Oideachas riachtanas speisialta

Eolas

Ciallaíonn riachtanais speisialta oideachais na socruithe speisialta oideachais atá i bhfeidhm do leanaí a bhfuil míchumas orthu. Tá ceart bunreachtúil ag gach leanbh – lena n-áirítear leanaí a bhfuil míchumas orthu agus leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu – bunoideachas a fháil saor in aisce. Tá ceart ag leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu bunoideachas a fháil saor in aisce suas go dtí aois 18. Tá tuilleadh eolais faoin dlí faoi oideachas riachtanais speisialta le fáil i Tuilleadh mar gheall ar an ábhar seo. i Bunreacht na hÉireann tá tuilleadh faisnéise faoi ról an Stáit oideachas a chur ar fáil agus faoi chearta na dtuismitheoirí.

Is duine le riachtanais speisialta oideachais thú má tá do chumas a bheith páirteach i agus tairbhe a bhaint as oideachas teoranta de dheasca a bheith faoi mhíchumais seasmhach fisiceach, céadfach, sláinte mheabhrach nó foghlama. Is é an polasaí ná oideachas riachtanas speisialta a chur ar fáil i suímh den phríomhshruth chomh fada agus is féidir.Forálann an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Orthu 2004 (pdf) go bhfuil leanaí le hoideachas a fháil i suíomh cuimsitheach mura mbeadh sé seo ar leasa an linbh nó ar leasa soláthar éifeachtach oideachais do leanaí eile in oideachas den phríomhshruth.

D’fhoilsíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta bileog fhaisnéise do thuismitheoirí, Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (pdf).

Is féidir oideachas do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a chur ar fáil i ngnáthranganna i scoileanna den phríomhshruth, i ranganna speisialta i scoileanna den phríomhshruth nó i scoileanna speisialta.

Oideachas i scoileanna príomhshrutha

Tá a lán leanaí a bhuil míchumais orthu nó a bhfuil riachtanais speisialta acu i ngnáthranganna i scoileanna den phríomhshruth. B’fhéidir go bhfaighidís cuidiú a fháil ó mhúinteoirí tacaíochta foghlama nó ó mhúinteoirí acmhainní foghlama agus ó chúntóirí riachtanas speisialta (SNAanna). Tá na tacaíochtaí seo do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar fáil i bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

Ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha

Freastalaíonn roinnt leanaí ar ranganna speisialta i scoileanna den phríomhshruth. De ghnáth bíonn cóimheasanna ísle múinteoir le daltaí sna ranganna seo.

scoileanna speisialta ar suíomh gréasáin na Ranna Oideachais agus Scileanna.

Socruithe speisialta do mhíchumais ar leith

Is féidir le daltaí a bhfuil míchumais sainiúla foghlama a bheith in ann díolúine a fháil ó chuid de na gnáthriachtanais oideachais. Mar shampla, má tá disléices ort b’fhéidir go mbeifeá díolmhaithe ó riachtanas staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus/nó teanga ón mhór-roinn.

Pleananna Oideachais

Faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu 2004 ba cheart go mbeadh plean pearsanta oideachais ag gach leanbh a meastar go bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Níl an córas seo ag feidhmiú fós ach tá a chur i bhfeidhm á chomhordú ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) a d’fhoilsigh Treoirlínte do Phróiseas an Phlean Aonair Oideachais (pdf). D’fhoilsigh an CNOS Tuarascáil ar Chur i bhFeidhm: Plean le hAghaidh Cur i bhFeidhm Céimithe an Achta EPSEN 2004 chomh maith. Leagann sé seo amach an dóigh ar féidir an tAcht a chur i bhfeidhm. Áfach níl aon dáta faoi láthair (2009) an measúnú ar riachtanais agus plean pearsanta oideachais á chur i bhfeidhm.

Iompar

Socruithe speisialta iompair, lena n-áirítear coimhdirí agus úmacha slándála ar fáil do leanaí a bhfuil míchumais orthu atá ag freastal ar scoil.

