Tá ceart bunreachtúil ag tuismitheoirí oideachas a chur ar a gcuid leanaí sa bhaile. Má roghnaíonn tú oideachas a chur ar do leanbh sa bhaile, ní gá duit cáilíocht múinteoireachta foirmiúil ná curaclam a bheith agat ach caithfidh tú a chinntiú go bhfaigheann do leanbh oideachas bunúsach. Tá sé riachtanach duit an cur chuige is fearr a ghlacadh a fheileann riachtanais an linbh, a chinntiú go bhfuil do leanbh ag foghlaim go rathúil agus dul chun cinn réasúnta á bhaint amach aige/aici, de réir a c(h)umais, a (h)inniúlachta agus a riachtanais foghlama.
Aithníonn Bunreacht na hÉireann an teaghlach mar phríomhoideoir an linbh agus sainmhíníonn sé dualgais agus freagrachtaí tuismitheoirí agus an Stáit maidir le hoideachas a chur ar leanaí. Déanann Alt 14 den Acht Oideachais (Leas) 2000 foráil ionas gur féidir le tuismitheoirí oideachas a chur ar a gcuid leanaí in áiteanna seachas scoileanna aitheanta, sa bhaile nó i scoileanna príobháideacha nach gcloíonn le curaclam náisiúnta. Sonraíonn an tAcht go gcaithfidh tuismitheoirí cinntiú go bhfaigheann a leanbh "oideachas íosta áirithe". Faoi alt 16 an Achta d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta Treoirlínte maidir le Oideachas in áiteanna seachas scoileanna aitheanta (pdf). Sonraíonn na treoirlínte sainmhíniú oibre ar 'oideachas íosta áirithe', déanann siad cur síos ar oideachas atá bunaithe sa bhaile agus tugtar treoir maidir leis an gcaoi is féidir measúnú a dhéanamh air. Clúdaíonn siad freisin an cúlra dlí a bhaineann le hoideachas sa bhaile.
Tá sé de dhualgas ar an Stát a chinntiú go bhfaigheann leanaí oideachas íosta áirithe, ach tá saoirse ag tuismitheoirí cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a chuirtear an t-oideachas seo ar fáil. Ní shainmhíníonn an dlí "oideachas íosta áirithe". Cuireann na treoirlínte sainmhíniú ar fáil ar na tréithe ginearálta, a shonraíonn go gcaithfidh oideachas an linbh:
Sonraíonn na treoirlínte chomh maith go gcaithfidh na scileanna bunúsacha a mbeadh leanbh faoi mhíbhuntáiste tromchúiseach gan iad, tugtha san áireamh faoi shainmhíniú an oideachais íosta seo. Tá forbairt agus dul chun cinn ar chumas labhartha, litearthachta agus uimhearthachta ríthábhachtach le haghaidh réimsí eile foghlama agus le haghaidh rannpháirteachas an linbh sa tsochaí agus sa tsaol laethúil.
Bunaíodh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais (NEWB) faoi réir ag téarmaí an Achta Oideachais (Leas) 2000 agus is é an comhlacht a théann i ngleic le saincheisteanna maidir le neamhfhreastal ar scoil agus leanaí a fhaigheann a n-oideachas lasmuigh den chóras scoile. Faoin Acht, tá iachall ar an NEWB clár a chothabháil de leanaí atá ag fáil oideachais ach nach bhfuil ag freastal ar scoil aitheanta. Go bunúsach, taispeánfaidh an clár ainmneacha na leanaí a bhfuil oideachas á fháil acu sa bhaile nó i scoil neamhaitheanta - ní clár de luathfhágálaithe scoile é. Ní mór do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí uile a dteastaíonn uathu oideachas a chur ar a gcuid leanaí sa bhaile in Éirinn a leanbh a chlárú leis an NEWB. Níl clárú uathoibríoch. Is oibleagáid dhlíthiúil í agus tá dualgas ar thuismitheoirí nó ar chaomhnóirí iarratas a dhéanamh thar ceann an linbh.
Má tá do leanbh ar scoil cheana féin, ba chóir duit a chur in iúl don scoil go mbeidh tú ag tabhairt oideachais do do leanbh sa bhaile agus go gcuirfidh tú iarratas isteach chun clárú leis an NEWB. Seolfaidh an scoil an fhaisnéis seo go dtí an NEWB a dhéanfaidh teagmháil leat, nó is féidir leat iarratas a chur díreach chuig an NEWB – féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Mura thosaigh do leanbh ar scoil go fóill, nó murar fhreastail sé/sí ar scoil riamh, ba chóir duit iarratas a chur díreach chuig an NEWB. Cuirfidh an NEWB foirm iarratais isteach mar aon le cóip de na treoirlínte a úsáideann siad chun measúnú a dhéanamh ar oideachas sa bhaile. Tá bileog faisnéise a bhaineann leis na riachtanais do leanaí a dtugtar oideachas dóibh lasmuigh de scoileanna aitheanta á ullmhú chomh maith.
