Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Córas Oideachais na hÉireann > Bearta le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil

Print Page Send to a Friend

Bearta le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil

Eolas

Tagraíonn míbhuntáiste oideachasúil don chás ina bhfaigheann daoine áirithe buntáiste níos lú ón gcóras oideachais ná a gcomhpháirtithe. Sainmhíníonn an tAcht Oideachais 1998 mhíbhuntáiste oideachasúil mar "na baic ar an oideachas de dhroim míbhuntáiste shóisialta nó eacnamaíoch a choisceann mic léinn ar thairbhe chuí a bhaint as an oideachas i scoileanna". Léirítear míbhuntáiste oideachasúil ar go leor bealaí, go príomha i leibhéil ísle rannpháirtíochta agus baint amach éachta sa chóras oideachais fhoirmiúil.

Tá bealaí eile ann do pháistí a bheith thíos leis, mar shampla, mar gheall ar mhíchumas, deacrachtaí litearthachta, drochshláinte, etc. Léigh faoi na tacaíochtaí dá n-oideachas i riachtanais speisialta oideachais, seirbhísí síceolaíochta do scoileanna, cabhair airgeadais le dul ar scoil agus socruithe speisialta oideachasúla do Thaistealaithe.

Ag soláthar Comhdheiseanna i Scoileanna (SCS)

Tá réimse de chláir náisiúnta i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil sa chóras scoile phoiblí. I 2005, tar éis athbhreithnithe na gclár seo, d'fhoilsigh an Roinn “DEIS - Delivering Equality of Opportunity in Schools: an action plan for social inclusion” (pdf). Tugann an plean cuid de na cláir le chéile faoi chreatlach Ag Soláthar Comhdheiseanna i Scoileanna (SCS). Is cur chuige níos comhtháite é do cheist an chuimsithe oideachasúil dhéanann soláthar i gcomhair:

  • Córas caighdeánaithe chun leibhéil míbhuntáiste a aithint agus a athbhreithniú ó am go ham agus
  • Clár Tacaíochta Scoile (CTS) nua comhtháite a thabharfaidh le chéile agus a neartóidh na scéimeanna agus na cláir atá ann cheana féin mar seo a leanas

liosta ann de na scoileanna sa Chlár Tacaíochta Scoile.
Ó 2005 tá na cláir seo leanas agus atá ann cheana féin á gcomhtháthú sa Chlár Tacaíochta Scoile faoi SCS. Tá sé beartaithe clár Tacaíochta Scoile comhordanáidithe amháin a bhunú, chun go mbeadh An Scéim Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail (STBSP), an Clár um Chríochnú Scoile (CCS) agus an tSeirbhís Múinteoir Cuairte ann don Lucht Siúil (SMCLS) comhtháite faoin mBord Náisiúnta Leasa Oideachais. Is féidir an tuairisc is deireanaí ar an tionscadal seo a léamh.

Scéim Réamhscoile an Tús Luath

Is scéim coisctheach idirghabhála aon bhliain An Tús Luath tairgthe do pháistí réamhscoile (3 go 4 bliana d'aois) i roinnt scoileanna i gceantair a aithnítear a bheith faoi mhíbhuntáiste. Tá níos mó mioneolais faoi Thús Luath ar fáil.

Scéim faoi Cheantair Mhíbhuntáiste

Tá 311 scoileanna náisiúnta ar fad in Éirinn ainmnithe mar scoileanna faoi mhíbhuntáiste. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann siad tacaíocht níos mó maidir le cóimheas múinteoir/dalta, deontais speisialta agus tacaíocht bhreise do dhaltaí. I láthair na huaire 'sé uasmhéid ranga ná 15 dalta i ranganna sinsearacha agus 20 i ranganna bunscoile. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin Scéim faoi Cheantair Mhíbhuntáiste.

Tabhair Cothrom na Féinne do Pháistí faoi mhíbhuntáiste

Faoin tionscnamh ag Caitheamh go Cothrom le Páistí trí dul i ngleic le Míbhuntáiste, cuirtear acmhainní teagaisc agus airgeadais sa bhreis ar fáil do na scoileanna rannpháirteacha sa scéim i dtreo is gur féidir lena bpáistí tairbhe a bhaint as oideachas den scoth, is cuma cad iad a gcúinsí sóisialta nó eacnamúla. Is cuid de DEIS an tionscnamh soe anois.

Ag Briseadh an Timthrialla

Ba í "Tionscadal Míbhuntáiste Oideachasúla Ag Briseadh an Thimthrialla" an chéad scéim laistigh den Roinn a dhírigh ar idirdhealú dearfach i bhfabhar daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Dhírigh an scéim 'Ag Briseadh an Timthrialla' ar mhíbhuntáiste uirbeach ar scála mór agus ar mhíbhuntáiste tuaithe agus scaipthe. Na scoileanna go léir sa scéim Ag Briseadh an Timthrialla, tá siad sa scéim Tabhair Cothrom na Féinne do Pháistí faoi Mhíbhuntáiste anois ach coimeádann siad na tairbhí breise a tugadh dóibh faoi 'Ag Briseadh an Timthrialla'.

An Clár um Chríochnú Scoile

Tá sé mar aidhm ag an Clár um Chríochnú Scoile cabhrú le daltaí ó cheantair faoi mhíbhuntáiste fanacht ar scoil chun an Ardteistiméireacht a chríochnú.

Tionscadal um Mhúinteoirí Tacaíochta

Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal um Mhúinteoirí Tacaíochta cur chuige lán-scoile i leith disciplín a chomhordú a chabhróidh le chosc a chur ar iompar suaiteach. Go hiondúil, díríonn an múinteoir tacaíochta ar dháréag go cúigear déag de na daltaí is suaití agus is suaithmheonaí sa scoil agus oibríonn leis na daltaí seo ar bhonn dhuine ar dhuine nó i ngrúpaí beaga.

