Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Scrúduithe stáit > An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Print Page Send to a Friend

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Eolas

Is clár 2 bhliain an-speisialta, dlúth, é an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, atá mar chuspóir aige scoláirí a ullmhú i gcóir an tsaoil oibre agus an saol fásta. Díríonn an clár ar bhuanna na scoláirí agus cabhraíonn sé le scoláirí cibé rud a fhoghlaimíonn siad a chuir in oiriúint don saol.

Séard atá sa gclár 2 bhliain ná blocanna 4 leath-bhliana ar a ghlaotar seisiúin. Baintear amach creidiúintí i ngach seisiún.

Tá tuilleadh eolais faion Ardteistiméireacht Fheidhmeach ar fáil sa liosta ceisteanna coitianta seo.

Na cúrsaí

Tá na cúrsaí ar fáil i dtrí phríomh-réimse:

  • Ullmhú ghairmeach, tagann taithí oibre, fiontair agus cumarsáide faoi seo
  • Oideachas ghinearálta, ag tairiscint scileanna saoil, ealaíon, oideachas shóisialta, caitheamh aimsire agus teanga
  • Oideachas ghairmiúil.

Structúr an chúrsa

Tá gach cúrsa déanta suas de roinnt módúl. Déantar gach módúl thar tréimhse leathbhliana. Tá réimse leathan de chúrsaí praiticúla ann ar a nglaotar sainghnéithe gairmeacha orthu inár féidir leis an scoláire roghnú a dhéanamh.

Measúnú agus scrúduithe

Déantar measúcháin go leanúnach i rith an chúrsa agus tá scrúdú deireanach ann.

Déantar an measúchán nuair atá na módúil agus na gníomhaíochtaí praiticiúla críochnaithe, rud a thugann deis don scoláire an fhoghlaim a chomhthathú ó chúrsaí difriúla.

Caithfear an scrúdú deireanach dhéanamh sna réimsí seo :

  • Béarla agus Cumarsáid
  • Dhá shainghné ghairmiúil
  • Feidhmiú Matamaitice
  • Teanga
  • Oideachas Sóisialta

Tá scrúdú scríofa agus scrúdú béil i ngach teanga. Tá scrúduithe praiticiúla ins na sainghnéithe gairmiúla. Déantar na scrúduithe scríofa i mí Meithimh ag an am céanna is a dhéantar na scrúduithe i gcóir na hArdteistiméireachta Bunaithe.

An teastas bronnta

Bronntar Ardteistiméireacht ar na scoláirí a éiríonn leo an clár a chríochnú. Bronntar an teastas ar thrí leibhéal:

Leibhéal Creidiúintí is gá riachtanach
Pass 60-69% (120-139 creidiúintí)
Fiúntas 70-84% (140-169 creidiúintí)
Céimíocht 85-100% (170-200 creidiúintí)

Bronntar Tuairisc Taithíochta ar na hiarrthóirí a fháigheann níos lú ná 60 creidiúintí nó nach gcríochnaíonn an cúrsa.

Is ionann Pas san Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus 6 Ghrád D i ngnáth leibhéal san Ardteistiméireacht Bhunaithe.

I dteideal oideachas níos airde agus cúrsaí triú-leibhéil eile

Is féidir le scólaire atá Ardteistiméireacht Fheidhmeach bronnta air/uirthi dul chuig réimse leathan Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (CIAT). Cuirtear na cúrsaí seo ar fáil sna meánscoileanna agus sna coláistí áitiúla.

Leanann na Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ar aghaidh go cursaí na Comhairle um Cháilíochtaí Oideachais agus Traenála Leanúnaigh (CCOTL) leibhéal 2. Is iondúil gur cúrsaí bliana lánaimseartha iad seo. Tá roinnt cúrsaí páirtaimseartha ann chomh maith thar tréimhse níos faide.

Tá níos mó ná 50 duaiseanna curtha ar fáil i gcúig réimsí-leathan - Ealaíon/Dearadh, Gnó, Eolaíocht, Seiribhísí/caitheamh aimsire agus cumarsáide/staidéar na meáin.

Ní féidir le scoláirí atá Ardteistiméireacht Fheidhmeach bronnta orthu dul díreach isteach tríd an gcóras Oifig Iarratais Náisiúnta (OIN) le áit a fháil sna hOllscoileanna nó na Coláistí Teicneolaíochta.

Ach, iadsan a bhronntar CCOTL leibhéal 2 orthu, tá siad i dteideal cuid de na cúrsaí triú leibhéil in Institiúidí Teicneolaíochta agus mar thoradh go cláracha céime.

Ní féidir le scoláirí dul díreach chuig banaltracht ach d'fhéadfadh an ceart a beith acu chun iarratas a dhéanamh mar scoláire fásta le cáilithíochtaí áirithe sa CCOTL nó taithí chuí.

Is féidir le scoláirí atá Ardteistiméireacht Fheidhmeach bronnta orthu dul ar Chláir Phrintíseachta FÁS. Téann go leór scoláirí díreach chuig fostaíocht.

Rátaí

Is é €109 an táille iontrála don bhliain 2011 do mhic léinn scoile de chuid Ghairmchlár na hArdteistiméireachta. Tá tuilleadh eolais faoi tháillí scrúduithe Stáit ar fáil anseo.

Tá iarrthóirí a bhfuil cárta leighis reatha acu nó is cleithiúnaithe de chuid tuismitheora nó caomhnóra a bhfuil cárta leighis reatha aige nó aici díolmhaithe ó tháillí scrúduithe a íoc. Ní foláir d’iarratasóirí a bhfuil díolúine ó tháillí á héileamh acu ar an mbonn sin sonraí maidir leis an gcárta leighis a sholáthar don Choimisiún. Tá iarratais ó iarrthóirí seachtracha a fhaightear tar éis an 1 Feabhra 2011 faoi réir táillí deireanacha fiú má rinneadh an táille thosaigh a tharscaoileadh.

Conas iarratas a dhéanamh

Más scoláire thú atá ar freastal ar scoil dara leibhéil, cuirfidh an scoil do chuid sonraí chuig Comisiúin na Scrúduithe Stáit Más iarrthóir seachtrach thú (nach bhfuil ag freastal ar scoil) don Ardteistiméireacht Fheidhmeach, ba chóir d’iarratas ar líne nó i scríbhinn dhéanamh agus a bheith curtha chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoin dáta deiridh. Tátráthchlár scrúduithe scriofa Ardteistiméireacht Fheidhmeach (pdf), tráthclár oibre chursa (pdf) agus páipéir scrúidaithe le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil:+353 (0)90 644 2700
Facs:+353 (0)90 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/


Aonad Forbartha an Churaclaim

Bóthar Ghrianréime
Cromghlinn
Baile Átha Cliath 12
Éire

Teil:+353 (0)1 453 5487
Facs:+353 (0)1 453 7659
Láithreán Gréasáin: http://www.curriculum.ie
R-phost: lcapplied@cdu.cdvec.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.