Measúnú: nuair a chuireann tú an fhoirm iarratais ar ais déanfaidh an duine a bheidh i mbun an mheasúnaithe teagmháil leat chun agallamh a shocrú. D'fhéadfadh an duine seo a bheith ina (h)oifigeach leasa, ina c(h)igire ón Roinn Oideachais agus Scileanna nó ina d(h)uine cáilithe eile arna cheapadh ag an NEWB. Ní mór duit do thoil a thabhairt sular féidir measúnú a dhéanamh. Díreoidh an measúnú ar shonraí an oideachais atá á chur ar fáil don leanbh, na hábhair atá á n-úsáid i gcúrsa an oideachais agus an méid ama atá á chaitheamh chun an t-oideachas sin a chur ar fáil. Reáchtálfar an t-agallamh ag do rogha ionaid agus ní gá go mbeadh do leanbh i láthair. Beidh an t-agallamh bunaithe ar an méid a dúirt tú i d'iarratas. Caithfidh tú a thaispeáint don agallóir go bhfuil oideachas íosta á chur ar fáil agat. Tugtar an réamh-mheasúnú air seo. Críochnóidh do mheasúnóir dréacht-thuarascáil measúnaithe a phléifidh sé leat sula ndéantar é a thabhairt chun críche. I ndiaidh na tuarascála cuirfear ainm do linbh ar chlár nó cuirfear do chás ar aghaidh chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh air.
Mura féidir leis an NEWB cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil oideachas íosta á chur ar fáil agat, déanfar measúnú cuimsitheach. Tá sé seo i bhfad níos doimhne agus is éard atá i gceist leis ná go gcaithfidh an measúnóir níos mó ama leat, ag féachaint ar an gcaoi a mhúineann tú do leanbh, na hábhair oideachais atá agat a iniúchadh agus labhairt le do leanbh.
Má shocraíonn an NEWB nach bhfuil tú ag soláthar oideachais íosta áirithe do do leanbh, is féidir leis ainm an linbh a bhaint ón gclár nó diúltú é a chur leis an gclár ar an gcéad dul síos. Ní mór dó a chinneadh a chur in iúl duit i scríbhinn agus ansin tá 21 lá agat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Beidh ar an Aire coiste a cheapadh chun an t-achomharc a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh faoin gcás. Tá coiste achomhairc comhdhéanta de bhreitheamh ón gCúirt Dúiche, de chigire agus de dhuine ar bith eile a d'fhéadfadh an tAire a cheapadh. Tugtar cuireadh duit agus do do mheasúnóir aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an gcás. Ag brath ar a gcinneadh, déanfaidh an coiste:
Is féidir leis an mBord Náisiúnta um Leas Oideachais (NEWB) faoin Acht Oideachais (Leas) (2000) iarraidh ar an gCigireacht an t-oideachas a chuirtear ar fáil in áiteanna seachas i scoileanna aitheanta a mheasúnú. Is féidir leis na measúnuithe seo cúnamh a thabhairt don NEWB cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil leanaí i scoileanna neamh-aitheanta ag fáil oideachais íosta iomchuí.
Nuair a thagann an t-am chun scrúduithe foirmiúla a dhéanamh, is féidir socruithe a dhéanamh trí na coistí gairmoideachais (VEC'anna) nó ranganna oideachais aosaigh. Is féidir scrúduithe Sóisearacha agus Ardteistiméireachta a dhéanamh ag scoil ar bith trí chlárú a dhéanamh leis an scoil go luath i mí Eanáir na bliana a dhéanfar na scrúduithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Mura ndéanann leanbh na scrúduithe Stáit bíonn deacracht ann maidir le freastal ar oideachas tríú leibhéil in Éirinn. Is í an Ardteistiméireacht an gnáthbhealach chuig institiúidí tríú leibhéil na hÉireann. É sin ráite, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta freastal ar oideachas tríú leibhéil ag aois 17 nó 18 gan an Ardteistiméireacht ach agallamh a dhéanamh. Bheadh ort dul i dteagmháil le d'institiúid roghnaithe chun an fhéidearthacht seo a phlé. Tairgeann Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) éagsúlacht cúrsaí don aoisghrúpa os cionn 16 atá bailí le haghaidh iontrála go cúrsaí tríú leibhéal.
Níl mic léinn lánfhásta faoi réir ag na gnáth-riachtanais iontrála. Tá líon méadaitheach cúrsaí comhfhreagartha ar tairiscint, mar an Ollscoil Oscailte. Is foinse faisnéise é Aontas - an Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach ar chianfhoghlaim in Éirinn.
Má dhéanann tú rogha do leanbh a mhúineadh sa bhaile, is tacaíocht agus brúghrúpa é an Líonra um Oideachas sa Bhaile d'oideoirí sa bhaile in Éirinn. Cuireann siad rompu cabhrú le tuismitheoirí na hacmhainní atá ar fáil a úsáid agus modhanna oideachais a fhorbairt a fheilfidh do riachtanais gach linbh. Cabhraíonn sé le lucht oideachais sa bhaile a gcuid tuairimí agus an taithí atá acu a mhalartú lena chéile trí chruinnithe rialta a bheith acu agus trí nuachtlitreacha. Tá naisc le taighde agus le faisnéis ar líne faoi oideachas sa bhaile le fáil ar a láithreán gréasáin agus is féidir leis na baill leabhair faoin ábhar seo a fháil ó sheirbhís leabharlainne an ghrúpa.
16-22 Sráid Glas
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8738700
Lóghlao:1890 363666
Facs:+353 (0)1 8738798
Láithreán Gréasáin: http://www.newb.ie/
R-phost: info@newb.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.