Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Réamhrá

Déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit maoirseacht ar na scrúduithe Stáit ag an dara leibhéal in Éirinn. Is iad na scrúduithe seo ná an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Déanann sé scrúduithe áirithe trádála agus gairmiúla a reáchtáil freisin.

Ó 2003 i leith, tá an Coimisiún freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus deimhniú na scrúduithe teastais Stáit. Oibríonn sé i gcomhpháirtíocht le húdaráis scoile agus soláthraithe oideachais chun an córas scrúduithe agus measúnaithe a reáchtáil ar bhealach cothrom, cuntasach agus inrochtana.

Freagrachtaí CSS

Tá an Coimisiún freagrach as feidhmiú gach gné den Ardteistiméireacht chruthaithe, de Ghairmchlár na hArdteistiméireachta, den Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus den Teastas Sóisearach agus comhpháirteanna scríofa, béaltrialach, cluastrialach, praiticiúil agus obair chúrsa mheasúnaithe in ábhair áirithe san áireamh freisin. Áirítear leis seo páipéir scrúdaithe agus ábhair scrúdaithe eile a ullmhú. Tá an Coimisiún freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh i dtaobh reáchtáil na scrúduithe stáit agus i dtaobh ionaid oiriúnacha a roghnú inar féidir iad a chur ar siúl. Tá cartlann de sheanpháipéir scrúdaithe ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Déanann an Coimisiún cinneadh maidir leis na nósanna imeachta i riaradh agus i maoirseacht na scrúduithe agus déanann sé socruithe i gcomhair mharcáil na scrúduithe. Áirítear leis seo foireann ar chonradh a earcú chun na scrúduithe a mhaoirsiú agus chun comhpháirteanna na scrúduithe a dhréachtú agus a mharcáil. Tá sé freagrach as táillí scrúdaithe a ghearradh agus a bhailiú.

Torthaí scrúduithe

Tá an Coimisiún freagrach freisin as torthaí na scrúduithe Stáit uile a eisiúint. Ina theannta sin, déanann sé cinneadh maidir leis na nósanna imeachta a shocrú a chuireann ar chumas iarrthóirí athbhreithniú agus achomharc a dhéanamh ar scrúdaithe dá mba mhian leo. Tá sé de cheart agat torthaí scrúdaithe Stáit a achomharc le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Coimeádann an Coimisiún taifead ar thorthaí uile na scrúduithe Stáit agus is féidir leat iarratas a dhéanamh chun cóip dheimhnithe de do thorthaí a fháil – féach 'Conas Iarratas a dhéanamh' thíos.

Seirbhísí ar líne

Soláthraíonn an Coimisiún seirbhís trínar féidir le hiarrthóirí a dtorthaí scrúdaithe a fháil ar an teileafón nó ar an ngréasán trí Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) a úsáid. Níl sé i gceist go nglacfadh na seirbhísí seo áit na seirbhíse agus na comhairle a chuireann scoileanna ar fáil. Ina ionad sin, cuirtear na seirbhísí seo ar fáil d'iarrthóirí nach bhfuil ábalta, ar chúis éigin, leas a bhaint as na seirbhísí a chuireann na scoileanna ar fáil.

Rataí

Ráiteas na dtorthaí:

tá costas €14.50 ann maidir le gach cóip dheimhnithe de thorthaí.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóip dheimhnithe de do thorthaí ach foirm iarratais (pdf) a íoslódáil ó láithreán gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit nó scríobh chuig an gCoimisiún.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil: (090) 644 2700
Facs: (090) 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2021