Eagraíochtaí agus comhlachtaí reachtúla a bhfuil ról acu san oideachas riachtanas speisialta

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

Is comhlacht reachtúil é an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a bhfuil feidhmeanna áirithe aige maidir le hoideachas riachtanais speisialta. Is iad seo a phríomhfheidhmeanna:

  • Soláthar seirbhísí oideachais agus tacaíochta do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a phleanáil agus a chomhordú (i gcomhar le scoileanna agus leis an bhFeidhmeannacht Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • Cur i bhfeidhm an Achta um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu a phleanáil
  • Faisnéis a scaipeadh maidir leis an gcleachtas is fearr maidir le hoideachas leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • Faisnéis a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le teidlíochtaí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • Measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar acmhainní atá de dhíth ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • Cinntiú go ndéantar monatóireacht agus athbhreithniú ar dhul chun cinn mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar oideachais d’aosaigh a bhfuil míchumais orthu
  • Institiúidí oideachais a chomhairliú maidir leis an gcleachtas is fear
  • Comhairliú le comhlachtaí deonacha
  • Comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Scileanna ar rudaí a bhaineann leis an oideachas speisialta
  • Taighde a dhéanamh agus torthaí a fhoilsiú

Eagarthóirí Riachanais Speisialta Oideachais

Fostaíonn an CNOS breis agus 80 Eagraitheoirí Riachtanas Speisialta Oideachais (SENOanna) atá freagrach as teagasc breise agus acmhainní eile a dháileadh chun tacaíocht a thabhairt do riachtanais oideachais speisialta leanaí a bhfuil míchumais orthu ar leibhéal áitiúil.

Is iad na SENOanna an pointe teagmhála do thuismitheoirí/ghairdiain agus scoileanna. Is iad seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí atá acu:

  • Iarratais ó gach scoil a phróiseáil maidir le tacaíocht múinteoirí acmhainne maidir le leanaí a bhfuil míchumais íosmhinicíochta orthu amhail míchumais mheasartha ghinearálta foghlama, laigí radhairc nó éisteachta, míchumais fhisiceacha nó uathachas, agus ag cinneadh ar leibhéal na tacaíochta atá fóirsteanach don scoil.
  • Iarratais a phróiseáil ó scoileanna dara leibhéal do thacaíocht mhúinteora acmhainní maidir le leanaí le míchumais ardmhinicíochta amhail mion-mhíchumas ginearálta foghlama agus ag cinneadh ar leibhéal na tacaíochta atá fóirsteanach don scoil
  • Iarratais ó scoileanna a phróiseáil agus leibhéal cuí na tacaíochta ó chúntóir riachtanas speisialta a chinneadh do leanaí a bhfuil míchumais orthu
  • Iarratais ar threalamh speisialta/teicneolaíocht cúnaimh a scrúdú ó na scoileanna go léir (is í an Roinn Oideachais agus Scileanna a dhéanann cinntí faoi seo)
  • Iarratais ó scoileanna ar shocruithe iompair do leanaí a bhfuil míchumais orthu a scrúdú agus moltaí a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna
  • Ag aithint an tsuímh oideachais atá oiriúnach do leanaí aonair a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá liosta SENOanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.

An Chomhairle Náisiúnta um Churaclam agus Mheasúnú

Is comhlacht reachtúil é an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Mheasúnachta (CNCM). Ceann de na feidhmeanna atá aici ná comhairle a thabhairt don Aire Oideachais agus Scileanna ar an gcuraclam agus riachtanais siollabais mac léinn a bhfuil míchumais orthu nó riachtanais speisialta acu. Tá Tá Treoirlínte do Mhúinteoirí Daltaí a bhfuil Míchumais Ghinearálta Foghlama orthu foilsithe ag an gComhairle.

Tá an Chomhairle ag obair faoi láthair ar thionscnamh chun tabhairt faoi riachtanais mhac léinn ar leibhéal na sraithe sóisearaí a bhfuil a riachtanais foghlama dírithe go príomha ar scileanna pearsanta, sóisialta agus gairme.

Chomh maith leis sin tá an CNCM ag forbairt treoirlínte faoi láthair do mhúinteoirí a bhfuil mic léinn atá thar a bheith cumasach acu.

Seirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta

Bhunaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tSeirbhís Tacaíochta don Oideachas Speisialta (STOS) le réimse tacaíochtaí a bhainistiú, a chomhordú agus a fhorbairt mar fhreagairt ar riachtanais oiliúna aitheanta na múinteoirí. Cuireann an STOS, atá óstaithe in Ionad Oideachais Chorcaí, seirbhís ar fáil ar fud na tíre do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta.

