Forléargas ar chóras oideachais na hÉireann

Oideachas in Éirinn

Bunscoil agus iar-bhunscoil atá i gcóras oideachais na hÉireann. Ní mór duit a chinntiú go bhfaigheann do páiste oideachas íosta áirithe ó 6 bliana d’aois go dtí 16 bliana d’aois nó go dtí go mbeidh 3 bliana d’oideachas iar-bhunscoile críochnaithe acu.

Caithfidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna áiteanna a sholáthar bunaithe ar a bpolasaí iontrála scoile agus ar a bhfógra iontrála.

Leanann go leor daoine ar aghaidh tar éis na hiar-bhunscoile chuig breisoideachas agus oideachas tríú leibhéal. Tá oideachas státmhaoinithe ar fáil ag gach leibhéal, ach amháin má roghnaíonn tú do leanbh a chur chuig scoil phríobháideach.

Oideachas réamhscoile

Soláthraíonn an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) cúram agus oideachas luath-óige saor in aisce do páistí in aois réamhscoile.

Seachas an ECCE, is gnách go soláthraíonn seirbhísí cúram páistí atá maoinithe go príobháideach oideachas réamhscoile. Mar sin féin, cuireann an Scéim Náisiúnta Cúraim Páistí (NCS) tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le tuismitheoirí freastal ar chostais chúram páistí príobháideach.

Maoiníonn an Roinn Oideachais roinnt tionscnamh réamhscoile atá dírithe ar páistí atá i mbaol.

Bunoideachas

Ní chaithfidh pháistí freastal ar scoil go dtí 6 bliana d’aois.

De ghnáth, tosaíonn páistí ar an mbunscoil nuair a bhíonn siad 5 bliana d’aois. Tosaíonn siad i mí Mheán Fómhair - tús na scoilbhliana.

Tá curaclam bunscoile na hÉireann páistelárnach.

Go ginearálta, bíonn ar pháistí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ar scoil. D’fhéadfadh go mbeadh díolúine ag páistí a thagann chun cónaí in Éirinn ón nGaeilge a fhoghlaim ar scoil.

Faigh tuilleadh eolais faoi bhunscoil a roghnú do do leanbh.

Oideachas iar-bhunscoile

Cuireann cineálacha éagsúla iar-bhunscoileanna oideachas iar-bhunscoile ar fáil.

Tá 2 chéim ag an iar-bhunscoil:

  • An tsraith shóisearach – aois 12 go 15 (thart ar)
  • An tsraith shinsearach - aois 16 go 18 (thart ar)

An tsraith shóisearach agus scrúduithe

Go ginearálta, tosaíonn scoláirí an tsraith shóisearach ag aois a 12 agus déanann siad scrúdú Próifíl Ghnóthachtála an Teastais Shóisearaigh nó na Sraithe Sóisearaí (PGSC) ag deireadh 3 bliana.

An tsraith shinsearach agus scrúduithe

Is féidir le páistí sraith shinsearach 2 nó 3 bliana a bheith acu. Is é 3 bliana an tsraith shinsearach, má roghnaíonn tú an Idirbhliain a áireamh.

Tugann an Idirbhliain deis do mhic léinn taithí a fháil ar raon leathan teagaisc oideachais agus taithí oibre.

Le linn an 2 bhliain dheireanacha sa tsraith shinsearach, déanann na scoláirí ceann de 3 chlár, agus déanann gach ceann díobh scrúdú Stáit:

  • An Ardteistiméireacht Bhunaithe
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta
  • An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Is í an Ardteistiméireacht bhunaithe an príomhbhonn ar a leithdháiltear áiteanna ar mhic léinn in ollscoileanna, in institiúidí teicneolaíochta agus coláistí oideachais.

Tá gnéithe den Ardteistiméireacht bhunaithe i nGairmchlár na hArdteistiméireachta ach díríonn sé ar ábhair theicniúla agus cuimsíonn sé modúil bhreise le fócas gairme.

Tá sé mar aidhm ag Clár na hArdteistiméireachta Feidhmí mic léinn a ullmhú don saol fásta agus don saol oibre trí taithí foghlama ábhartha. Is do mhic léinn ar mian leo clár praiticiúil nó gairmchlár a leanúint. Ní aithnítear é le haghaidh iontráil dhíreach ar chúrsaí tríú leibhéal ach féadann sé cur ar chumas scoláirí cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta a dhéanamh.

