Córas iarratais agus riachtanais iontrála coláistí

Ag cur isteach ar choláiste

Déantar iarratas ar bheagnach gach cúrsa fochéime lánaimseartha tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).

I measc na gcúrsaí fochéime sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta tá Ardteastais - Leibhéal 6, Gnáthchéimeanna Baitsiléara - Leibhéal 7 agus céimeanna Baitsiléara Onóracha - Leibhéal 8. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cáilíochtaí seo inár ndoiciméad ar oideachas triú leibhéal in Éirinn.

Cuireann an CAO lámhleabhar ar fáil liostaíonn na cúrsaí go léir atá ar fáil agus a thugann eolas ar conas iarratas a dhéanamh.

Cúrsaí lasmuigh den CAO

Is bealach nua é an clár oideachais tríú leibhéal chun céim a bhaint amach. Ní gá iarratas a dhéanamh tríd an CAO. Is féidir leat eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na hOifige Náisiúnta Treasacha (NTO).

Níl aon chomhlacht lárnach iarratais ann do Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Ní mór do mhic léinn iarratas a dhéanamh go díreach chuig na coláistí aonair.

Iarratais CAO do 2024-2025

Tá iarratais CAO do 2024-2025 ar oscailt ón 6 Samhain 2023. Is é 5pm an 1 Feabhra 2024 an spriocdháta d’iarratais CAO.

Athrú intinne

Ba féidir d'iarratas a sheiceáil, agus a athrú saor in aisce, suas go 5 i.n. ar an 1 Feabhra. Ina dhiaidh sin, ba féidir leat athraithe a dhéanamh ón 3 Feabhra go dtí an 1 Márta. Táille €10 a chosnaíonn an tseirbhís seo.

Tá seans eile agat chun d'iarratas a athrú, saor in aisce, ón 7 Bealtaine go dtí 5 i.n. ar an 1 Iúil.

Iarratais dhéanacha

Dúnfar iarratais dhéanacha an 1 Bealtaine 2024.

Ní féidir breithniú a dhéanamh ort do HEARDARE ná measúnú a dhéanamh ort mar mhac léinn lánfhásta má dhéanann tú iarratas déanach. Ní fhéadfá iarratas a dhéanamh ar roinnt cúrsaí srianta tar éis 1 Feabhra.

Cúrsaí leighis

Ní mór do iarratasóirí AE ar chúrsaí fochéime leighis (pdf) tabhairt faoin scrúdú Iontrála do Ghairmeacha Sláinte (HPAT). Tá tuilleadh eolais ar an láithréan gréasáin HPAT-Ireland. Is féidir leat eolas maidir le cláir iontrála iarchéime sa mhíochaine a fháil ar an suíomh gréasáin LOI.

Riachtanais iontrála

Pointí

Cuirtear pointí ar fáil do mhic léinn a bhfuil scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu ar son na dtorthaí a fhaigheann siad sa 6 ábhar is fearr a dhéanann siad, ag iarracht amháin den Ardteistiméireacht. Braitheann na pointí a bhronntar ar an leibhéal a ghnóthaíonn an mac léinn san ábhar. Is féidir an t-áireamhán ar qualifax.ie a úsáid chun na pointí a bhaineann le do thorthaí a ríomh.

Tá an stádas céanna ag an Teastas Stáit a thairgtear do mhic léinn don Ardteistiméireacht 2021 agus atá ag na hArdteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn sna blianta roimhe sin.

Braitheann an méid pointí iontrála a theastaíonn d'aon chúrsa ar an méid áiteanna agus an líon iarrthóirí do na háiteanna sin agus mar sin athraíonn an leibhéal iontrála ó bhliain go bliain. Tugtar pointí níos airde do na páipéir a dhéantar ag an Ardleibhéal ná páipéir ag an nGnáthleibhéal.

Féadfaidh roinnt ollscoileanna pointí bónais breise a leithdháileadh don mhatamaitic Ardleibhéil.