Is í aidhm na seirbhíse ná cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú go háirithe i dtaca le hoideachas leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

I measc rudaí eile, bíonn sé ag fordheonú cúrsaí ar na topaicí seo a leanas faoi láthair: Disléicse, Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD), Anailís Fheidhmithe Iompraíochta (ABA), Uathachas, Cuimsiú, Iompraíocht Daltaí a Bhainistiú, Mic Léinn Tréitheacha agus Cumasacha agus Leanaí Suaite a Theagasc.

Seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

Is gníomhaireacht fheidhmeannach den Roinn Oideachais agus Scileanna í an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO). Cuireann SNSO seirbhísí síceolaíochta ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna, idir scoileanna stáit agus scoileanna príobháideacha.

Próiseálann SNSO iarratais ar “chóiríocht réasúnach” sna socruithe le haghaidh scrúduithe stáit do leanaí a bhfuil míchumais orthu.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannán an Oideachais Speisialta

An Roinn Oideachais agus Scileanna
Corr na Madaí
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil:(090) 648 3754
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie/

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

1-2 Sráid an Mhuilinn
Baile Átha Troim,
An Mhí
Éire

Teil:(046) 948 6400
Facs:(046) 948 6404
Láithreán Gréasáin: http://www.ncse.ie/

Tuilleadh eolais

Oideachas riachtanas speisialta - an dlí

Tháinig athruithe suntasacha ar an dlí le blianta beaga anuas a bhfuil tionchar acu ar pháistí le míchumas nó ar pháistí atá faoi mhíbhuntáiste oideachais ar chúis ar bith.

Déanann oideachas speisialta cur síos ar na socruithe oideachais atá ann do pháistí le míchumas. Déanann beartaíocht chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais cur síos ar cén chaoi a dtéitear i ngleic go praicticiúil leis na cearta dleathúla atá ag páistí faoi mhíbhuntáiste.

An tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais 2004

Forálann an tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais 2004 go gcuirtear oideachas ar dhaoine óga faoi bhun 18 le riachtanais speisialta oideachais. Leagtar béim san Acht ar oideachas leanaí ach tá tagairtí ann freisin do bhreisoideachas agus d’oideachas aosach. Áirítear tú mar dhuine le riachtanais speisialta oideachais mura bhfuil sé ar do chumas bheith páirteach go hiomlán in oideachas agus tairbhe a bhaint as mar gheall ar mhíchumas buan, bíodh sé fisiceach, céadfach, meabhairshláinteach nó foghlamtha.

An tAcht:
  • Forálann sé go gcuirtear oideachas ar dhaoine le riachtanais speisialta oideachais i dtimpeallacht chuimsitheach, chomh fada agus is féidir
  • Dearbhaíonn sé go bhfuil na cearta céanna ag daoine le riachtanais speisialta oideachais páirt a ghlacadh in oideachas agus tairbhe a bhaint as agus atá ag daoine nach bhfuil na riachtanais sin acu
  • Forálann sé do bhreis rannpháirtíochta ag tuismitheoirí in oideachas a leanaí agus i gcinnteoireacht
  • Bunaíonn sé an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) ar bhonn reachtúil
  • Tugann sé feidhmeanna reachtúla do bhoird sláinte (dá ngairtear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) maidir le hoideachas daoine le riachtanais speisialta oideachais
  • Bunaíonn sé córas neamhspleách achomhairc - an Bord Achomhairc um Oideachas Speisialta - le go bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí maidir le socraithe oideachais do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais

Ordaítear san Acht réimse seirbhísí le cur ar fáil do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais. Orthu sin tá measúnachtaí, pleananna oideachais agus seirbhísí tacaíochta eile. Féadfaidh tuismitheoirí measúnacht a iarraidh ar riachtanais speisialta a bpáistí. Féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), príomhoide scoile nó an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta measúnachtaí a thionscnamh. Níl an córas pleananna pearsanta oideachais ann fós. Tá an FSS ag comhordú an cur i gníomh.

Tá seirbhísí sláinte á gcur ar fáil ag FSS faoi láthair do leanaí réamhscoile agus b’fhéidir go gcuirfidh siad seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga ar fáil freisin. Is í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) a bheidh freagrach as seirbhísí a chur ar fáil do leanaí scoile.