Oideachas riachtanas speisialta do mhic léinn faoi mhíchumas

Cuimsíonn an soláthar oideachais do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu tacaíocht bhreise i scoileanna príomhshrutha go tacaíocht speisialta i scoileanna speisialta. Is féidir le mac léinn faoi mhíchumas a bheith cláraithe i:

  • Rang príomhshrutha le tacaíocht bhreise
  • Rang speisialta i scoil phríomhshrutha
  • Scoil speisialta

Breisoideachas agus oideachas aosach

Tar éis na hiar-bhunscoile bogann go leor scoláirí ar aghaidh chuig breisoideachas nó chuig an tríú leibhéal (féach oideachas tríú leibhéal thíos). Tá 10 leibhéal oideachais ag Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ) agus ligeann sé duit comparáid a dhéanamh idir na caighdeáin agus na leibhéil éagsúla oideachais atá ar fáil duit ar fud an chórais oideachais.

Cláir Bhord Oiliúna Oideachais

Reáchtálann na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) raon clár oideachais agus oiliúna aosaigh agus breisoideachais ar fud na tíre lena n-áirítear cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Cuireann PLCanna oideachas teicniúil agus praiticiúil ar fáil chomh maith le bealach chuig oideachas ardleibhéil agus tríú leibhéal.

I measc na gclár eile a thairgtear trí BOOanna tá an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (oideachas dara seans do dhaoine fásta); Ógtheagmháil do luathfhágálaithe scoile; oideachas litearthachta agus bunúsach eile; agus cláir féin-mhaoinithe um thráthnóna do dhaoine fásta.

Printíseachtaí

Soláthraíonn printíseachtaí oiliúint ar an láthair agus oideachas lasmuigh den láthair oibre. Cuirtear printíseachtaí ar fáil i gceirdeanna traidisiúnta ceardaíochta ar nós pluiméireachta agus innealtóireacht leictreach ach freisin printíseachtaí nua mar TFC, airgeadas, forbairt bogearraí agus fáilteachas. Caithfidh tú a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad agus b’fhéidir go mbeadh íosghrád sa Teastas Sóisearach nó scrúdú coibhéiseach de dhíth ort.

Springboard+.

Soláthraíonn Springboard+ cúrsaí ardoideachais saor in aisce do dhaoine atá dífhostaithe (nó a bhí féinfhostaithe) agus dóibh siúd atá ag iarraidh filleadh ar an bhfórsa saothair. Má tá tú ag obair, seans go mbeidh ort ranníocaíocht a íoc i dtreo táillí cúrsa. Go ginearálta, is cúrsaí páirtaimseartha ar feadh bliana amháin iad agus tairgtear iad ag Leibhéal 6 go 9 ar an NFQ. I measc na gcúrsaí a chuirtear ar fáil tá TFC, teicneolaíochtaí leighis, cibearshlándáil agus fuinneamh inbhuanaithe.

Oideachas tríú leibhéal

Tá oideachas tríú leibhéal comhdhéanta de roinnt earnálacha atá maoinithe go substaintiúil ag an Stát.

•Earnáil na nOllscoileanna

•Earnáil na teicneolaíochta

•Coláistí oideachais

Tá ollscoileanna i gcoitinne uathrialach agus féinrialaitheach. Cuireann siad cláir chéime ar fáil ag leibhéal baitsiléara, máistreachta agus dochtúireachta.

Áirítear san earnáil teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna) agus institiúidí teicneolaíochta (ITanna) a sholáthraíonn cláir oideachais agus oiliúna i réimsí mar ghnó, eolaíocht, innealtóireacht, teangeolaíocht agus ceol go leibhéil teastais, dioplóma agus céime.

Déanann na coláistí oideachais sainfheidhmiú ar oiliúint do mhúinteoirí bunscoile. Cuireann go leor institiúidí tríú leibhéal oiliúint ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile. Soláthraíonn Qualifax eolais mhionsonraithe ar chláir oiliúna múinteoirí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Bealtaine 2022