Is scéim iontrála atá sa Bhealach Rochtana ar Ardoideachas do mhic léinn a bhfuil cúlra faoi mhíbhuntáiste acu. Díríonn an scéim ar rochtain a fheabhsú do lucht fágála scoile ó chúlraí socheacnamaíochta ar beag ionadaíochta atá acu in oideachas tríú leibhéal. Dáiltear roinnt áiteanna tríú leibhéal faoin scéim BRA bunaithe ar phointí laghdaithe do lucht fágála scoile a bhfuil cúlra faoi mhíbhuntáiste acu. Chun a bheith incháilithe don scéim, caithfear critéir áirithe a chomhlíonadh i ndáil le cúinsí airgeadais, sóisialta, cultúrtha - féach ‘Táscairí’ thíos.
Tá roinnt áiteanna coinnithe ag gach coláiste tríú leibhéal atá rannpháirteach sa scéim do lucht fágála scoile atá incháilithe do BRA. Féadfaidh tú sonraí a fháil ar láithreáin ghréasáin na gcoláistí tríú leibhéal atá rannpháirteach.
Déantar iarratas ar BRA (HEAR) tríd an Lár-Ionad Iontrála (CAO) – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Nuair a ghlactar leis go bhfuil tú incháilithe do BRA, bíonn comórtas ann don líon áiteanna ar phointí laghdaithe bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta. Ciallaíonn áit le ‘pointí laghdaithe’ go bhfeadfá áit a fháil ar chúrsa tríú leibhéal gan na pointí iomlána don CAO a bhaint amach. Mar shampla, má tá tú incháilithe do BRA agus má bhaineann tú 430 pointe amach san Ardteistiméireacht, d’fhéadfaí áit ar chúrsa 470 pointe a thairiscint duit tríd an CAO. Mar sin féin, caithfear máithreánach an choláiste agus riachtanais iontrála ar leith an chúrsa a chomhlíonadh.
Má fhaightear áit tríd an scéim BRA, tairgfear raon tacaíochtaí duit freisin nuair atá tú ag staidéar sa choláiste cosúil le teagasc breise, scileanna staidéir agus meantóireacht. Cuirfear tacaíochtaí difriúla ar fáil sna coláistí éagsúla.
Chun a bheith incháilithe don scéim BRA, caithfear táscairí nó critéir áirithe a chomhlíonadh i ndáil le cúinsí airgeadais, sóisialta agus eacnamaíochta.
Ní mór duit a bheith faoi bhun 23 bliana d'aois an 1 Eanáir 2012 freisin.
Airgeadas (ar iontráil i bhfómhar na bliana 2012):
Sóisialta agus cultúrtha:
Limistéir ioncaim BRA 2012
| Líon na bpáistí cleithiúnaigh* i do theaghlach | Ioncaim na clainne 2010 |
| Níos lú ná 4 | €48,811 |
| 4-7 | €53,637 |
| Níos mó ná 8 | €58,230 |
| Cuir €4,980 leis an ioncam iomlán le haghaidh gach siblín/tuismitheoir atá cláraithe i gcúrsa lán-aimseartha in ollscoil nó i gcoláiste nó i gcúrsa Iar-Ardteistiméireachta. | |
*Is é 'leanbh cleithiúnach' leanbh faoi aois 16 an 1 Deireadh Fómhair 2011 nó tuismitheoir nó leanbh os cionn 16 atá ag freastal institiúid oideachais lánaimseartha nó atá deimhnithe de réir míochaine neamhábalta lena oibre go buan
As na 6 tháscaire thuasluaite, caithfear an táscaire ísealioncaim a shásamh mar aon le meascán de 2 tháscaire eile. Tá ceithre mheascán éagsúla ann mar seo a leanas:
| A | Táscaire 1 | Móide 2 | Móide 4 nó 5 nó 6 |
| B | Táscaire 1 | Móide 3 | Móide 4 nó 5 nó 6 |
| C | Táscaire 1 | Móide 4 | Móide 5 nó 6 |
| D | Táscaire 1 | Móide 5 móide 6 |
Caithfear doiciméid a sholáthar mar chuid den iarratas a léiríonn gur chomhlíon tú na táscairí riachtanacha. Seo a leanas samplaí de dhoiciméid riachtanacha:
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar áit sa choláiste faoin scéim BRA, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar líne tríd an LIO. Is é 1 Feabhra 2012 an dáta iontrála deiridh fómhar na bliana 2012.
Nuair atá an fhoirm LIO ar líne á líonadh isteach agat, caithfidh tú an chuid den fhoirm a chomhlánú a shonraíonn gur mian leat iarratas a dhéanamh ar an scéim BRA. Ina dhiaidh sin, déanfar thú a threorú chuig foirm iarratais BRA ar leith. Caithfidh tú an pháirt seo na foirme roimh 1 Márta 2012 a chomhlánú.
Ansin ar an bhfoirm iarratais BRA caithfidh tú ceisteanna a fhreagairt maidir le hioncam do theaghlaigh, stádas fostaíochta do thuismitheoirí agus na scoileanna a raibh tú mar mhac léinn iontu.
Faoi 1 Aibreán 2012 ní mór do do cháipéisí tacaíochta an LIO a bhaint amach, ag soláthar fianaise de do chúinsí. Ní ghlacfar le haon iarratais tar éis na spriocdhátaí. Tá na dátaí deireanacha an-dian de bhrí go bhfuil nós imeachta iarratais breise ar BRA a bhfuil am próiseála breise ag teastáil uaidh.
Gheobhaidh tú litir i mí an Mheithimh dhéanaigh 2012 (tar éis scrúdú na hArdteistiméireachta) ag insint duit cibé an bhfuil tú incháilithe don scéim. Má dheirtear leat nach bhfuil tú incháilithe is féidir leat iarradh ar athbhreithniú. Ní chuireann d’iarratas BRA isteach ar d'iarratas LIO, a phróiseálfar ar an ngnáthbhealach i ndiaidh duit do chuid torthaí Ardteistiméireachta a fháil.
Is féidir le líne cabhrach an LIO ag (091) 509 800 cabhrú le lucht fágála scoile maidir lena n-iarratas BRA. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa liosta ceisteanna coitianta seo ar láithreán gréasáin an Choláiste Rochtana. Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le seirbhísí rochtana na gcoláistí atá rannpháirteach sa scéim BRA.
Cuireann an clár BRA seisiúin eolais ar fáil ar fud na tíre chun ceisteanna a d’fhéadfadh mic léinn (nó a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí) a bheith acu a fhreagairt maidir leis an iarratas a ullmhú do BRA.
Is féidir leat treoir iarratais (pdf) mhionsonraithe a íoslódáil chun cabhrú le d'iarratas.
Is féidir leat teacht ar eolas freisin faoi BRA ar Twitter agus ar Facebook.
Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire
Uaireanta Oscailte:Lu-hAo 9:30-17:15
Teil:+353 (0)91 509 800
Facs:+353 (0)91 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.