Anseo atá tú: Baile > Oideachas agus Oiliúint > Scrúduithe stáit > An Teastas Sóisearach

Print Page Send to a Friend

An Teastas Sóisearach

Eolas

Reáchtáltar scrúdú an Teastais Shóisearaigh ag deireadh na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileana. Déanann daltaí idir 13 agus 15 freastal ar an tSraith Shóisearach agus is iondúil go seasann daltaí an scrúdú agus iad 14 nó 15 bliana d’aois agus trí bliana d’oideachas iar-bhunscoile faighte acu. Ina dhiaidh sin féin, ní do dhaltaí iar-bhunscoile amháin an Teastas Sóisearach.

Is féidir le hiarrthóir atá ag leanacht chúrsa ceadaithe taobh amuigh den Stát nó atá ag freastal ar chúrsa staidéir ceadaithe arna rith faoi Scéim Deiseanna Gairmoiliúna, scéimeanna litearthachta d’aosaigh agus Scéimeanna Oideachais Pobail, scéim dara leibhéal na Roinne Coimirce Sóisialaí do dhaoine dífhostaithe nó scéim dá leithéid na scrúduithe a sheasamh chomh maith. Tá tuilleadh eolais faoi na scéimeanna le fáil.

Ábhair an Teastais Shóisearaigh

Tá sé ábhar agus fiche ar fáil faoi láthair ach ní bhíonn siad ar fad ar fáil i ngach scoil. Tá eolas faoi shiollabas agus curaclam na n-ábhar ar fáil anseo

Seo a leanas na hábhair:

  • Gaeilge
  • Béarla
  • Matamaitic
  • Tíreolaíocht
  • Stair
  • Laidin
  • Gréigis
  • Léann Clasaiceach
  • Léann Eabhrach
  • Fraincis
  • Gearmáinis
  • Spáinnis
  • Iodáilis
  • Eolaíocht
  • Teicneolaíocht
  • Eacnamaíocht Bhaile
  • Ceol
  • Ealaín, Ceird agus Dearadh
  • Teicneolaíocht Ábhair (Adhmad)
  • Miotalóireacht
  • Grafaigh Theicniúla
  • Staidéar Gnó
  • Clóscríobh
  • Eolas Imshaoil agus Daoneolas
  • Oideachas Saoránaíoch, Sóisialta, Polaitiúil
  • Teagasc Reiligiúin

Ní mór do gach dalta cúrsaí a leanacht sa Ghaeilge (ach amháin i gcás díolúine), sa Bhéarla, sa Mhatamaitic agus san Oideachas Saoránaíoch, Sóisialta, Polaitiúil. D’fhéadfadh go mbeadh ábhair éigeantacha eile i gceist ag brath ar chineál na scoile. Tá scrudúithe i dteangacha UE a thairiscint do dháltaí áirithe.

Measúnú agus scrúduithe

Déantar measúnú ar an Teastas Sóisearach trí scrúdú scríofa ag deireadh an chláir trí bliana chomh maith le scrúduithe praiticiúla agus obair thionscadail i roinnt ábhar agus scrúduithe cainte agus tuisceana i nGaeilge agus i dteangacha na hEorpa. Tarlaíonn na scrúduithe praiticiúla agus na scrúduithe béil i rith an tríú bliain den chlár. I mí Meithimh a bhíonn an scrúdú scríofa.

Táille an scrúdaithe

Ní mór do dhaltaí atá ag seasamh an Teastais Shóisearaigh táille an scrúdaithe a íoc faoi dheireadh mí Eanáir gach bliain(féach 'Rátaí' thíos). Is tríd an scoil a íoctar an táille.

Gráid sa Scrúdú

Céatadán Grád
85 agus os a chionn A
70 ach faoin 85 B
55 ach faoin 70 C
40 ach faoin 55 D
25 ach faoin 40 E
10 ach faoin 25 F
Faoin 10 Gan Grád
tráthchlár scrudaithe scríofa (pdf), tráthchlár oibre chúrsa (pdf) agus páipéir scrúdaithe le fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Rialacha

Seolann an scoil foirm chuig na tuismitheoirí atá ag íoc na táille. Íocann tuismitheoir an táille tríd an mbanc agus ní mór stampa an bhainc a bheith ar an bhfoirm. Seolann an tuismitheoir an fhoirm ar ais chuig an scoil ansin.

Ní gá do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir i seilbh chárta leighis an táille a íoc. Sa chás go bhfuil cárta leighis reatha ag tuismitheoirí, líontar sonraí faoin gcárta leighis ar an bhfoirm agus seolann an tuismitheoir an fhoirm ar ais chun na scoile ansin.

Rátaí

Is ionann táille scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh in 2011 €103.

Seo a leanas an táille scrúdaithe i gcás dhaltaí SDGO (Scéim Deiseanna Gairmoiliúna) agus a leithéidí:

  • Ardteistiméireacht (3+ ábhar): €109
  • Meascán d’ábhair Ardteistiméireachta agus Teastais Shóisearaigh (3+): €109
  • An Teastas Sóisearach (3+ ábhar): €103
  • 1 nó 2 ábhar - AT/TS/meascán den phéire: €67

Conas iarratas a dheanamh

Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanann bainistíocht agus riarachán ar Scrúduithe Teastais an Stáit, ina measc:

  • an Ardteistiméireacht Bhunaithe
  • Clár Gairme na hArdteistiméireachta
  • An Ardteistiméireacht Fheidhmeach
  • Scrúduithe an Teastais Shóisearaigh

Achomharc a dhéanamh in aghaidh do thorthaí: más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh do thorthaí scrúduithe, caithfidh tú iarratas trí do scoil a dhéanamh. Is an táille achomharc é €32 an t-ábhar agus má tá do thorthaí uasghrádaithe beidh an táille aisíoctha duit.

Más mian leat ráiteas deimhnithe faoi thorthaí scrúdaithe a iarraidh, is féidir sin a dhéanamh i scríbhinn nó foirm iarratais (pdf) a íoschóipeáil agus a líonadh isteach. Ba cheart go dtabharfaí na sonraí pearsanta seo a leanas i d’iarratas:

  • Ainm in Iomláine
  • Ainm tráth an scrúdaithe (murar ionann sin agus d’ainm anois)
  • Seoladh reatha
  • Uimhir Teileafóin i rith an lae
  • Dáta Breithe
  • Bliain an Scrúdaithe
  • Ainm agus Seoladh na Scoile ar ar freastalaíodh
  • Scrúduimhir (más eol duit í)

Seoltar an fhoirm iarratais líonta maraon leis an táille chuí €13.50 go dtí Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil:+353 (0)90 644 2700
Facs:+353 (0)90 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.