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

Tháinig An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2005. Ghlac NCSE chuici féin cuid de na feidhmeanna a bhíodh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ar a thugtar an Roinn Oideachais agus Scileanna anois) maidir le soláthar oideachais speisialta. Cuirfear lena gníomhaíochtaí nuair a thugtar feidhm iomlán don Acht. Cuireann an NCSE acmhainní breise múinteoireachta agus eile ar fáil le tacú le riachtanais oideachais speisialta leanaí faoi mhíchumas.

Is iad seo a leanas feidhmeanna na Comhairle:

  • Pleanáil le haghaidh cur i bhfeidhm Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004
  • Faisnéis a chur ar fáil do scoileanna agus do thuismitheoirí faoin gcleachtas is fearr ó thaobh oideachas a chur ar leanaí míchumasaithe
  • Comhordú a dhéanamh ar oideachas speisialta i gcomhar leis na scoileanna agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Pleanáil a dhéanamh chun leanaí le riachtanais speisialta a imeascadh san oideachas príomhshrutha
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní atá riachtanach sa réimse seo.
  • Taighde a dhéanamh
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar le haghaidh daoine fásta míchumasaithe chun go mbeidh siad in ann ardoideachas, oideachas aosach agus oideachas leanúnach a fháil.

An Bord Achomhairc um Oideachas Speisialta agus idirghabháil

Cuireann Acht na bliana 2004 modhanna eile ar fáil chun díospóidí a réiteach agus spreagann sé daoine gan dul chun cúirte chun sásamh a lorg. Bunaíodh an Bord Achomhairc um Oideachas Speisialta i 2006 chun díospóidí a réiteach agus chun cinntí a dhéanamh faoi achomhairc, agus tá chéad bhaill an Bhoird ceaptha cheana féin. Má dhiúltaíonn an chomhairle socruithe a dhéanamh chun leanbh a mheas, nó plean oideachais a cheapadh, féadfaidh tuismitheoirí an linbh nó príomhoide na scoile achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc.

Tá sé de chumhacht ag an mBord Achomhairc ordú a thabhairt don chomhairle socruithe a dhéanamh chun an leanbh a mheas nó plean oideachais a cheapadh. Ní mór don chomhairle géilleadh do threoir an Bhoird sa chás sin.

Féadfaidh an Bord diúltú d’achomharc na dtuismitheoirí nó an phríomhoide. Tá foráil in Acht na bliana 2004 go mbeadh próiseas idirghabhála ann má ídítear aon cheart achomhairc atá ann faoin reachtaíocht.

An tAcht Oideachais 1998

Cuireann an tAcht Oideachais 1998 béim ar na cearta atá ag páistí le míchumas agus le riachtanais speisialta oideachais.
Leagann sé síos go gcaithfidh gach duine atá ag plé le cur i bhfeidhm na rachtaíochta, aird a thabhairt ar roinnt cuspóirí, ina measc:
  • Go gcuirfí i bhfeidhm go praicticiúil ó thaobh an oideachais na cearta bunreachtúla atá ag páistí, ag cur san áireamh páistí a bhfuil míchumas orthu nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  • Go gcuirfí ar fáil, chomh fada agus is féidir go praicticiúil agus ag cuimhniú ar na hachmhainní atá ann, oideachas den chaighdeán agus den chineál atá in oiriúint do riachtanais agus do chumas mhuintir na tíre.

Tá dualgas ar an Aire Oideachais agus Scileanna, i measc rudaí eile, a chinntiú go bhfuil fáil ag gach duine atá ag cónaí sa stát, daoine le míchumais agus le riachtanais speisialta eile oideachais san áireamh, ar sheirbhísí tacaíochta agus ar oideachas atá ar an gcaighdeán agus ar an gcineál atá oiriúnach dá riachtanais agus dá (h)éirim.

Airgeadú

Cuireann an tAcht dualgais áirithe ar an Aire Oideachais agus Scileanna i leith airgeadú, ina measc airgeadú na seirbhísí tacaíochta do scoláirí le míchumais, ina measc.

Cuireann sé de dhualgas ar scoileanna freisin a gcuid achmhainní a úsáid d'fhonn a chinntiú go n-aithnítear agus go ndéantar soláthar do na riachtanais oideachais atá ag na daltaí go léir iad siúd le mí chumais ina measc.

Cuireann sé de dhualgas ar an mBord Bainistíochta úsáid a bhaint as airgead a tháinig ón Stát, chun soláthar agus socrú reasúnta a dhéanamh do scoláirí le míchumas nó le riachtanais oideachais speisialta eile. I measc na socraithe seo bheadh, nuair ba ghá, athruithe le déanamh ar fhoirgnimh agus treallamh oiriúnach a chur ar fáil.

