Féadtar socruithe speisialta a dhéanamh do dhaltaí sna scoileanna dara leibhéal in Éirinn nuair a dhéanann siad na scrúduithe Stáit. (Is é sin le rá, scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh). Is féidir le hiarrthóirí le míchumais acu (mar shampla, laigeachtaí físe, laigeachtaí mótair agus gluaiseachta, srl.) cur isteach trína scoil chun cóir réasúnach a fháil le linn na scrúduithe.
Áirítear iad seo a leanas leis na samplaí de chóir réasúnach:
Tá sé tábhachtach go mb'fheasach duit go bhféadann daltaí le riachtanais speisialta cur isteach le cuid den scrúdú Stáit a tharscoileadh agus go dtabharfaí marc as 100% dóibh ar fhuílleach an pháipéir. Eagraítear na scéimeanna náisiúnta marcála do na hábhair lena mbaineann sa chaoi is go gcinntítear go mbíonn an deis chéanna ag daltaí le riachtanais speisialta chun lán-mharcanna a bhaint amach, beag beann ar na codanna díolmhaithe den pháipéar.
Bíonn an t-údarás ag do scoilse chun forálacha speisialta a dhéanamh um dhaltaí le riachtanais speisialta le linn scrúduithe Stáit ar bhonn an ní is fearr a fheileann duitse. Áirítear le roinnt de na forálacha speisialta ar féidir le do scoilse a bheartú:
Mura bhfuil tú sásta leis na socruithe atá beartaithe, is féidir leat achomharc a thabhairt chuig coiste neamhspleách na n-achomharc. Roghnaítear baill an choiste seo taobh amuigh den Choimisiún agus pléitear le gach achomharc i gcomhthéacs na bprionnsabal a leag síos an Grúpa Comhairleach Saineolach ar Scrúduithe Teastais.
Tá an fhreagracht ag Coimisiún Scrúduithe Stáit na hÉireann chun stiúradh ceart na scrúduithe Stáit a chinntiú. Tá beartas sloinnte ag an gCoimisiún maidir le saincheist na córa réasúnaí de dhaltaí le riachtanais speisialta le linn aimsir na scrúduithe.
Tá an chumhacht ag do scoilse chun forálacha breise a bheartú duitse má bhíonn bunús leo.
Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire
Teil:+353 (0)90 644 2700
Facs:+353 (0)90 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.