An Scéim Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail feabhas a chur ar chomhoibriú idir bhaile, scoileanna agus pobail chun leasanna oideachasúla na ndaltaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn.

Scéimeanna eile

An Scéim Mhúinteora Tacaíochta Foghlama

Soláthraíonn múinteoirí tacaíochta foghlama tacaíocht bhreise múinteoireachta do pháistí a mbíonn deacrachtaí foghlama acu, go háirithe i gcroí limistéir na litearthachta agus na huimhearthachta. Go ginearálta, soláthraítear an tacaíocht bhreise seo i bhfoirm na múinteoireachta breise i ngrúpaí beaga nó ina n-aonar.

Clár na mBéilí Scoile

Tá sé mar aidhm ag Clár na mBéilí Scoile cur le haistí bia na bpáistí scoile ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste chun a gcumas a chomhlíonadh laistigh den chóras oideachais agus chun baol fágála na scoile go luath a laghdú. Tá dhá scéim ann.

Tacaíonn an Scéim Uirbeach le béilí scoile i mbunscoileanna i gceantair uirbeacha. Ceapairí nó borróga agus bainne atá i gceist sa chlár seo. Ní in ionad béilí baile an scéim seo.

Tugann Scéim na dTionscadal áitiúil maoiniú go díreach do scoileanna náisiúnta agus do mheánscoileanna, do ghrúpaí áitiúla agus d'eagraíochtaí deonacha, a oibríonn a dtionscadail bhéilí scoile féin (d'fhéadfadh na béilí a bheith te nó fuar). Clúdaíónn an scéim naíonraí atá ag freastal ar pháistí réamh-scoile faoi mhíbhuntáiste. Caithfidh na béilí seo a bheith dírithe ar cheantair faoi mhíbhuntáiste nó ar pháistí le riachtanais speisialta. Cuirtear maoiniú ar fáil ar bhonn ráta de réir an bhéile de réir an pháiste.
Tagann maoiniú i gcomhair béilí scoile ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ó na húdaráis áitiúla.

Tionscadail speisialta d'ógánaigh faoi mhíbhuntáiste

Tá na tionscadail dírithe ar dhaoine óige san aoisghrúpa oideachais dara leibhéil ach tá baint acu freisin le roinnt daltaí bunscoile.

Tionscadail speisialta d'ógánaigh faoi mhíbhuntáiste

Faoin scéim seo, tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna deontais do thionscadail speisialta lasmuigh den scoil do dhaoine óige faoi mhíbhuntáiste. Tugtar tús áite do thionscadail i réimsí tionscnaimh obair speisialta don aos óg, daoine óga gan dídean, mí-úsáidóirí óga substaintí agus taistealaithe óga.

Tá na tionscadail dírithe ar fhorbairt phearsanta agus oideachas sóisialta na ndaoine óga atá i mbaol ó mhí-úsáid drugaí, ógchoireacht, luathfhágáil scoile, eisiamh sóisialta, dífhostaíocht, spleáchas ar leasa, easpa dídine agus imeallú a éascú. Go háirithe, déanann siad iarracht cumas na ndaoine óga a fhorbairt agus iad a sholáthar le heolas, scileanna agus dearcadh atá riachtanach lena lánpháirtiú oiriúnach sa tsochaí.

Lárionaid Eolais don Ógra

Maoiníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna líonra de Lárionaid Eolais don Ógra a sholáthraíonn bealach isteach chuig eolas ar chearta, deiseanna, sochair, sláinte, leas agus ábhair eile.

Ciste do Áiseanna agus Seirbhísí d'Ógra (CÁSÓ)

Cuidíonn an scéim seo le forbairt straitéisí coisctheacha i mbealach dírithe, trí áiseanna don ógra, spórt agus áiseanna caitheamh aimsire ina measc, agus seirbhísí i gceantair faoi mhíbhuntáiste áiteanna a bhfuil fadhbanna suntasacha drugaí nó seans go mbeidh sna todhchaí. 'Sé aidhm an chiste ná na daoine óga sna ceantair seo atá i mbaol baint a bheith acu le drugaí a mhealladh isteach in imeachtaí atá níos sláintiúla agus níos táirgiúla.

Conas iarratas a dhéanamh

Le tuilleadh eolais faoi SCS déan teagmháil le hIonad um Chuimsiú Sóisialta na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Le tuilleadh eolais faoin gClár Críochnaithe Scoile déan teagmháil leis an tSeirbhís Chomhordaithe san Ionad Forbartha Curaclaim.

Le tuilleadh eolais faoi Scéim na mBéilí Scoile déan teagmháil leis an údarás áitiúil nó an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá foirm iarratais ann don Scéim na dTionscadal Áitiúil na mBéilí Scoile (pdf). Is féidir leat an Treoir Dhea-Chleachtais do Thionscnaimh na mBéilí Scoile (pdf) a íoslódáil anseo.

Déan teagmháil le do Choiste Gairmoideachais (CGO) áitiúil féin le haghaidh maoinithe do thionscadail ROE d'Ógra faoi Mhíbhuntáiste.

Déan teagmháil leis an an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige le haghaidh maoinithe do CÁSÓ.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ionchuimsitheacht Shóisialta

Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Westmeath
Ireland

Teil:+353 (0)90 643764
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie

Aonad Forbartha an Churaclaim

Bóthar Ghrianréime
Cromghlinn
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil:+353 (0)1 453 5487
Facs:+353 (0)1 453 7659
Láithreán Gréasáin: http://www.curriculum.ie
R-phost: lcapplied@cdu.cdvec.ie

An Clár na mBéilí Scoile

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:+353 (0)71 91 38625, 91 38638

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.