Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Iarratas a dhéanamh ar Choláiste > Cúrsaí tríú-leibhéal do mhic léinn aibí

Print Page Send to a Friend

Cúrsaí tríú-leibhéal do mhic léinn aibí

Eolas

Tá sé ag éirí níos furasta i gcónaí do dhaoine fásta theacht ar oideachas tríú-leibhéal ar bhonn páirtaimseartha agus ar bhonn lánaimseartha.

Áiteanna do mhic léinn aibí

Cuireann coláistí tríú leibhéal méid áirithe áiteanna ar leataobh do mhic léinn aibí atá ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcláir lánaimseartha laethúil. Má tá tú thar aois 23* is féidir leat cur isteach ar cheann de na háiteanna seo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú ag déanamh iomaíochta ar áit a fháil duit féin ar bhunús difríúil dóibh siúd atá ag fágáil na scoile. Tá teorainn ar an méid áit a chuirtear ar leataobh do mhic léinn aibí, áfach, agus mar sin d'fhéadfá a bheith san iomaíocht le do chomhaoisithe.

* De gnáth, tógtar gur mac léinn aibí thú má tá tú 23 bliain d'aois ar a laghad an 1 Eanáir don bhliain a thosnaíonn tú an cursa. Má tá suim agat i gcoláiste áirithe, caithfidh tú an sainmhíniú mhac léinn a aimsigh.

Má roghnaíonn tú cúrsa lánaimseartha a dhéanamh sa mbealach seo beidh ort freastal ar ranganna nó ar léachtaí chuile lá, agus measfar tú ar an mbealach céanna le na mic léinn eile ar do chúrsa.

Roghanna páirtaimseartha

Muna bhfeileann córas mar sin duit, áfach, tá fáil ar roghanna eile, cúrsaí páirtaimseartha, cláracha modúla agus cianoideachais san áireamh.

Má roghnaíonn tú staidéar a dhéanamh ar bhonn páirt-aimseartha nó modúla, is féidir leat a bheith ag staidéar thar tréimhse blianta níos faide. Tugann sé seo deis duit do chuid ama a eagrú agus diriú ar an staidéar nuair is fearr a fheileann duit féin. An mhíbhuntáiste is mó a bhaineann leis, ár ndóigh, ná go dtógfaidh sé achar níos faide ort an chúrsa a chríochnú, ach tá sé de bhuntáiste aige go dtugann sé cead duit a bheith ag obair ag do luas féin agus thú ag fáil do cháilíochtaí de réir a chéile.

Cláracha modúla

Tá clár modúla déanta suas de modúil difríochta, atá gach modúil neamhspleách ann féin taobh istigh den chúrsa. Is féidir leat staidéar a dhéanamh ar gach modúil agus iad a chríochnú iontu féin ag amanna difriúla tríd an gcúrsa. Is féidir cláranna modúla a rith i ghnáth sheomra ranga, nó mar chuid de chúrsa foghlama chianoideachais. Cuireann cuid de na hollscoileanna cúrsaí fóchéime modúla ar fáil.

Tá an chúrsa fóchéime Ealaíne de chuid Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath mar shampla maith den chineál seo cúrsa. Má éiríonn leat áit a fháil ar an gcúrsa seo beidh ort freastail a dhéanamh ar ranganna teagaisc, léachtaí agus seiminéir de idir 5-6 uaireanta a chloig gach seachtain. Tá thart ar 120 uaireanta a chloig teagasc i gach modúil, a fhaigheann 30 pointe duit. Teastaíonn 240 pointe uait le fóchéim Ealaíne a bhaint amach.

Cianoideachas

Tá réimse leathan chláracha foghlama atá dhá teagasc taobh amuigh den seomra ranga agus gan teagascóir i láthair clúdaithe faoin téarma "cianoideachas". Má tá tú ag glacadh páirt i gclár chianoideachais, tá gach seans ann go mbainfidh tú úsaid as réimse leathain de pacáistí ábhair agus ilmheáin tríd an gcúrsa. D'fhéadfadh téipeanna, físeanna agus úsáid an idirlíne a bheith i gceist anseo

Eagraíonn cuid de na cúrsaí ranganna ó am go chéile nuair a thagann mic léinn le chéile ar feadh tréimhse lae, nó seachtaine le tréanstaidéar a dhéanamh.

