Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Córas Oideachais na hÉireann > Díolúine ón nGaeilge

Print Page Send to a Friend

Díolúine ón nGaeilge

Eolas

Ceadaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoláirí iarratas a dhéanamh ionas nach gcaithfidh an Ghaeilge a bheith mar ábhar bhunscoile nó mheánscoile acu.

Tá na cúinsí ina dtugtar an cead seo an-chúng. Má bhí an scoláire ag cónaí thar lear nó nach labhaireann sé/sí Béarla, b'fhéidir go bhfaighfidís an díolúine seo. Is féidir le scoláirí a bhfuil míchumais áirithe orthu an díolúine a fháil freisin. Tá tuilleadh eolais maidir le bhunscoil sa Ciorclán 12/96 Leasú Ciorcláin 18/79 faoin Dhíolúine on nGaeilge agus maidir le meánscoil sa Ciorclán M10/94.

Áit go bhfuil marc áirithe ag teastáil sa Ghaeilge i scrúdú na hArdteiste chun fáil isteach sa choláiste, d'fhéadfadh scoláire a bhfuil díolúine faighte acu ón nGaeilge cheana féin díolúine a fháil uaidh seo chomh maith. Is suas don choláiste ar leith atá sé seo. Go hiondúil, má tá díolúine faighte ag scoláire i rith a c(h)uid oideachais iarbhunscoile, bíonn seans mhaith ann go bhfaighidh sé/sí díolúine ón nGaeilge mar ábhar riachtanach chun dul isteach sa choláiste freisin. Ba cheart do scoláire atá ag déanamh iarratais ar chúrsa tríú leibhéil tríd an Oifig Lárnach Iarrata(CAO) cóip den teastas díolúine a sheoladh leis an bhFoirm Iarratais CAO.

Rialacha

Seo iad na rannóga scoláirí gur féidir leo iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ón nGaeilge:

  • Scoláirí a fuair a gcuid oideachais bunscoile suas go aois 11 i dTuaisceart na hÉireann nó taobh amuigh d'Éirinn.
  • Scoláirí a bhí cláraithe i mbunscoil nó in iarbhunscoil agus atá ag athchlárú arís tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear. Caithfidh ar a laghad trí bliana a bheith caite thar lear aige /aici. Caithfidh an scoláire a bheith ar a laghad 11 bliana d'aois agus é/í ag athchlárú.
  • Scoláirí a bhfuil gnáthchumas nó níos fearr acu ach go bhfuil deacracht foghlama faoi leith acu a fhágann nach féidir leo an caighdeán a mbeifí ag súil leis a bhaint amach ina dteanga dúchais.
  • Scoláirí a bhfuil deacracht foghlama acu mar thoradh ar bhac intleachta tromchúiseach agus nach bhfuil ag fáil na bunscileanna teangan ina dteanga dúchais.
  • Scoláirí go bhfuil míchumas foghlama orthu mar thoradh ar bhac céadfaíoch tromchúiseach, agus nach bhfuil ag foghlaim na bunscileanna teangan ina dteanga dúchais

Ní bhíonn ar scoláirí ó thíortha thar lear nach bhfuil aon tuiscint acu ar an mBéarla ach staidéar a dhéanamh ar theanga amháin, Béarla nó Gaeilge.

Conas Iarratas a dhéanamh

Déanann an tuismitheoir/ caomhnóir an t-iarratas leis an príomhoide scoile. Ba cheart cur síos a bheith san iarratas ar na cúiseanna go bhfuil an díolúine á lorg.

Ba cheart cruthúnas cáipéise de aois an scoláire a bheith leis an iarratas agus réamhscolaíocht má tá baint aige seo leis an gcúis go bhfuil díolúine á lorg.

Réitíonn údaráis na scoile tuairisc iomlán ar an scoláire.

Nuair atá díolúine á lorg ar chúiseanna míchumais, caithfidh an tuismitheoir/ caomhnóir tuairiscí ó shiceolaí cáilithe nó ó shaineolaí leighis oiriúnach a chur ar fáil.

Áit a dtugtar díolúine, seoltar teastas díolúine chuig an scoil. Síníonn an príomhoide scoile é seo. Is ar an bpríomhoide scoile atá an cúram toradh an iarratais a chur in iúl don tuismitheoir/ scoláire.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Riarachán Bunoideachais 1
Corr na Madadh
An Iarmhí
Éire

Teil:+353 (0)90 6483731
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie

Roinn Oideachais agus Scileanna

Rannóg Riaracháin Iarbhunscoile
An Tullach Mór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil:+353 (0)57 9321363
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.