Bunreacht na hÉireann agus oideachas

Ailt faoi oideachas sa Bhunreacht

Tá roinnt airteagal ag Bunreacht na hÉireann a bhaineann le dlí an oideachais.

Baineann Airteagal 42 den Bhunreacht leis an oideachas. Tá baint ag airteagail eile le dlí an oideachais - go háirid airteagail a bhaineann leis an teaghlach agus le creideamh (Airteagail 41 agus 44). Is féidir téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a léamh.

Oideachas

Seo a leanas téacs Airteagail 42 de Bhunreacht na hÉireann:

1: Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus ráthaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.

2: Tig le tuistí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bhunaítear ag an Stát.

3.1°: Ní cead don Stát a chur d'fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.

3.2°: Ach ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail ní foláir dó, toisc cor an lae, é a dhéanamh éigeantach minimum áirithe oideachais a thabhairt do na leanaí i gcúrsaí moráltachta, intleachta agus comhdhaonnachta.

4: Ní foláir don Stát socrú a dhéanamh chun bunoideachas a bheith ar fáil in aisce, agus iarracht a dhéanamh chun cabhrú go réasúnta agus chun cur le tionscnamh oideachais idir phríobháideach agus chumannta agus, nuair is riachtanas chun leasa an phobail é, áiseanna nó fundúireachtaí eile oideachais a chur ar fáil, ag féachaint go cuí, áfach, do chearta tuistí, go mór mór maidir le múnlú na haigne i gcúrsaí creidimh is moráltachta.

An teaghlach

Seo a leanas an chuid chuí de Airteagal 41:

1.1°: Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.

1.2°: Ós é an Teaghlach is fotha riachtanach don ord chomhdhaonnach agus ós éigeantach é do leas an Náisiúin agus an Stáit, ráthaíonn an Stát comhshuíomh agus údarás an Teaghlaigh a chaomhnú.

Creideamh

Seo a leanas an chuid chuí de Airteagal 44:

2.2°: Ráthaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú.

2.3°: Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.

2.4°: Reachtaíocht lena gcuirtear cúnamh Stáit ar fáil do scoileanna ní cead idirdhealú a dhéanamh inti idir scoileanna atá faoi bhainistí aicmí creidimh seachas a chéile ná í do dhéanamh dochair do cheart aon linbh chun scoil a gheibheann airgead poiblí a fhreastal gan teagasc creidimh sa scoil sin a fhreastal.

2.5°: Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistí, agus maoin, idir shoaistrithe agus do-aistrithe, a bheith dá gcuid féin acu, agus í a fháil agus a riaradh, agus fundúireachtaí chun críocha creidimh is carthanachta a chothabháil.

2.6°: Ní cead maoin aon aicme creidimh ná aon fhundúireachtaí oideachais a bhaint díobh ach amháin le haghaidh oibreacha riachtanacha chun áise poiblí, agus sin tar éis cúiteamh a íoc leo.

Céard is brí leis na hairteagail seo

Oideachas agus an teaghlach – Airteagal 41 agus Airteagal 42

Déanadh roinnt cinnithe cúirte bunaithe ar na hairteagail seo. Go simplí, seo a leanas príomhphointí na n-airteagal:

  • Is é an teaghlach príomhfhoinse oideachais don pháiste. Tá sé de cheart ag tuismitheoirí oideachas a chur ar fáil dá gclann taobh amuigh den chóras scoile más mian leo.
  • Ní féidir leis an Stát iachall a chur ar thuismitheoirí a gclann a chur chuig scoil faoi leith nó chuig cinéal faoi leith scoile. Is féidir le tuismitheoirí scoil a roghnú dá gclann ach níl aon dualgas bunreachtúil ar an scoil glacadh le páiste faoi leith.
  • Is féidir leis an Stát a éileamh go gcuirtear oideachas chuig leibhéal faoi leith ar fáil do pháistí. Níl an leibhéal faoi leith seo leagtha síos i reachtaíocht nó i bpolasaí oifigiúil fós. Baineann cuid mhaith de na cásanna cúirte le míniú cruinn na n-abairtí sin.
  • Tá dualgas ar an Stát bunoideachas a chur ar fáil saor in aisce. Níl dualgas air an t-oideachas a chur ar fáil é féin go díreach. I ngníomh tá roinnt scoileanna Stáit ann ach tá formhór na mbunscoileanna in úinéireacht phríobháideach agus faigheann siad formhór a gcuid airgid ón Stát. Féach úinéireacht bhunscoileanna
  • Níl dualgas ar an Stát scoileanna a chur ar fáil go díreach ach níl aon chosc air é sin a dhéanamh ach an oiread.

Oideachas chuig leibhéal faoi leith

Níl aon mhíniú ar "oideachas chuig leibhéal faoi leith" san Acht Oideachais (Leas) 2000. Ach, deir sé gur féidir leis an Aire "oideachas chuig leibhéal faoi leith ceaptha" a leagan síos. D'fhéadfadh sé go mbeadh an bunchaighdeán difriúil do pháistí d'aoiseanna difriúla agus le cumas difriúil - cumas fisiciúil, intinne agus tochtaigh san áireamh.

Deir an tAcht nach mór páistí a bhfuil oideachas dhá chur orthu taobh amuigh den ghnáthchóras scoile a aithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu le cinntiú go bhfuil an t-oideachas atá dhá fháil acu ag sásamh bunchaighdeáin. An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a choinneoidh an clár seo.

Bunoideachas saor in aisce

Tá an cheist maidir le huasteorainn aoise do dhualgas an Stáit oideachas ag an mbunleibhéal a chur ar fáil saor in aisce ós comhair na Cúirte Uachtaraigh faoi láthair. (Cás Sinnott)

Creideamh - Airteagal 44

De réir an airteagail seo mar sin ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir na haicmí creidimh eagsúla agus go bhfuil sé de cheart ag páistí freastal ar scoileanna atá maoinithe ag an Stát gan freastal ar ranganna creidimh. I ngníomh, bíonn ranganna faoi leith i dteagasc creidimh agus tá sé de cheart ag tuismitheoirí páiste a thógáil ón scoil le linn an ama sin. Ach, tá an curaclam amhlaidh nach bhfuil na hábhair scartha go huilig ón chéile agus tagann meon na scoile i gceist leis na hábhair ar fad.

Tá sé ráite go bhfuil sé i gceist ag an airteagal nach féidir diúltú páiste a ghlacadh i scoil atá maoinithe ag an Stát ar bhunús an chreidimh atá ag an bpáiste.

Tá na scoileanna faoi réir ag na hAchtanna um Stadás Comhionann 2000-2011. (Ciallaíonn bunachas oideachais i gcomhthéacs seo naíonra, bunscoil nó iar-bhunscoil, foras a sholáthraíonn oideachas aosach, oideachas leanúnach nó breisoideachas, nó ollscoil nó aon fhoras tríú leibhéal nó ardleibhéil eile, cibé acu atá sé á chothú ag cistí poiblí nó nach bhfuil.) Tá leabhrán eolais faoi Scoileanna agus na hAchtanna um Stadás Comhionann (pdf) ar an suíomh gréasáin na Roinne Oideachais .

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Eanáir 2022