Foilsíonn an CAO íosmhéid na bpointí la haghaidh gach cúrsa chomh luath agus a dhéantar gach babhta tairiscintí. Is féidir seiceáil na bpointí riachtanacha i mblianta roimhe freisin.

Má tá tú faoi mhíchumas

D'fhéadfá cáiliú le haghaidh scéim Bhealach Rochtana Míchumais ar Oideachas (DARE), atá dírithe ar fheabhas a chur ar rochtain ar an ardoideachas do lucht fágála scoile faoi mhíchumas.

Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRA)

Dáileann scéim iontrála BRA roinnt áiteanna tríú leibhéal bunaithe ar phointí laghdaithe ar fhágálaithe scoile a bhfuil cúlra faoi mhíbhuntáiste acu. Chun a bheith incháilithe don scéim, caithfear critéir áirithe a chomhlíonadh i ndáil le cúinsí airgeadais, sóisialta agus cultúrtha. Léigh tuilleadh inár gcáipéis ar an scéim BRA.

Riachtanais iontrála acadúla ar leith

Caithfidh na riachtanais iontrála acadúla ar leith a bheith ag scoláire (ar a dtugtar riachtanais iontrála máithreánaigh, chomh maith) don chúrsa ar mian leis nó léi tabhairt faoi. Is féidir leat teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe ar láithreáin ghréasáin na n-ollscoileanna, na n-institiúidí teicneolaíochta agus na gcoláistí oideachais.

Sainriachtanais acadúla iontrála

Ní mór do scoláirí na riachtanais iontrála acadúla ar leith (ar a dtugtar riachtanais mháithreánacha freisin) a theastaíonn don chúrsa is mian leis nó léi a dhéanamh. Leigh tuilleadh eolais faoi na hollscoileanna, na hinstitiúid teicneolaíochta agus na coláistí oiliúna anseo.

An Earnáil ollscoileanna

Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Is ollscoil phríobháideach í Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).


Is iad na hollscoileanna in Éirinn:

  • Ollscoil na hÉireann (OÉ) arb í an scáth-ollscoil í a chlúdaíonn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil na Gaillimhe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
  • Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar go ginearálta Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).
  • Ollscoil Luimní
  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
    Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI

Earnáil na teicneolaíochta

Cuimsíonn earnáil na teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna) agus institiúidí teicneolaíochta (TFanna).

Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:

Tá 2 institiúid teicneolaíochta ann:

  • Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
  • Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

Coláistí oideachais

Soláthraíonn coláistí oideachais sainoiliúint do mhúinteoirí bunscoile. Tá bunghráid áirithe do mhatamaitic agus do Bhéarla. Leagann an Roinn Oideachais na riachtanais iontrála amach chuig sainoiliúint do mhúinteoirí.

Cúrsaí IarArdteistiméireachta

Ní chuirtear na háiteanna ar chúrsaí IarArdteistiméireachta ar fáil ar bhonn pointí ach ní mór go mbeadh na hiarrathóirí de chaighdeán na hArdteistiméireachta. Cuireann an chuid is mó coláistí agallamh ar na hiarrthóirí le fáil amach an bhfuil siad feiliúnach don chúrsa.

Táillí iarratais CAO

Táillí iarratais an CAO do 2024-2025:

Iarratas Ráta
Iarratas ar líne (nó ar pháipear) ráta lascainithe faoi 20 Eanáir €30
Iarratas ar pháipéar agus ar líne faoi 1 Feabhra €45
Iarratas déanach ar líne faoi 1 Bealtaine €60

Is féidir do roghanna cúrsaí a athrú ar líne saor in aisce suas go 1 Feabhra. Gearrtar táille €10 ar athrúcháin a dhéantar idir 6 Feabhra agus 1 Márta.

Tá an áis Athrú Intinne saor in aisce idir 7 Bealtaine agus 1 Iúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarratas tríd an LOI: i gcomhair institiúidí ardoideachais rannpháirteacha, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne tríd an CAO.