Rialacha

Go ginearálta, beidh ort an scrúdú Ardteisteiméireachta a bheith déanta agat. Má tá tú ag cur isteach ar áit mar mhac léinn aibí, ar ndóigh, ní iarrfar ort ghnáthchoinníollacha iontrála a chomhlíonadh. Tá riachtanais éagsúla ag na cúrsaí éagsúla, ach, go ginearálta tógfaidh na coláistí do chúlra oideachais, taithí oibre, obair don phobail agus na rudaí eile atá bainte amach agat, chomh maith lena hábhair a chuireann tú spéis iontu san áireamh. Tugtar cáilíocht de réir iarthaithí saoil agus foghlama ar seo. Bheadh sé úsáideach a fhios a bheith agat an bhfuil an córas seo in úsáid ag an gcoláiste atá roghnaithe agat sula ndéanann tú iarratas a chur isteach. Tá eolas faoi riachtanais iontrála do mhic léinn aibí ar shuíomh gréasáin Qualifax.

I gcásanna áirithe d'fhéadfaí iarraidh ort scrúdú iontrála a dhéanamh.

Rataí

Staidéar lánaimseartha

Ní bheidh ort táillí a íoc ar an gcuid is mó de na cúrsaí fóchéime lánaimseartha in aon ollscoil nó coláiste teicniúil timpeall na tíre. Ní mór do na cúrsaí seo seasamh ar feadh 2 bhliain ar an laghad le go mbeadh siad á chlúdú ag an dTionscnaimh Táillí in Aisce. Tá gach seans go mbeidh ort íocaíocht bheag neamhtheagaisc a dhéanamh don choláiste le gnéithe ar nós clárú agus táillí scrúdaithe a chlúdú.

Má tá sé i gceist agat staidéar a dhéanamh ag coláiste príobháideach tríú leibhéal, ar ndóigh, beidh táillí le n-íoc agat. Tá éagsúlacht idir choláistí maidir lena gcuid táillí. Is féidir leat iarratas a dhéanmah ar faoiseamh chánach má tá tú ag íoc ar an gcúrsa as d'ioncam féin, nó is féidir le do chéile éileamh a dhéanamh má tá sé/sí ag íoc thar do cheann.

Ní mór duit tabhairt san áireamh go bhféadfadh costais arda cothabhála a bheith i gceist nuair atá tú ag pleanáil filleadh ar oideachas lánaimseartha.

Oideachas páirtaimseartha, modúla agus cianoideachais

Beidh ort táillí a íoc ar gach cúrsa páirtaimseartha, cúrsa modúla nó cúrsa cianoideachais. Tá costais éagsúla ar na cúrsaí éagsúla.

Is féidir iarratas a dhéanamh, áfach, ar faoiseamh chánach a fháil má tá tú ag glacadh páirte i gcúrsa aitheanta ar feadh 2 bliana ar a laghad agus tú ag íoc as d'ioncam féin.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh díreach leis an gcoláiste atá roghnaithe agat, agus Curriculum Vitae (C.V.) suas chun dáta a chur chucu, chun iarratas a dhéanamh ar áit mar mac léinn aibí. I gcás coláistí áirithe bíonn ort iarratas a dhéanamh tríd an gcóras CAO. Beidh tú san iomaíocht le mic léinn aibí eile agus mar sin bí cinnte go bhfuil do chúlra oideachais, taithí oibre agus na rudaí eile a chuireann tú suim iontu luaite go sonrach ann. Má théann do C.V. tríd an gcéad chuid den chóras cuirfear glaoch ort chuig agallamh. Ag an bpointe seo d'fhéadfaí iarraidh ort sampla de do chuid oibre a thaispeánann do chumas i leith an chúrsa áirithe a thabhairt leat nó d'fhéadfaí iarraidh ort dul faoi scrúdú chumais.

Tá faisnéis faoi riachtanais agus tacaíocht do mhic léinn aibí sa Mature Students Directory of Irish Third-Level Institutions (pdf).

Cá hait a ndéanfaidh mé iarratas

An LárOifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte:Lu-hAo 9:30-17:15
Teil:+353 (0)91 509 800
Facs:+353 (0)91 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.