáthar do dhaoine atá dífhostaithe.

  • In 2011, chuir tionscnamh nua ar a dtugtar Lingchlár 6,000 áit ardoideachais pháirtaimseartha ar fáil
  • I mblianta roimhe seo: d’ofráil an Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair 11,500 áit oiliúna agus oideachais ar an iomlán in 2010 agus d’ofráil an Tionscnamh um Fhilleadh ar an gColaiste do Chuardaitheoirí Poist 2,500 áit sa choláiste ar bhonn páirtaimseartha in 2009.

Lingchlár

Seoladh Clár Ardoideachais Lingchláir i mBealtaine 2011. Cuirfidh sé 6,000 áit ardoideachais ar fáil do dhaoine dífhostaithe. Ar réimse fairsing cúrsaí páirtaimseartha a bheidh na háiteanna, ó leibhéil teastais go dtí leibhéil na céime máistreachta – Leibhéil 6-9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Tá an clár dírithe ar dhaoine a bhí fostaithe cheana san earnáil tógala, déantúsaíochta nó in earnálacha eile den eacnamaíocht nach bhfuil chun filleadh ar leibhéil réamhchúlaithe.

Tá sonraí maidir leis an réimse cúrsaí ar fáil mar aon leo siúd atá incháilithe ar bluebrick.ie.

Tá cúrsaí ar fáil i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC); an eacnamaíocht ghlas; seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus cáilíochtaí do na hearnálacha bith-chógas-chógascheimice agus gléasanna leighis. Tá cúrsaí ann freisin atá dírithe ar scileanna nuálacha gnó agus fiontraíochta a fhorbairt.

Thosaigh an chuid is mó de na cúrsaí i bhFómhair na bliana 2011, ach tosaíonn roinnt díobh níos luaithe ná sin.

Cé atá incháilithe?

Chun a bheith incháilithe do Lingchlár, ní mór duit:

agus

  • Stair fostaíochta roimhe seo a bheith agat

agus

  • A bheith ag cuardach oibre go gníomhach agus ar fáil chun dul ar ais chuig an obair

Má tá tú ag oibriú go gearrthréimhseach agus íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat, meastar go bhfuil tú dífhostaithe le haghaidh Lingchláir.

Liúntas bhreise cháilithe

Agus do 6 mhí dífhostaíochta á ríomh, cuirtear san áireamh aon am a chaith tú a bheith rannpháirteach in aon cheann de na liúntais cháilithe eile seo:

Mar shampla, má tá íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat ar feadh ach mí amháin ar dháta tosaithe an chúrsa, ach má bhí ceann de na liúntais cháilithe sin á fháil agat ar feadh 5 mhí díreach roimhe sin, tá tú incháilithe le cur isteach ar áit ar chúrsa Lingchláir – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

(Tugadh isteach na critéir fhorbartha cáilitheachta i Meitheamh 2011. Roimhe sin, ba ghá d’iarratasóirí Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora bheith á f(h)áil acu ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí roimh dháta tosaithe an chúrsa.)

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil i sraith shonrach Ceisteanna Coitianta.

Scéimeanna sna blianta imithe tharainn

Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2010

Sholáthair an Ciste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2010 11,500 áit oiliúna agus oideachais ar an iomlán do chuardaitheoirí poist, ó Leibhéal 3 go dtí Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Do dhaoine nach raibh an oiread sin scileanna acu, a d’oibrigh i dtógáil, miondíol agus i ndéantúsaíocht, a bhí faoi aois 35 bliain nó a bhí dífhostaithe go fadtéarmach a bhí na háiteanna seo. Tá an Ciste á bhainistiú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá na cúrsaí á reáchtáil ag VECanna, Institiúidí Teicneolaíochta agus ag eagraíochtaí eile a chur isteach go rathúil ar mhaoiniú.

Chun a bheith cáilithe le haghaidh áite faoin gCiste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair do 2010, níor mhór go mbeadh tú tar éis a bheith ag fáil íocaíocht dífhostaíochta le haghaidh trí mhí ar a laghad sula dtosaíonn tú ar an gcúrsa. Cuirfear am a chaitear ar chláir oiliúna nó oideachais san áireamh mar chuid den tréimhse 3 mhí seo. Ina theannta sin, seans go mbeidh riachtanais íosta ag soláthraithe cúrsaí.

Agus tú ag freastal ar chúrsa oiliúna faoin scéim seo, seans go mbeidh tú i dteideal d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil don tréimhse atá tú ina teideal de ghnáth.