De réir an Achta freisin, d'fhéadfadh na slait tomhais le haghaidh airgeadú scoileanna, deontaisí breise a cheadú do scoileanna ag braith ar cén leibhéal míbhuntaiste oideachais atá i gceist.

Seirbhísí tacaíochta

Sé an sainmhíniú atá ag an Acht ar sheirbhísí tacaíochta ná ( i measc gnéithe eile ):

  • Measúnú Daltaí
  • Seirbhísí Chomhairleacha agus Threoracha
  • Fearas agus Áiseanna theicniúla, ina measc bealach isteach chuig scoileanna, athrú ar fhoirgnimh chun bealach isteach a réiteach, agus córas taistil do dhaltaí le riachtanais speisialta agus dá gcuid teaghlaigh.
  • Áiseanna do dhaltaí atá ag foghlaim tré mhéan teanga chomhartha na hÉireann nó teanga chomhartha eile agus seirbhísí teangaireachta ina measc
  • Seirbhísí theiripe cainte
  • Áiseanna le haghaidh luathoideachas, oideachas bunscoile, iarbhunscoile agus aosach nó leanúnach do dhaltaí le riachtanais speisialta taobh amuigh de scoileanna nó de ionaid oideachais

Na hAchtanna Ionannais Stádais 2000-2011

Eisreachtaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 - 2011 an t-idirdhealú i réimsí saoil lasmuigh den obair - go háirithe i soláthar seirbhísí. Baineann na nAchtanna le seirbhísí oideachais - scoileanna príobháideacha agus áiseanna réamhscoile san áireamh.

Tá coinníollacha ar leith san Acht maidir le hoideachas agus baineann cuid acu sin le daoine le míchumas nó daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Coscann na nAchtanna idirdhealú díreach agus indíreach ar bhunúis éagsúla, ina measc gnéas, reiligiún, míchumas, cine agus ballríocht den lucht taistil.

Faoin Acht ní féidir le scoil idirdhealú a dhéanamh ar bhunús:
  • Cead isteach nó na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcead isteach.
  • Bealach isteach an scoláire chuig aon chúrsa, áis nó sochar atá curtha ar fáil.
  • Aon téarma nó coinníoll eile a bhainfeadh le rannpháirtíocht an scoláire sa scoil.
  • Díbirt an scoláire nó aon phionós eile

Idirdhealú ar bhunú míchumais

Leagann an nAchtanna um Stádas Comhionann síos imeachtaí áirithe nach údar idirdhealaithe iad. Baineann siad seo a leanas le idirdhealú ar bhunús míchumais:

  • Is féidir le scoileanna socruithe ar leith a dhéanamh le haghaidh spóirt do pháistí ar bhunús aoise, gnéis nó míchumais má tá gá ciallmhar leo.
  • Ní bheidh idirdhealú déanta ag scoil i gcoinne dalta le míchumas má chiallaíonn claoí leis an Acht go mbeadh droch thioncar aige ar dhaltaí eile nó go mbeadh sé dodhéanta seirbhísí a chur ar fáil dóibh.
  • I gcásanna áirithe, is féidir le idirdhealú ar bhunús míchumais tarlú mura mbíonn gach iarracht réasúnta déanta rudaí a chur in oiriúint do dhuine le míchumas. Munar féidir le duine míchumasach úsáid a bhaint as seirbhís gan cóireáil nó áiseanna speisialta a bheith curtha ar fáil, ansin d'fhéadfaí iarradh ar an té atá ag cur na seirbhísí ar fáil na socruithe speisialta seo a dhéanamh mura bhfuil ach costas ainmneach i gceist.
  • Tá coinníoll san Acht a dhéanann soiléiriú ar "chostas ainmneach", sé sin nach bhfuil an costas / ainmneacha díobhálach do, agus nach ndéanann siad maolú ar, na gnéithe éagsúla atá san Acht Oideachais 1998 maidir le páistí le míchumais. Ba cheart a thuiscint go mbaineann na rialacha seo ar fad le úsáid airgead poiblí. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá do scoileanna príobháideacha socruithe speisialta a dhéanamh do pháistí le míchumais ach amháin sa chás agus nach bhfuil ach costas ainmneach i gceist.
Page edited: 4 December 2012