Iarratais eile: ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an institiúid ardoideachais chuí (ní tríd an CAO) sna cásanna seo a leanas:

  • Cúrsaí iarchéime.
  • Iontráil do chúrsaí ag leibhéal níos airde ná an chéad bhliain.
  • Cúrsaí gairide, téarma amháin, páirtaimseartha agus cúrsaí ócáideacha.
  • Ath-iontráil do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire Gan Smál, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Luimní.
  • Cúrsaí leantacha ag na hinstitiúidí teicneolaíochta.
  • Aon chúrsa nach luaitear i lámhleabhar an LOI.
  • Iarrthóirí lánfhásta áirithe .
  • Céimithe/Iarrthóirí lánfhásta chuig Coláiste Ríoga na Máinlia.

Cónaí lasmuigh den AE

Má tá tú nó má bhí tú do i do chónaí lasmuigh den AE b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh go díreach chuig roinnt institiúidí ard-oideachais (IAO). Tá sé an-tábhachtach na nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh ar chúrsaí a sheiceáil mar d’fhéadfadh sé a bheith deacair nó dodhéanta earráidí a chur ina gceart.

Ba chóir duit do chuid fiosrúchán a dhéanamh i bhfad roimh dháta deiridh an 1 Feabhra, agus tráth nach déanaí ná an Nollaig roimhe sin is fearr.

Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO i leith 2024-2025

6 Samhain 2023: Osclaíonn an córas iarratais ar líne ag 12.00

20 Eanáir 2024: Dáta deiridh i gcomhair iarratas ar líne le ráta lascainithe

1 Feabhra – Dáta deiridh i gcomhair ghnáth-iarratas ar líne nó ar pháipéar

Márta agus Aibreán – Agallaimh agus cur i láthair fillteán oibre i gcomhair cúrsaí teoranta*

1 Bealtaine – Dáta deiridh i gcomhair iarratas déanach

7 Bealtaine – Tús leis an áis athrú intinne ar líne

1 Iúil – Dáta deiridh i gcomhair athrú intinne faoi roghnú cúrsaí ar d'fhoirm CAO atá seolta isteach roimhe seo

TBC – Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta A (d'iarrthóirí nach bhfuil ag fanacht lena ngráid don Ardteist 2022 mar shampla lánfhásta, iarrthóirí a chuir áiteanna siar, srl)

TBC – Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta a Neamhní (d'iarrthóirí iarchéime sa mhíochaine agus roinnt iarrthóirí eile)

TBC – Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Neamhní

TBC – Tagann torthaí na hArdteistiméireachta amach

TBC - Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a hAon

TBC – Osclaítear an áis um Áiteanna ar Fáil

TBC - Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a hAon

TBC - Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a Dó

TBC - Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Dó

Eiseofar tairiscintí mar is riachtanach chun folúntais a líonadh

TBC - deireadh le tairiscintí

5 Samhain 2024 – iarratais CAO oscailte do 2025

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar dhátaí agus amanna tábhachtacha ar shuíomh Gréasáin an CAO

*Is cúrsaí iarratas teoranta iad roinnt cúrsaí. Tá próisis luathmheasúnaithe (amanna chomh luath le Feabhra) ag a leithéid seo de chúrsaí agus ní mór iad a lua i d' iarratas CAO in am chun go mbeidh an institiúid ard-oideachais in ann an próiseas a eagrú. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar a leithéid seo de chúrsaí in iarratas deireanach. Foilsíonn an CAO caileandar scrúdaithe agus agallamh anseo (pdf).

Sonraí teagmhála an CAO

An Lár-Oifig Iontrála

Teach an Túir
Sráid Eglinton
Gaillimh
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9:30-17:00
Teil: (091) 509 800
Facs: (091) 562 344
Láithreán Gréasáin: http://www.cao.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Feabhra 2024