Má fhreastalaíonn tú ar chúrsa oideachais, seans go mbeidh tú i dteideal Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a fháil.

Tionscnamh um Fhilleadh ar an gColáiste do Chuardaitheoirí Poist

Sholáthair an tionscnaimh seo 2,500 áit pháirtaimseartha tríú leibhéal do chuardaitheoirí poist do chúrsaí ag tosú i Meán Fómhair 2009.

Tá an scéim seo dúnta anois d’iontrálaithe nua, ach ach is féidir le mic léinn atá ar na cúrsaí faoi láthair iad a chríochnú.

Bhí an scéim eagraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta agus ag an Údarás um Ard-Oideachais (HEA).

Bhí daoine ag a raibh Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil ar feadh 6 mhí ar a laghad an 1 Meán Fómhair 2009 incháilithe do na cúrsaí seo. Bhí daoine a fuair iomarcaíocht reachtúil agus ag a raibh an teidlíocht chun íocaíocht chuí áirithe leasa shóisialaigh a fháil incháilithe freisin.

Faoin Rogha Pháirtaimseartha den Chlár um Fhilleadh ar an Oideachas tá tú i dteideal d’íocaíocht chuardaitheora poist a choinneáil agus tú ar an gcúrsa. Má tá Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) á fháil agat, gheobhaidh tú ghnáthfhad do theidlíochta, is é sin, 9 nó 12 mhí. Nuair a thiocfaidh deireadh le do SCP, ba cheart duit seiceáil an bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Má ghlac tú le háit tríú leibhéal faoin scéim seo, ní mór duit leanúint agus bheith ar fáil d’obair agus bheith ag cuardach oibre go dícheallach. Má fhaigheann tú tairiscint d’obair lán-aimseartha, ní mór duit glacadh leis an tairiscint fostaíochta seo. Má fhaigheann tú post sula gcríochnaíonn tú do chúrsa, ní bheidh ort táillí a íoc don bhliain sin.

Maireann an cúrsa idir 1 bhliain agus 4 bliana. Ar an ábhar gur cúrsaí páirtaimseartha iad seo, níl tú i dteideal an deontas cothabhála oideachais tríú leibhéal ná an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a fháil.

Rátaí

Níl ar rannpháirtithe ar chúrsa Lingchláir aon táillí ná costais a íoc agus iad dífhostaithe.

Níl aon táille ar chúrsaí faoin gCiste Gníomhachtaíochta don Mhargadh Saothair.

Níl aon táillí teagaisc ann do na cúrsaí faoin Tionscnamh um Fhilleadh ar an gColáiste agus níl ort an táille chláraithe a íoc. Seans go mbeidh ar iarchéimithe táille ainmniúil a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar Lingchlár, roghnaíonn tú an cúrsa/na cúrsaí ar spéis leat iad ar bluebrick.ie agus roghnaíonn tú an rogha ‘déan iarratas anois’. Iarrfar ort foirm UP51b a chomhlánú agus stampa a fháil ag d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.

Más mian leat go gcuirtear san áireamh am a caiteadh ar liúntas cáilithe mar chuid de do thréimhse 6 mhí de dhífhostaíocht, ba cheart duit foirm féindearbhaithe SB611 a chomhlánú. Níl stampa le fáil don fhoirm seo ón Roinn Coimirce Sóisialaí ná ó aon ghníomhaireacht eile.

Seol foirm UP51b (agus foirm SB611, más cuí) chuig do sholáthraí cúrsa Lingchláir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Rogha Oideachais Páirtaimseartha
    Is féidir leat d’íocaíocht cuardaitheora poist a choinneáil agus páirt a ghlacadh i gcúrsa páirtaimseartha chun feabhas a chur ar do sheans post a fháil. Faigh tuilleadh eolais.
  • Clár ar ais chun Oideachais
    Féadfaidh an Clár ar Ais Chun Oideachais tacaíocht a thabhairt duit páirt a ghlacadh i gcúrsaí oideachasúil agus forbairt phearsanta chun chuidiú leat fostaíocht a fháil.
  • Ag lorg oibre: oideachas agus oiliúint
    Má tá tú dífhostaithe tá réimse deiseanna oideachais agus oiliúna éagsúla ar fáil. Ina measc seo tá cúrsaí atá go sonrach do dhaoine dífhostaithe.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.